Radius
Sep 26, 2024

Scánnan Kneecap

Ag Cur na Gaeilge Chun Cinn i mBealach Éagsúil

Gerard LoscherLeas-Eagarthóir Gaeilge

 

Nuair a smaoiníonn tú faoi na meáin nó ábhair as Gaeilge, cad a thagann chun cuimhne? Smaoineodh beagnach gach duine ar na dánta, leabhair, nó gearrscannáin a rinne siad staidéar orthu don Ardteist nó don Teastas Sóisearach. Na príomhthéamaí ag fórmhór na bpíosaí seo ná téamaí ar nós grá, nó nádúr, agus ní minic a phléitear téamaí cosúil le drugaí, ógmheiscúilacht, nó caidreamh collaí. Bhfuel, sin go díreach na téamaí a phléitear sa scannán nua Gaelach ‘Kneecap’.

 Tá an scannán,  stiúrtha ag Rich Peppiatt, lonnaithe i mBéal Feirste, agus insítear  scéal an bhanna ceoil chonspóidigh ‘Kneecap’ agus a n-ardú chun cinn. Déannan an scannán plé ar shaincheisteanna agus topaicí tromchúiseacha cosúil leis ‘na Triobólidí’, cóilíneachas, foréigean agus teannas polaitiúil, ach pléitear iad i mbealach gairsiúil agus dána. Is poblachtánaigh bhródúla iad baill an bhanna, agus is iad frith-chóilíneachas agus frith riail na Breataine príomhthéamaí formhór na h-amhrán. Ni haingil iad baill an bhanna, ‘Móglaí Bap’, ‘Mo Chara’, agus ‘DJ Próvaí’ agus is minic a feictear iad ag baint úsáide as substaintí mídleathacha ar stáitse, agus bíonn a gcuid amhrán lán le teanga gharbh agus liricí foréigneacha, ag spioca as na Breatanaigh. 

ADVERTISEMENT

Mar a luadh cheana, is scannán Gaelach é ‘Kneecap’, ach is a mhalairt go hiomlán é ó na meáin thraidisúinta Ghaelacha. Sa scannán, úsáidtear an stíl beathaisnéise ceoil, stíl atá le braith i scannán ar nós ‘8 Mile’ nó ‘Straight Outta Compton’. Ciallaíonn sé sin  go n-úsáidtear an ceol chun iniúchadh a dhéanamh ar théamaí éirí amach agus réabhlóide.

Chun an teanga a chur chun cinn, caithfidh muid smaoineamh faoin nGaeilge mar theanga labhartha, agus ní mar ábhar scoile. Cén maitheas é teanga mura bpléitear ach gnáth-téamaí a bhfuil leagtha amach ar churaclam scoile,  gan plé a dhéanamh ar théamaí conspóideacha, topaiciúla, nó fiú dána agus mí-oiriúnacha?

Gan amhras, is bealach éagsúil agus éifeachtach é an scannán seo chun an Ghaeilge a chur chun cinn.   Is léir nach raibh aon eagla ar na scríbhneoirí an Ghaeilge a úsáid chun na topaicí agus téamaí teibí atá ann a léiriú, téamaí a phléitear as Béarla go minic i scannáin cosúil le ‘8 Mile’ nó ‘Straight Outta Compton’, mar a luadh cheanna. Léiríonn an scánnán seo an deis atá ag na meáin chun a bheith misniúl lena n-ábhair trí Ghaeilge – chun scaradh ón sean-scéal Gaelach agus breathnú ar scéalta an lae inniu, scéalta atá casta, achrannacha agus pearsanta.

Molaim an scannán seo go h-ard na spéire, ní hamháin do Ghaelgeoirí, ach d’aon duine atá suim acu i gcultúr agus stair na hÉireann, nó sa scannánaíocht go ginearálta. Bhí gach rud, ón aisteoireacht go dtí tairgeadh an scannáin ar feabhas. Tá sé lán le greann, íoróin agus dráma (agus roinnt teanga gharbh agus radharcanna mí-óiriúnacha ar ndóigh!). Ní hamháin gur líon an scannán seo mé le bród do mo theanga, ach bhí mé freisin ag briseadh mo chroí ag gáireadh.

Ceapaim gur coischéim thábhachtach í an scannán seo, i dtreo meoin dhifriúil faoin nGaeilge. Tá mé ag súil leis an todhchaí, ina mbeidh neart scannáin eile ann as Gaeilge, a gcaithfidh súil iontu ar topaicí agus téamaí reatha eile a bhfuil, coinspóideach agus i mbéal an phobail.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.