James Wilson
Ba mhinic go raibh sé ráite sna nuachtáin tar éis toghchán uachtaránacha na Stáit Aontaithe go bhfuil an Páirtí Poblachtach críochnaithe. Ó chósta go cósta, bhuel, ar na dhá chósta agus i Siceágó, thosaigh iriseoirí librálacha ag scríobh scéalta báis. Dar leo, bhuaigh Obama mar gheall ar an athrú déimeagrafaice atá ag teacht ar na Stáit Aontaithe. Chonaiceamar “Obama’s rainbow nation signals new America,” ó The Guardian agus “Can the Republicans adapt?” ó The New York Times – “no,” a bhí mar an tátal bogásach ón údar. Gan dabht, bhíodar an-shásta ar fad leis an athrú.
Tá na Poblachtaigh ag smaoineamh ar an athrú freisin, ach ár ndóigh, níl said chomh sonasach. D’inis an láithreoir teilifíse coimeádeach Bill O’Reilly do Fox News gur chaill an tUasal Romney an toghchán toisc go raibh “déimeagrafaíocht [na tíre] ag athrú.” Níl sé ina aonar. Dúirt scríobhneoir agus craoltóir coimeádach Ann Coulter go raibh sí “domhneanmnach” chomh maith, agus dar léi, “tá níos mó takers ná makers againn. Níl aon dóchas ann.” B’fhéidir go bfhuilim mícheart, ach ceapaim go raibh sí ag plé faoin ábhar chine.
Tá déimeagrafaíocht Mheirceá ag athrú, gan amhras ar bith. Tagann 25% de na leanaí cláraithe i mbuscoileanna poiblí sna Stáit Aontaithe ón bpobal Latino. Anuraidh, don chéad uair i stair na tíre, rugadh níos mó leanaí ó mhuintreacha mionlacha ná leanaí geala. Ceapann na staitisteoirí go mbeidh na daoine geala ina mionlach sa tír timpeall na bliana 2033.
Is fadhb ollmhór í seo don pháirtí; cé gur bhuaigh Bush Óg 44% den vóta Latino i 2004, ní fhuair an tSeanadóir McCain ach 31% den vóta Latino i 2008, agus chuaigh rudaí in olcas i mbliana nuair a fuair Romney 27% den vóta. Ach ag an am céanna, chaith 60% de na daoine geala sa tír a gcuid vótaí ar son an iarrathóra Poblachtach. An pointe céatadáin is mó a chaith a gcuid vótaí ar son iarrathóra an pháirtí ó 1988, an toghchán nuair a thoghadh an chéad Uachtarán Bush le 53% den vóta go náisiúnta.
So, an bhfuil an chúis choimeádach chaillte? Ag fail báis go fadálach? Bhuel, go ceann tamaill ghairid, tá dóchas ann don pháirtí fós: cé nach mbeidh Romney agus a bhean chéile, Ann, ag bogadh go Washington san athbhliain, ní raibh ach 3% den vóta iomlán idir na dhá iarrathóir. Tá seans maith go mbeidh an t-iarrathóir Poblactach i 2016 in ann dhifríocht sin a ghearrú go héasca.
I 2016, ní bheidh an tUachtarán Obama ina iarrathóir Daonlathach, b’fhéidir go mbeidh Hillary Clinton ainmnithe, ach tá seans láidir go mbeidh an t-iarrathóir ina sheanfhear geal, heitrighnéasach arís. An mbeidh daoine óga, gormacha nó latino chomh díograiseach is a bhíodar i 2008 agus 12 chun a gcuid vóta a chaitheamh ar son iarrathóra cosúil le seo? Ní bheidh.
Ina theannta sin, is dócha go mbeidh fás geilleagrach lág i Meiriceá agus ráta dífhostaíochta ard go fóill. Chomh maith leis sin, tá easnamh ar an mbuiséad reatha ag an Rialtas Feidearálach agus tosnóidh an tUachtarán ag gearrú ceachtais rialtais go luath. Mar gheall air seo, tosnóidh Gluaiseacht an Cheardchumannachais ag freasúrach chláir an rialtais agus beidh easaontas ar an gclé. Beidh seans réasúnta ag aon iarrathóir Poblachtach i gcoinníollacha fabhracha cosúil leis sin.
Ach san fhadtréimhise? Sin scéal eile. Tá an chuid is mó de na daoine sa pháirtí go hiomlán i gcoinne leasú imirce, agus gan tacaíocht don leasú seo, beidh sé an-deacair vótaí ón bpobal Latino a fháil. Mar a dúirt an tSeanadóir Marco Rubio, an t-aon Seanadóir Latino Poblachtach amháin i Seanad na Stáit Aontaithe ón tréimhse 2011-13, “[ní vótálfaidh daoine dúinn] má cheapann said gur mhaith leat a sheanmháthair a dhíbirt ón tír.”
Tá na Stáit Aontaithe ag athrú agus má tá an páirtí ag iarraidh teacht slán ón tréimhse ilcúltúrtha nua seo, is gá dó dul i dtaithí ar na cúinsí. Ach ní cheidreann an páirtí in éabhlóid agus níl an meon ná an toil ag an bpáirtí chun athrú leis an tír ag an am seo. Ach tar éis tréimhse fhada, phianmhar, eile i bhfreasúra, b’fhéidir go dtósnóidh said ag éabhlóidáil. Sin, nó beidh deireadh leis an bPáirtí.