In Focus
Sep 30, 2024

Ar Aghaidh Linn faoi Lánseol

Ré Nua don Ghaeilge i Saol na Mac Léinn

Pádraig Mac BradaighOifigeach na Gaeilge

Tar éis don Tionscnamh Gaeilge rith le 90% den vóta sa reifreann a bhí ar siúl i mí Eanáir, deimhníodh ré nua do thábhacht agus do stádas na Gaeilge i saol na mac léinn i gColáiste na Tríonóide. D’fhág sé go gcuirfear tobhach mic léinn nua de €4 ar bun le haghaidh tionscadail Ghaeilge. Roinnfear an t-airgead nua seo idir na ceithre chomhlacht faoi scáth Choiste Caipitíochta an Choláiste: Aontas na Mac Léinn, Aontas Spóirt na Tríonóide, Lár-Choiste na gCumann agus Foilseacháin na Tríonóide. Cé nach mbaileofar an tobhach nua go dtí an bhliain acadúil 2025/26, tá torthaí eile an reifrinn, athruithe bunreachtúla Aontas na Mac Léinn, tar éis teacht i bhfeidhm cheana féin, agus sin an fáth a bhfuilimse anseo mar Shabóideach i mbliana.

Tar éis na hachoimre bige sin ar an gconair a thug sinn go dtí an t-am i láthair, ba mhaith liom mé féin a chur in aithne daoibh i gceart. Pádraig Mac Brádaigh an t-ainm atá orm agus is mé an chéad Oifigeach Gaeilge lánaimseartha i gColáiste na Tríonóide. Tá neart pleananna agus spriocanna agam don bhliain seo chugainn atá súil agam a éireoidh ina bhfasaigh don todhchaí. Is cinnte go mbeidh an bhliain acadúil seo ar leith ó thaobh na Gaeilge de ós tús le ré nua in Aontas na Mac Léinn í, ré ina léireofar a meas ceart ar an nGaeilge le duine fostaithe chun a chinntiú amhlaidh. Sin ráite, ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh, agus tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás rudaí le déanamh agam chun poitéinseal an róil a chomhlíonadh san aon bhliain amháin atá agam. 

Is éard atá i gceist le mo ról go bunúsach ná gluaiseacht na Gaeilge a spreagadh agus a chothú inár bpobal ollscoile. Baineann sé sin leis na Gaeil reatha, na daoine a labhraíonn an teanga go laethúil, a chumasú chun ár saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge oiread agus is féidir, agus baineann sé fosta le daoine nua a thabhairt isteach i bpobal na Gaeilge, fáilte a chur rompu agus iad a chumasú amhlaidh chomh maith. Ní beag an tasc é sin, agus beidh mé ag brath ar gach oifigeach in Aontas na Mac Léinn chun cabhrú le cur i bhfeidhm praiticiúil na spriocanna seo. Is linn go léir í, ach teastaíonn athrú mór chun í a shábháil mar theanga phobail laethúil. Anois an t-am agus is féidir linn.

ADVERTISEMENT

 

Na Cearta Teanga Atá Agat faoi Láthair

 

De bharr Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021, tá an ceart agat comhfhreagras leictreonach a dhéanamh leis an gColáiste go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Ciallaíonn sé sin gur féidir ríomhphost nó fiú DM Instagram a sheoladh chuig aon rannóg den Choláiste agus go bhfuil tú i dteideal freagra i nGaeilge a fháil ar ais. Má theipeann ar an gColáiste a dhéanamh amhlaidh, is sárú reachtaíochta atá i gceist is féidir a thuairisciú le hOifig an Choimisinéara Teanga. Táim i mbun iniúchta ar an gColáiste faoi láthair i dtaobh na reachtaíochta seo agus ag breathnú ar réimse leathan rudaí mar chuid de, lena n-áirítear comharthaíocht, taifeadtaí béil, stáiseanóireacht agus, ar ndóigh, an comhfhreagras leictreonach trí Ghaeilge. Sin ráite, is oth liom aird a tharraingt ar an bhfírinne shearbh is dócha atá ar eolas agat féin má tá tú á léamh seo: ní mór dúinn an fód a sheasamh chun na cearta seo a chosaint, gan trácht ar iad a fhorbairt. Fágann sé sin go gcaithfimid gníomhú má tá rud éigin cearr. Má fheiceann tú comhartha ar bith ar an gcampas nach bhfuil an Ghaeilge i gceart nó nach bhfuil sí ar cóimhéid leis an mBéarla air, seol ríomhphost chugam ag [email protected], le do thoil.

Maidir leis an Aontas féin, tá an ceart agat do chuid gnó ar fad a dhéanamh trí mheán na Gaeilge mar a chéile leis an gColáiste de bharr thorthaí an reifrinn.

 

Na Cearta Ba Chóir a Bheith Againn

 

Anois, labhraímis faoina bhfuil uainn. Níor cruthaíodh an ról seo toisc go bhfuil gach rud go breá agus tá neart smaointe agam maidir le rudaí a thig linn a fháil i nGaeilge nach bhfuil ar fáil dúinn faoi láthair. I ndáiríre, is iad na rudaí beaga a dhéanann difear suntasach sa saol laethúil. Cuir i gcás My.TCD, Blackboard agus an tairseach iostais. Insíonn sé a lán nach bhfuil siad ar fáil i nGaeilge agus táim ag déanamh mo sheacht ndícheall go mbeidh siad ar fáil trí Ghaeilge faoi dheireadh na bliana acadúla seo. Is é an mana atá agam ná nach bhfuil sé maith go leor muna bhfuil sé ar fáil i nGaeilge. Más teanga í, caithfidh sí a bheith i ngach áit a bhfuil an Béarla; sin nó níl inti ach maisiúchán má táimid ionraic linn féin.

