News
Oct 6, 2015

Éilimh Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta don Olltoghchán Seolta

Foilsíodh inniu cáipéis chuimsitheach Chonradh na Gaeilge, ag cur síos go sainiúil ar an gcás le haghaidh maoinithe bhreise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Colm Ó NéillEagarthóir na Gaeilge
blank
Cáipéis fhorleathan Chonradh na Gaeilge le moltaí i leith mhaoiniú na Gaeilge.
Conor McCabe

Cuireadh tús oifigiúl le éilimh na ngrúpaí Gaelacha roimh an olltoghchán i dTeach an Ard Mhéara, Baile Átha Cliath, inniu. Bhailigh Conradh na Gaeilge polaiteoirí le chéile le gealltanais a thabhairt maidir leis na polasaithe Gaeilge a bheidh á gcur chun cinn acu má thagann siad i gcumhacht i ndiaidh na holltoghchána. Bhí ionadaithe ann ón liosta de bhreis is 70 eagraíocht agus comhlacht atá ag tacú leis na héilimh uile-oileánda.

D’impigh Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, agus iar-Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI), ar pholaiteoirí na tíre “cothrom na féinne a thabhairt don Ghaeilge” agus na héilimh atá foilsithe a chur i bpé Clár Rialtais a bheidh ann don olltoghchán. Tá 18 milliún euro de mhaoinithe bhreise á lorg ag Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeilge, 5 mhilliún euro níos lú ná mar a cuireadh ar fáil dóibh in 2008. Deir de Spáinn go gcuirfidh an t-airgead seo breis agus 1,160 post nua ar fáil de thoradh ar infheistiú i dtionscadail nua. Is iad an dá éileamh ba mhó atá á lorg ag de Spáinn agus an 70 eagraíocht atá taobh thiar dó ná: Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, le Gaeilge, agus Comhchoiste Oireachtas seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar chomhchéim leis na Comhchoistí Oireachtais eile.

Tá cur síos sainiúil déanta ag Conradh na Gaeilge ina gcáipéis ar an gcaiteachas atá ag teastáil uathu, an tionchar a bheidh an infheistiú seo, agus na cúiseanna gur ceart an infheistiú seo a dhéanamh. Dar le suirbhé Milward Brown i mí Eanair 2015, chreid 61 faoin gcéad den phobal ó dheas agus 48% den phobal ó thuaidh gur ceart don Stáit breis airgid a chur ar fáil don Ghaeilge. Nuair a thógtar faoi ndeara go dtacaíonn 93% den daonra ó dheas le hathbheochan nó caomhnú na Gaeilge (ERSI & OÉ Má Nuad 2009), is léir go bhfuil móramh polaitíochta ann atá ag lorg mhaoinithe bhreise don teanga agus gur ceart do pholaiteoirí na tíre éisteacht leo.

ADVERTISEMENT

Bhí bualadh bos láidir ann do cheannaire Fhianna Fáil, Mícheál Martin, i ndiaidh dó a rá go dtacaíonn sé féin agus Fianna Fáil leis na héilimh a bhí á gcur chun cinn. Dúirt sé go raibh sé “sásta na héilimh a chur i bhfeidhm” dá dtagfadh sé i gcumhacht. Ní raibh ionadaí Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, in ann réamhghealúint a thabhairt go gcuirfidh a pháirtí na héilimh i bhfeidhm, ach dúirt sé go bhfuil na moltaí “ag teacht le moltaí Shinn Féin” maidir leis an teanga. Cé nach bhfuil cumhacht aige thar chúrsaí airgeadais an pháirtí, dúirt sé go raibh sé mar “cara sa chúirt” ag an lucht Gaelach agus é ag labhairt le Pearse Doherty, Úrlábhraí Airgeadais an pháirtí. Dúirt ionadaí Fhine Gael, Seán Kyne TD, go gcuirfidh sé na moltaí ar aghaidh go dtí a cheannaire Enda Kenny, chomh maith leis an Aire Gaeltachta Joe McHugh. Bhí moladh chomh maith ag ionadaí na nDaonlathaithe Sóisialta Niall Ó Tuathail, ionadaí an Chomhaontais Ghlas Cormac Mannion, agus ionadaí Pháirtí an Lucht Oibre Robert Dowds do na tograí, agus dúradar uilig go dtógfaí arais chun a bpairtithe féin iad.

Arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn leis The University Times go bhfuil neart ann sna moltaí a chabhróidh le Gaeilgeoirí in ollscoileanna na hÉireann, agus go ceart go mbeidh cúrsaí Gael-oideachais ar an tríú-leibhéal mar chuspóir lárnach don Aire nua Sinsearach. Dúirt sé go bhfuil deireadh le híomhá na Gaeilge mar ghné shean-fhaiseanta den fheiniúlacht “ach go háirithe sna coláistí tríú-leibhéal”.

Ag labhairt leis The University Times, dúirt Leas-Uachtarán na Gaeilge in Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI), Aedraen Ó Dubhghaill, go raibh sé “thar am go n-éisteofaí le vótaí na nGaeilgeoirí” agus go mbeidh an USI “ag troid go láidir ar son na cáipéise seo”. Dúirt Ó Dubhghaill go raibh “ról lárnach ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn” i gcur le chéile na cáipéise. Tá léirsiú á eagrú aige amárach ag a 1 i.n. os comhair na Dála leis na moltaí a seoladh inniu a bhrú ar lucht an Oireachtais, agus dúirt sé go bhfuil sé de cheart ag mic léinn seasamh suas agus impí ar na polaiteoirí troid a dhéanamh ar a son.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.