Mar mhac léinn nó mar acadóir, is éasca smaoineamh go ciniciúil ar “straitéis tráchtálaíochta” Choláiste na Tríonóide. In ollscoileanna, ina bhfuil an tóir ar eolas – agus go minic ar mhaithe leis féin – mar cheann de na spriocanna deiridh, dealraíonn gníomhaíochtaí a thuilleann airgead agus a chuireann béim ar bhrabús mar mhallacht.
Nuair atá coimhlint idir gníomhaíochtaí tráchtálaíochta an Choláiste agus leasa an mhic léinn nó leasa acadúla, tá fadhb ann ar ndóigh. Agus is minic gurb é The University Times an chéad guth a thaispeánann é nuair a fhaigheann “beartú tosaíochta cultúir tráchtálaíochta, fiontair agus brabúis” an lámh in uachtar ar riachtanais níos bunúsaí na hollscoile, spásanna mac léinn mar shampla. Is sampla amháin de sin atá in athchóiriú na Bialainne Hamilton go brainse Bhainc na hÉireann agus “gorlann ghnó”.
Áfach, ligeann an ghéarchéim maoinithe san ardoideachas, rud a luann an Bord Eagarthóireachta gach dara seachtain, de réir dealraimh, ollscoileanna, Coláiste na Tríonóide ina measc, gan caitheamh is fáil acu má déanann siad iarracht dá laghad ionaid tábhachta oideachasúla domhanda a dhéanamh díobh féin. Tá sampla de sin san éileamh go gcuirfeadh scoileanna a gcuid seomraí ar fáil le linn an tsamhraidh d’áirithe tráchtála. Taobh amuigh d’am téarma, is dosaenacha seomraí dea-threalmhaithe a ligtear as úsáid. Tuilltear airgead nuair a ligtear iad ar cíos, a théann go díreach isteach lárchiste Choláiste na Tríonóide, áit ina úsáidfear é chun bunchuspóir na hollscoile a chomhlíonadh: múinteoireacht agus taighde.
Ar an gcuma chéanna, ba cheart go mbeadh fáilte curtha ag mac léinn roimh athchóiriú Tí an Rialóra, ionas go n-úsáidfí é mar ionad cuairteoirí le linn an tsamhraidh. Dúirt Stiúrthóir Tráchtála Choláiste na Tríonóide le The University Times “nár féidir leis an straitéis tráchtálaíochta cur isteach ar chor ar bith ar riachtanais an mhic léinn nó riachtanais acadúla agus cistí suntasacha a thuilleadh” le húsáid an Choláiste.
I gcomparáid le hollscoileanna Mheiriceánacha, Harvard mar shampla, a bhfuil urraim mhór dóibh, is thar a bheith uasal iad na gníomhaíochtaí sin. Ar taobh eile an Aigéin Atlantaigh, is ar an oideachas féin a chuirtear luach airgid, trí táillí an mhic léinn go hard na sracaireachta. Cé gurdea an rud é an rud a sheachaint ina iomlán, caomhnaíonn dul chun cinn sa thráchtálaíocht Choláiste na Tríonóide ionracas agus inrochtaineacht a bhunchuspóra acadúla, agus é ag tuilleadh an airgid atá ag teastáil go mór ón ollscoil.