Is mór an t-áthas a chuirfear ar gach duine a bhfuil suim acu i dtodhchaí an ardoideachais agus a bhfuil díomá orthu faoina iarrachtaí cur ina luí ar an rialtas agus ar an bpobal go bhfuil riachtanas práinneach airgid bhreise i gcóras ardoideachais na hÉireann de bharr na nuachta go bhfuil na cúig cheardchumainn is mó san oideachas tar éis comhghuaillíochta a chruthú chun brústocaireacht a dhéanamh ar son infheistíochta stáit sásúla san earnáil sin.
Agus é beartaithe acu troid ar son “múnla maoinithe phoiblí dáiríre,” ranníocaíochta níos mó ó fhostaitheoirí, agus i gcoinne cur i bhfeidhm iasachtaí mac léinn, ionadaíonn USI, IFUT, TUI, SIPTU agus IMPACT ina n-iomlán níos mó ná 600,000 mic léinn agus foirne in institiúidí tríú leibhéil na hÉireann – uimhir gur féidir léi an ghéarchéim mhaoinithe, fadhb nach aithníodh mórán sa tsochaí le fada, a chur go mór i mbéal an phobail, dá n-úsáidfí é i gceart. Tá saghsanna ilíocha baill ag an gcomhghuaillíocht seo, rud a bheidh in ann feachtais láidre agus áititheacha a dhéanamh. Mar shampla, tairgeann na ceardchumainn sin féidearthachtaí stailceanna a dhéanamh, rud nach féidir le mic léinn a dhéanamh sa bhealach chéanna. Ina theannta sin, is dócha go mbeidh rian níos mó práinne agus tromchúise nach músclaíonn feachtais mac léinn i gcoitinne ag baint leis an gcomhghuaillíocht sin.
Go dtí seo, áfach, níl a fhios againn fós conas a chuirfear i bhfeidhm na feachtais seo. B’fhéidir nár leor comhoibriú na n-aontas sin athrú sunatasach a chothú. Is le blianta anuas atá siad go léir ag éileamh maoinithe stáit níos mó don earnáil seo, agus chomhoibrigh siad in eagrú stailceanna, toghcháin agus éileamh chun foilsiú na tuairisce Cassells. Leoga, bhí comhráiteas déanta ag TUI, USI agus IFUT faoin ábhar sin sa bhliain 2008, ag béimniú go raibh an earnáil “an-tearcmhaoinithe” agus ag cáineadh méid na táille clárúcháin, a bhí tar éis ardú go 1500. Ní neart go cur le chéile, gan amhras ar bith, ach is beag an folúntas a léirigh mic leinn maidir le rannpháitíocht i bhfeachtais faoi mhaoiniú ardoideachais agus níor éirigh le USI an chuid is mó a slógadh.
Téann cruthú na comhghuaillíochta sin i ngleic le cuid de na cáintí den bhealach ina eagraíodh feachtais ar son maoinithe stáit in ardoideachas na hÉireann. Áfach, ba cheart go mbeadh níos mó san fhorbairt sin ná tacaíocht cheachtartha idir aontais dá bhfeachtas, rud a bhí ann i gcónaí, chun a dteachtaireacht a sheoladh go héifeachtach chuig rialtas, mic léinn agus pobal fuarchúiseach.