Ba é Dé Máirt Lá na Gaeilge don bhliain 2021 – lá ina raibh dúshlán ar ghach mac léinn labhairt as Gaeilge an lá uilig. Is minic a bhíonn cumainn Ghaelacha fud fad na tíre – i measc grúpaí daltaí i mbunscoileanna agus meánscoileanna eile – páirteach leis.
Ach i mbliana, bhí níos mó i gceist le Lá na Gaeilge ná lá dírithe ar an teanga amháin. Bíonn an Ghaeilge i lár an lae i gcónaí, agus tá fiúntas mór leis sin. Bhí an bhéim sin riamh ar an lá, cinnte, ach ní shin amháin a bhí ann.
Tar éis imeachtaí an lae ó ag scríobh litreacha chuig tithe altranais i bpáirt le Cumann Naomh Uinseann de Pól na Tríonóide, cluiche sacar le hAontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide ar son carthanachta agus babhta a 3 de Dhíospóireacht Maidens, bhí oíche mhór tuillte acu siúd a ghlac páirt sa lá mór.
Den chéad uair le fada, bhí céilí mór isteach i gClub an Chonartha. Ní ceol beo a bhí ann ar an drochuair, ach dá aineoinn sin bhí beagnach chuile dhuine ann ag damhsa. Is seans bualadh le daoine nua – ó Chumainn eile nó ó Choláiste na Tríonóide féin – a bhí ann. Agus ó rince agus deochanna istigh go comhráite beomhara ar thaobh nó taobh amuigh, bhí spás ann do ghach duine dul i measc a chéile.
Ag labhairt faoin gcéilí dúirt Rebecca Coxon, reachtaire an Chumainn Gaelaigh ag an Tríonóid: “Cheap mé féin go raibh sé thar a bheith rathúil. Ba chríoch iontach é do Lá na Gaeilge s’againne agus le Gaeilge 24.”
“Bhí sé iontach daoine a fheiceáil ag baint taitneamh as céilí mar a rinne siad sna coláistí samhraidh agus iad óg nó b’fhéidir den chéad uair!”
Ag labhair le The University Times dúirt Clíodhna Nic Gafraidh, leas-reáchtaitre an Chumainn, “Chomh maith leis sin, bhí sé deas bualadh leis na Cumann eile agus aithne a chuir orthu.”
Reáchtáladh Lá na Gaeilge ar líne anuraidh agus d’éirigh go maith leis. Ach is fiú é a bheith ar ais le chéile san fhíorshaol arís. Ní shin a rá nach raibh cúram ann fós – bhí ar daoine masc a chaitheamh agus iad ag damhsa, mar shampla.
Ach deireadh an lae, is beag an praghas é sin chun bheith in ann filleadh ar an áit. Bhí cuma níos nádúrtha ar an áit, beocht nach raibh ann, seans, ó thús na paindéime. Mar a dúirt Coxon, “[bhí] atmaisféar dochreidte ann agus níl aon rud níos Gaelaí ná céilí do Lá na Gaeilge.”
Bhí an áit beo. Bhí daoine ag gáire, ag bualadh le chéíle nó ag casadh arís, ag rince agus ag luascadh agus ag insint scéalta. Bhí chuile dhuine in ann deoch a fháil lena gcairde, an Club ar fad oscailte rompu.