Cuireann fógairt cláir scoláireachta nua in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (NUIG) solas ar an easpa gnímh atá déánta ag Coláiste na Tríonóide maidir le cuimsiú lucht iarrtha tearmainn agus teifeach.
Bhí an t-ábhar sin á iniúchadh anuraidh nuair a fuair Anna Kern, Úcránach a d’iarr tearmann a bhí ag maireachtáil faoi sholáthar díreach ar feadh dhá bhliain, 575 pointe san Ardteistiméireacht, cé nach mbeadh sí in ann freastal ar ollscoil ar bith de bharr na dtáillí airde atá le híocadh ag daoine nach bhfuil saoránacht Eorpach acu. Tá na táillí chéánna i bhfeidhm ar dhaoine a iarrann tearmann atá ina gcónaí in Éirinn le haghaidh tréimhse níos lú ná cúig bhliain. Sa chás seo, agus is dócha go n-éireoidh sé coitianta, rinne an tAire Oideachais, Jan O’Sullivan, crioscaíl agus lig sí do Kern freastal ar ollscoil agus í ag íocadh táillí do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh.
Cé go bhfuil sí de dhualgas ar an rialtas riar a cháis a sholáthar dona daoine sin, tá freagracht comh maith ar ollscoileanna agus institiúidí aire a thabhairt don ghrúpa sin a fhaillítear. Bhunaigh Fondúireacht na Tríonóide Ciste Daonnúil na Tríonóide agus í ag comhoibriú le Clár Rochtana Choláiste na Tríonóide chun airgead a bhailiú chun an deis a thabhairt do lucht iarrtha tearmainn freastal ar an gColáiste. Thairis, níl rud struchtúrtha ar bith déanta ag an gColáiste chun riar a cháis a sholáthar do theifigh a bhfuil ag iarraidh staidéar a dhéanamh anseo.
Is mór an bród atá agColáiste na Tríonóide maidir lena stádas mar cheannaire maidir le rochtain oideachais, ach tá NUIG ag dul thairis maidir le dul i ngleic leis na fadhbanna atá ag lucht iarrtha tearmainn agus ag teifigh. Is mór an dul chun cinn atá NUIG ag déánamh tríd a scoláireachtaí “Inclusive Centenaries” a sholáthróidh táillí, tobhaigh, agus costais beatha. Áfach, tá na sonraithe maidir le coinníollacha úsáide agus iarratais an chiste daonnúla doiléire agus níl ach athsmaoineamh don chlá rochtana iontu.
Is léir go bhfuil dáimh ag an buncheist sin le mic léinn agus is iomaí tionscnaimh mac léinn a chabhraigh le teifigh in Éirinn agus thar lear. Bunaíodh “World for World,” eagraíocht neamhbhrabúis atá dírithe ag mic léinn agus a chuireann seirbhísí aistriúcháin ar fáil do theifigh a bhfuil ag iarraidh dul i mbun ardoideachais, tár éis rún lena ghlacadh ag comhairle Aontais na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide chun oideachas na dteifeach a chur chun cinn.
Tá scáth beartais míshásúla Choláiste na Tríonóide le feiceáil ag an leibhéal náisiúnta. Go dtí seo, rinne Éire faillí ina ghealladh freastal do 4,000 teifeach a chomhlíonadh, agus ní raibh fáilte curtha ach roimh 500 roimh mhí Aibreán. Tá ról ag ollscoileanna na hÉireann cabhair a thabhairt don phróiseas sin, agus ba cheart go nglacfadh sé le sampla NUIG.