Radius
Oct 15, 2021

Cruthú ‘Laethanta Sona’: Idir Tírdhreach Nua agus Teanga Nua

Cruthaíonn an léiriú Gaeilge de 'Happy Days' ar Inis Oírr go bhfuil tarraingteacht forleathan ag obair Beckett.

Siothrún Sardina and Anastasia Fedosova
blank
Cormac Coyne

Tháinig Laethanta Sona, aistriúchán de chuid Micheál Ó Conghaile ar an dráma Happy Days le Beckett, go hInis Oírr ar na hOileáin Árainn deireadh mí Lúnasa. Is dráma é nach bhfuil ach beirt charachtar aige – Willie agus Winnie – agus is ag Winnie a bhíonn mórchuid den chaint.

D’oibrigh Company SJ agus Amharclann na Mainistreach i dteannta le Dublin Theatre Festival agus Galway International Arts Festival chun an léiriú seo den dráma a thógáil chuig comhthéacs iomlán nua – áit ina raibh radharc ar ghorta Inis Oírr breac le clocha agus ina gcualathas glór na nGael ann. Ach fiú nach réimse é ina mbeadh obair Becektt ann go traidisiúnta, ba mhacasamhail é d’aisling agus den mhodh ealaíne an léiritheora, na n-aisteoirí, agus na ndearthóirí.

Tá seantaithí ag an léitheoir Sarah Jane Scaife obair de chuid Beckett a chur i gcomhthéacs nua agus a thaispeáint trí radhairc fuinniúla. Ba é Act Without Words II – dráma míme beag de chuid Beckett – a thosaigh a taithí leis an drámadóir, agus léirigh sé di cé chomh cumasach is atá na codanna gluaisteachta agus fisiciúla de dhrámaí. “Ní raibh focail ann, cinnte, mar sin ní bhíonn ach ach gluaisteacht. Mar sin, nochtann sé fisiciúlacht an téacs, nó nochtann sé an meon fisiciúlachta sa téacs” a dúirt sí.

ADVERTISEMENT

Is mar chuid den tionscadal sin a chas sí le Raymond Keane, an fear a bhí ag aisteoireacht mar Willie i Laethanta Sona. Cé gur thosaíodar in amharclann, roinnt bliana i ndiaidh sin chasadar le chéile arís chun an tionscadal Beckett in the City ar shur ar siúl agus drámaíocht Beckett a chur amach ar na sráideanna.

Ag labhairt faoi tionscadal seo a thóg dráma Beckett as a áit traidisiúnta, dúirt Keana go riabh an tionscadal ag plé leis “an meon ar leith a thagann le n-é a chur amach ar na sráideanna agus isteach in ailtireacht na cathrach, agus meon na heaspa dídine agus na andúile” a chuaigh i bhfeidhm ar daoine sa lá a bhí ann.

Is mar gheall ar an bplé seo le meon na daoine a dhírigh Scaife isteach ar Laethanta Sona. “Tháinig spéis mór orm faoin gceangal idir an tslí bheagnach ciúin ina raibh Willie ann agus an gá fíordhomhain a bhí ar Winnie tuiscint go raibh duine éigin ann chun bheith mar fianaise dá saol,” a léirigh sí.

Don léitheoir, b’in ceann de na tréithe is lárnaí d’obair Beckett. “Bhíodh sé ina rí nó ina duine ag maireachtáil ar an sráid, sin an t-aon rud is bunúsaí atá de dhíth ar dhaoine ná go bhfuil siad tuigthe, go bhfuil duine ann mar fhianaise dá shaol.”

Cosúil lena tionscadal eile Beckett in the City, bhí Laethanta Sona bunaithe ó thús ar idirghníomhú leis an gcomhshaoil amuigh faoin spéir. “Séard atá ann, go bunúsach, ná dul i láthair i dtimpeallacht leis an bhfuaim, leis na gluaisteachtaí, leis an gcorp,” a dúirt Scaife. “Tá gach píosa den ealaín léirithe agus curtha i gcomhrá lena chéile.”

Mar cheann de na haisteoirí, bhí ról ar leith ag Keane: gan beagnach abairt ar bith le ra aige, bhí air beocht agus mothúchán láidir a chur isteach trí ghluaiseachtaí amháin. Ach bhí a thaithí le mím agus le drámaí fisiciúla mar áis fhoirfe dó. “Má smaoiním rud éigin, mothaíonn Raymond é agus bogann sé mar sin… níl scaradh eadrainn mar sin féin,” a dúirt Scaife. “Tá sé mar bhé domsa.”

Níorbh iad na gluaiseachtaí an t-aon chuid de a bhí as an gnáth, áfach. Dráma ar leith a bhí ann freisin toisc gur i nGaeltacht Inis Oírr a raibh sé curtha ar siúl ann, agus toisc gur rinneadh trí Ghaeilge é. “Bíonn Iarthar na hÉireann mar áit samhlaíochta,” a dúirt Scaife. “Cuireann [sé] saghas réimse álainn agus lán de chultúr ar fáil dúinn.”

