Shuigh 19,460 dalta Scrúdú Ard-leibhéal na hArdteistiméireachta sa Ghaeilge i mbliana. Níor theip ach ar 0.6 faoin gcéad acu. Más fíor go bhfuil Coláiste na Tríonóide ar an ollscoil is acadúla sa tír, ba dheacair a chreidiúnt go bhfuil mórán d’ainniseoirí an 0.6 faoin gcéad sin anseo inár measc, ach go bhfuil sé níos dóchúla go bhfuil slua den 90 faoin gcéad ar éirigh leo grád onórach a ghnothú anseo linn ar sa choláiste. Shílfeá i gcás ábhar teanga, muna bhfuil teipthe ort sa scrúdú, go bhfuil sé intuigthe go bhfuil líofacht agat sa teanga sin. Is oiriúnaí é seo i gcás na Gaeilge, áit ina bhfuil 40 faoin gcéad de mharcanna na hArdteiste bunaithe ar an scrúdú béil. Árdaíonn sé seo an cheist mar sin- cá bhfuil na Gaeilgeoirí?
Taobh amuigh den ghrúpa lárnach de fhíor-Ghaeilgeoirí sa choláiste is tearc Gaeilge a chloisfeá in úsáid mar theanga cumarsáide.
Taobh amuigh den ghrúpa lárnach de fhíor-Ghaeilgeoirí sa choláiste is tearc Gaeilge a chloisfeá in úsáid mar theanga cumarsáide. Im’ ról mar Eagrathóir na Gaeilge i mbliana is mian liom go mbeidh an Ghaeilge tábhachtach, reatha, agus insroichte arís do mhuintir na hollscoile. Tá an Ghaeilge ann, tá sí go smior sna mic léinn. Ní féidir go bhfuil sí dearmadta sa bhliain nó dhó atá caite acu i ndiaidh na meánscoile. Is é an dúshlán atá romhainn ná an teanga a bhaint ón seomra ranga is í a chur ag obair ina fíor-fheidhm: mar chumarsáid idir daoine.
Go minic, an Ghaeilge atá feicthe nó cloiste ag daltaí ar scoil níl sí bainteach leis an saol a chaitheann cuid mhór acu, agus is é seo an chéad ghearán a bhíonn ag seanóirí maidir lenár dteanga ársa úd. Dá gcreidfeá an méid a chloisfeá, shílfeá gurb í Peig Sayers í féin a chúisigh meath na teanga, ach tá fírinne faoi leith ann. Muna léifeadh gnáth-dhalta leabhar as Béarla cad ina thaobh go léifeadh sé nó sí an leabhar as Gaeilge? Is gá go mbeadh an teanga nádúrtha don léitheoir is don éisteoir, nach dtógann sé nó sí faoi ndeara beagnach an teanga lena bhfuil siad ag plé.
Tá athrú meoin ag teastáil i measc na nGaeilgeoirí iad féin chomh maith, go háirithe iad siúd ó cheantair láidre Ghaelainne, le daoine a mhealladh i dtreo na teanga arís. Goileann sé orm go minic an dearcadh mórchúiseach a bhíonn ag grúpa de lucht na Gaeltachta i dtreo na nGaeilgeoirí nua uirbeacha, atá ag tiomáint réabhlóid na teanga go tréan iad féin. I bpobal na Gaeilge anseo i gColáiste na Trionóide tá gluaiseacht de dhaoine atá paiseanta, diongbháilte agus tograch, dírithe go daingean ar fhorbairt na teanga. An obair atá ar siúl, níl a sárú ar fáil. Cinnte, níl an Ghaeilge i gcónaí ar chaighdeán Pheig, agus cinnte, níl íon-chanúint Chorca Dhuibhne ar gach béal. Is gá dúinn na gníomhairí seo ar fad a fhailtiú sa streachailt le lasar na teanga a choinneáil beo. Tá líon na nGaelscoileanna ag fás go rialta, agus is mó scoileanna lán Ghaelainne atá lasmuigh den Ghaeltacht ná mar atá laistigh. Tá géar ghá leis na scoláirí seo ar fad a chruinniú le chéile, le go gcloisfear ar shráideanna na tíre teanga bhinn na Gaeilge, is cuma más blas Bhaile na Muna nó Bhaile an Fheirtéirigh atá ar an gcaint.
Tá deis iontach romhainn anseo. I ndaonra na hollscoile tá daltaí againn atá eirimiúil, smaointeach, a thuigeann ról na teanga inár gcultúr is inár n-oidhreacht. Is dearcadh dearfach atá acu i dtreo na teanga, agus tá Gaeilge ar a dtoil acu. I rith Sheachtain na Gaeilge chuile bhliain bíonn gach éinne ag smaoineamh ar an nGaeilge, ach nach féidir go mbeadh sé i gcónaí ar ár n-intinní? Seachas ‘hello’ a rá dearfaimis ‘dia duit’. Seachas patuaire roghnaímis gníomhú. Agus seachas ligint dár gcumas teanga dul i léig, beartaímís í a neartú, a fhorbairt, agus a fhágáil níos sláintiúla ná riamh don chéad ghluain eile mac léinn inár ndiaidh.