Cad faoi na rudaí nach beag, áfach? Cad faoin oideachas féin? Is ceist níos casta í sin gan dabht, ach dúirt mé i rith m’fheachtais gurb é an t-oideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge, an Ghael-Ollscolaíocht más maith leat, an sprioc is mó is tábhachtaí is féidir a bheith againn i comhthéacs ollscoile. Baineann sé seo le riarachán an Choláiste ar nós aon rud eile, ach is mó ná Coláiste na Tríonóide an cheist seo í. Baineann sí leis an Údarás um Ardoideachas agus le maoiniú ón rialtas. Bím á phlé seo le mo mhacasamhalacha in ollscoileanna eile ar fud na tíre agus tá súil againn go mbeimid tar éis rud éigin nithiúil a bhaint amach faoi dheireadh na bliana. Is é múnla Coleg Cymraeg Cenedlaethol na Breataine Bige an múnla a bhfuilimid á leanúint den chuid is mó ós rud é go bhfuil an-chuid bainte amach acu i dtaobh cúrsaí tríú leibhéal a theagasc trí theanga mhionlaithe. Faoi láthair, is í an Ghaeilge an t-aon chúrsa amháin is féidir a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Níl sé sin inbhuanaithe do thodhchaí na teanga ar chor ar bith agus caithfimid é sin a athrú tríd an éileamh a thaispeáint do lucht riarachán na hollscoile. Ag tagairt don phointe a rinne mé thuas, is muidne tús an athraithe seo.

Sílim gur fiú dúinn amharc siar ar a bhfuil bainte amach againn go dtí seo: Seomra na Gaeilge, lánstádas comhionann don Ghaeilge sna comhlachtaí caipitithe agus Oifigeach Gaeilge lánaimseartha san Aontas. Níor tharla aon cheann de na rudaí sin gan gluaiseacht a bheith againn. Caithfimid a bheith eagraithe má táimid chun rud ar bith a bhaint amach agus táimse ag iarraidh Coistí Gaeilge an Aontais (déan iarratas air san fhómhar) agus an Choláiste a úsáid chun dul i mbun gnímh ar son na cúise. Más féidir liom pointe ar bith a dhéanamh i mbliana, is é sin nach bhfuil cúis ar bith le gluaiseacht na Gaeilge muna bhfuilimid gníomhach agus muna mbímid i gcónaí ag déanamh ár seacht ndícheall chun aidhmeanna nithiúla a bhaint amach. Chuige sin ar fad, beidh a lán deiseanna chun páirt a ghlacadh ann sin sa bhliain amach romhainn

 

Deiseanna Rannpháirtíochta

 

Beidh níos mó deiseanna san Aontas Gaeilge a labhairt, a léamh agus a scríobh i mbliana. Baineann an teanga le gach gné den saol agus ní chuirfear in aon bhosca amháin í a thuilleadh. Beidh imeachtaí Siamsa a reáchtálfar trí Ghaeilge agus le cúnamh Dé, Oifigeach Gaeilge eile ar an gCoiste Siamsa chomh maith. Beidh mé féin ag fógairt gach deis Gaeilge a labhairt sa Choláiste ar na meáin shóisialta agus ag spreagadh úsáid na teanga sa Chomhairle fosta. Is féidir Oifigeach Gaeilge an Aontais a leanúint ar Instagram ag @gaeilge.amlct. Tá an Fhoireann Shabóideach ag iarraidh labhairt na Gaeilge a normalú i ngach gné den Aontas agus cuirimid fáilte is fiche roimpi i ngach aon chomhthéacs. Ní bhíonn sé riamh drochbhéasach nó míchuí ár dteanga bhundúchasach a labhairt in Éirinn agus tá súil againn go mothóidh na mic léinn níos compordaí ag déanamh amhlaidh agus na tacaíochtaí nua seo ag teacht i bhfeidhm den chéad uair. Anuas air sin ar fad, mholfainn go mór freastal ar imeachtaí an Chumainn Ghaelaigh agus na Scéime Cónaithe chun an chraic a bheith agat agus cairde a dhéanamh go neamhfhoirmiúil trí Ghaeilge i dtimpeallacht fháilteach. Cuireann siad fáilte roimh gach leibhéal Gaeilge. Muna bhfuil Gaeilge ar bith nó nach bhfuil mórán agat, bí ag faire amach do dheiseanna nua foghlama! Mar mhac léinn idirnáisiúnta mé féin, táim tiomanta daoine nua a tharraingt isteach i bpobal na Gaeilge agus gach a bhfuil aige a roinnt. Is linn go léir í an Ghaeilge agus tá súil agam go bhfuil tú ag tnúth leis an mbliain amach romhainn oiread agus atáimse!

Foclóir beag do léitheoirí

Tionscnamh Gaeilge: Gaeilge Initiative

Tobhach: levy

Bunreachtúil: Constitutional

Sabóideach: Sabbat

Achoimre: summary

Fasach: precedent

Ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh: actions speak louder than words

Lena n-áirítear: including

Iniúchadh: audit

Iostas: accommodation

Údarás um Ardoideachas: Higher Education Authority

Macasamhail: counterpart

Inbhuanaithe: sustainable

Comhlachtaí caipitithe: Capitated Bodies

Déanamh amhlaidh: doing so

Tiomanta: driven 

Oiread agus atáimse: as much as I am

 

 

 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.