Comment & Analysis
Oct 29, 2024

Tionchar na hImirce ar Theanga agus Cultúr na hÉireann

Pléann Emily Nic Giolla Íosa ceist na himirce maidir le hÉirinn sa lá atá inniu ann.

Emily Nic Giolla ÍosaAoiscríobhneoir
blank

Imirce – níl rud níos Éireannaí ann! B’fhéidir gur toisc go maireann muid ar oileán nó de réir cúise stairiúila, pé scéal é, táimid an-tógtha le bogadh thar lear. Sa bhliain 2023 amháin, bhí thart fá 64,000 daoine a rinne eisimirce ó  hÉirinn. Cloisimid fúithi go minic chomh maith; is beag lá nach bhfoghlaimímid faoi na sluaite atá ag fágáil ár n-oileáin ghlaas, ag fágáil Éireann. Is cinnte nár choincheap nua dúinn é an eisimirce ach an oiread. Ó bhlianta an Ghorta Mhóir, bhí daoine ag taistil thar lear sa tóir ar shaol nua. Is beag go bhfuil sé anois dhá chéad bliain ina dhiaidh agus tá cuid mhór den daonra fós ag féachaint thar lear do dheiseanna nua. Is léir nach bhfuil an uimhir seo ag laghdú agus más rud ar bith, tá sé ag méadú. Ó bhliain go bliain, tá níos mó daoine ag iarraidh bogadhthar sáile sa lá atá inniu ann. Is dócha go dtarraingíonn sé ceist thábhachtach anuas: Cén saghas tionchar a bhfuil ag an eisimirce ar neart na Gaeilge agus an cultúr Gaelach in Éirinn agus cén éifeacht a mbeidh aici ar stádas na Gaeilge agus ar ár gcultúr thar farraige?

 

Ní féidir a shéanadh go bhfuil nósanna agus traidisiúin láidre ag seandaoine agus ag daoine óga na hÉireann araon. Má tá sé bainte le hamhránaíocht an tsean-nóis, ár spórt bríomhar uathúil nó tagairt ghreannmhar do ghearrscannán ‘Cáca Milis’, tá cultúr thar a bheith saibhir againn, in ainneoin ár ndaonra bídeach. Le sin ráite, tá ár gcultúr spleách ar ár ndaoine agus nuair a fhágann ár ndaoine, d’fhéadfadh le meath a theacht ar neart ár gcultúr. Ó thaobh imirce de, is féidir a rá gurb é formhór na ndaoine a thréigeann a seanbhaile ná daoine óga. Ní iontach an rud é sin d’oidhreacht na hÉireann toisc  go bhfuil sé deacair cultúr agus teanga a chaomhnú nuair atá na daoine óga ag fágáil. Tá sé seo go háirithe fíor i gcomhair áiteanna iarghúlta, cuirim i gcás, na Gaeltachtaí. Chomh maith le sin, is féidir a áiteamh gur freagracht na hóige é chun cultúr na tíre a choimeád beo. Nuair a fhágann daoine óga an pobal, fágann beatha na muintire leo. Ó thaobh na teanga de, tá cuid mhór de na daoine seo ag bogadh go tíortha a labhraíonn Béarla mar phríomhtheanga agus, mar sin, teipeann siad go minic a chuid leanaí a thógáil trí mheán na Gaeilge. Níl sé sin ach slí amháin a chailltearár gcultúr thar lear.

ADVERTISEMENT

 

Ach tá dhá insint ar ghach aon scéal. Ní mór scaipeadh an chultúr Ghaelach a lua mar bhuntáiste d’eisimirce ar son chultúr agus ar shon teanga na hÉireann. Níl aon rud chomh cinnte ná go dtógann an t-Éireannach a chultúr leis thar lear. Smaoinigh air. Tá tithe tábhairne  Éireannacha le fáil i mbeagnach gach cathair shuntasach a rachfá ann, áiteanna nach raibh aon duine ag súil leis – Tokyo san áireamh. Tá ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig, fiú i Meiriceá nó san Astráil, beagnach chomh tábhachtach leis an gceiliúradh sa bhaile. Is amhlaidh gur cuid lárnach d’eisimirce na hÉireann ná an amhránaíocht, an damhsa, agus na scéalta á n-iompar leo, rud a choinníonn an cultúr beo. Ní haon ionadh go mbíonn grá ag daoine thar lear don chultúr Gaelach toisc go dtógann Éireannaigh é leo chuig gach cúinne den domhan.

 

Ag an am céanna, tá feabhas ag teacht ar chaomhnú na Gaeilge thar lear. Le forbairtí teicneolaíochta cosúil le ranganna ar líne, podchraoltaí Gaeilge, agus an pobal domhanda ar na meáin shóisialta, tá daoine ar fud na cruinne ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim. Fiú más rud é narbh iad an chéad ghlúin a rinne imirce ó  hÉirinn a choinnigh an teanga beo, tá glúin nua Éireannach ann anois a bhfuil dúil acu i bhfoghlaim na Gaeilge, is cuma cá bhfuil siad lonnaithe.

 

Cé go mbíonn tionchar diúltach ag eisimirce ar an nGaeilge agus ar chultúr na hÉireann, go háirithe maidir le líon na ndaoine óga a fhágann an tír, tá buntáistí ag baint léi freisin. Tá na hÉireannaigh thar lear fós bródúil as a n-oidhreacht, agus tugann siad a gcultúr leo gach áit a dtéann siad. Ciallaíonn sé seo go bhfuil na traidisiúin Éireannacha, cosúil le ceol, damhsa, agus fiú an teanga í féin, á scaipeadh go domhanda. B’fhéidir go bhfuil cuid dár gcultúr ag lagú sa bhaile, ach tá sé á athbheochán i mbealaí nua. Leis an méadú ar úsáideoirí teanga agus caomhnóirí cultúir ag glacadh páirte thar lear, tá dóchas ann go leanfaidh an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach ar aghaidh ag dul i neart, i nGaillimh agus i Nua Eabhrac araon!

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.