Gar don bhoireann, tá talamh Inis Oírr breac le clocha, agus inspreagadh eile a bhí ann dóibh. “Cheap mé i gcónaí go raibh an talamh sin [an boireann] mar tírdhreach an meoin Beckett, an talamh dealbh – ar thaobh amháin is féidir dealbh a thabhairt air – sin,” a dúirt sí.

Mhothaigh Keane mar an gcéanna, agus tháinig tuiscint ar leith air de bharr na háite agus na teanga. “Ní féidir tionchar do thimpeallachta a sheachaint,” a dúirt sé “bíonn tionchar aici ar an gcaoi a labhraím agus ar an gcaoi a iompraím mé féin go fisiciúil.” Agus cinnte sin, bhí “na bolaithe, an fuaim, uigeacht na talún, agus gairbhe na gcloch” uile mar chuid de.

Is trí aisteoireacht a dhéanamh as Gaeilge freisin a bhfuair Keane ceangail níos láidre le croí an dráma. “Agus mise [ag aisteoireacht] sa leagan aistrithe seo de Happy Days, tháinig rud éigin orm…táim fós ag iarraidh teacht air. D’athmhúscail sé rud éigin ionam tríd an bhfuaim s’aige,” a léirigh sé “Spreag [sé] freagra iomlán ar leith ionam ar bhrí an dráma.”

Ach bhí i bhfad níos mó i gceist le cur le chéile Laethanta Sona – agus leis an radharc nua air de bharr an tírdhreacha nua – ná léitheoireacht agus aisteoireacht amháin.

Labhair Sinéad Cuthbert, deathóir feisteaar Laethanta Sona, faoin tionchar a bhí ag an áit ar dhearthóireacht agus ar fhaisean an dráma. Agus an dráma á chleachta ar Inis Oírr i rith Mí an Mheithimh, rinne Cuthbert agus Bríd Ní Neachtain – ag aisteoireacht mar Winnie – araon machnamh ar an áilleacht agus ealaín an tírdreacha agus ar na “bláthanna fiána ag fás trí mhéirscrí” na gcloch.

Is rud speisialta é go raibh Scaife agus Cuthbert araon dírithe ar fhoghlaim “cé hiad na daoine” i Laethanta Sona agus “céard é a scéal.” “Bhíomar a iarraidh cuma na fírinne a chur ar [Winnie] chomh maith agus ab fhéidir, agus pearsantacht a chur uirthi,” a léirigh Cuthbert, “gan an iomarca stíliú a dhéanamh ar [dhráma] Beckett.”

Agus ise ag brath ar an meafar de “rud éigin bog” ag fás “leis na carraigeacha crua ar a chúl” agus na patrúin de chuma bláthanna a bhí coitianta i bhfaisean na 1950aidí, dhear Cuthbert feisteas chun “fíorbhean” a dhéanamh di i bhfoirm lucht mheánaicme an ama i gCnoc an Ghainimh. Mar chuid de sin, chuir sí béim ar “óige” agus ar “ghnéasacht” Winnie.

Bhí béim ar cuid mór den dearthóireacht seo ar Winnie a léiriú mar bhean tí ó ré Beckett, carachtar a smaoinítear uirthi mar dhuine le cumas láidir aici sa teacht ach gan mhórán cumas eile sa tsochaí. Chuir úsáid an datha deirge béim ar an bplé idir chuma bean tí de chuid Chnoc an Ghainimh agus thírdhreach clochach nádúrtha na nOileán Árainn. “Bhí an dath béil dearg an-tábhachtach,” dar le Cuthbert “chuir sé gliondar tobann ar a haghaidh.”

Ó na trí radharc seo ar fad – léitheoireacht, aisteoireacht, agus dearthóireacht – bhí an áit ina dtarla sé i lár tuisceana aug léirithe an dráma. Bhí tionchar lárnach agus láidir ag an nGaeilge freisin ar an aisteoireacht agus ar tuiscint an dráma – mar a dúirt Keane, bhí an teanga ann “go domhain isteach ina fhéiniúlacht shinsearach”

Anois agus Laethanta Sona le teacht go dtí amharclann Samuel Beckett i gColáiste na Tríonóide ó 14ú go dtí an 17ú lá de Mhí Dheireadh Fhómhair, beidh an léiriú athraithe go mór. Agus é tógtha amach as dúchas nádúrtha Inis Oírr beidh sé léirithe isteach i lár amharclainne. Cé go mbeidh radharc iomlán eile lucht féachana dá bharr sin, cruthóidh sé deis chun tuiscint agus smaointe nua a fháil ón gcaoi ina bhfeictear an nádúr agus an teanga Gaeilge.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.