Chuir Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide fáilte fhlaithiúil roimh Aengus Mac Grianna, léitheoir nuachta clúiteach RTÉ, faoi mar a bronnadh ballraíocht onórach ar an iriseoir mór le rá ar Lá na Gaeilge.
Chuir Rúnaí an Chumainn, Rachel Ní Bhrádaigh, Mac Grianna i láthair, ag déanamh tagairt do “suim Aenguis sa Ghaeilge” mar chúis le gradam an lae. B’í Reachtaire an Chumainn, Áine Haberlín, a chur ceisteanna air sula bhfuair an lucht féachana deis amhlaidh a dhéanamh.
Nocht Mac Grianna an chaoi go ndeachaidh an Ghaeilge i bhfeidhm air le linn a óige, go háirithe mar gheall ar ghrá a mháthar don teanga, in éineacht lena chuid múinteoirí as Conamara ag an mbunscoil, a raibh blas na Gaeilge go smior acu. Léirigh Mac Grianna áilleacht na foghraíochta, dar leis, nuair a d’aistrigh sé ainm cheantair dúchais a mháthar, ar Chnoc na Tine, Contae na Mí.
Rinne Mac Grianna trácht gealgháireach dá stádas mar Iar-Reachtaire Chumann Gaelach na Coláiste Ollscoile, BÁC, ach “tógáil droichid” ab é tuairim Haberlín ar an gcomhtharlúint. Labhair sé go macánta faoi deacrachtaí a bhí aige mar Ghaeilgeoir leis an mBéarla scríofa ag an ollscoil i dtosach báire, faoi mar a chuir sé iachall ar údaráis na Rannóige ranganna cuí a chur ar fáil dó agus dá leithéid ag an am.
Tar éis tuilleadh iarratas a dhéanamh, d’éirigh leis an gcéimí óg post a fháil mar reathaí nuachta i 2FM, agus i ndiaidh sin d’aistrigh sé go Raidió 1. Phléigh Mac Grianna a thost maidir le ceist an phósta aeraigh anuraidh, rud a chur as go mór dó ag an am i ngeall ar na himpleachtaí dá shaol pearsanta féin, ach chuir sé béim ar iarmhairtí thoradh an reifrinn: “níl muintir na Gaeilge ná muintir na Gaeltachta cóimeádach”.
D’impigh sé ar an lucht féachana bheith bródúil as an teanga: “tóg an Ghaeilge libh” agus “geallaim go mbeidh rath ar bhur gcuid oibre” i measc na ráiteas ba láidre aige.
D’iarr Haberlín ar Mac Grianna faoi dhroch-mheon ar bith a d’fhulaing sé nuair a d’úsáid sé a chuid Gaeilge. Luaigh sé an dearcadh a raibh ar fáil go fórleathan agus é ina iriseoir óg in RTÉ, aimsir na dTrioblóidí, ag déanamh tagairt do dhaoine chúngaigeanta a mheas gur “Ra-head” é duine, cosúil leis, a d’úsáid an teanga. Dar leis, tá an “teanga ar fáil do chuile dhuine ar an oileán” agus go sáraíonn sí teorainneacha den uilechineál.
Chuir ceisteanna an lucht féachana suim i dtodhchaí na teanga, chomh maith le slí bheatha an iriseora. D’adhmaigh Mac Grianna an t-ádh a bhfuil leis post chomh spéisiúil bheith aige, ach chuir sé béim ar freagrachtaí an ghnáth-chainteora chun inmharthanacht na Gaeilge a chinntiú, ag rá “níl inti ach teanga” agus “má labhraíonn daoine í lena chéile, níl aon dúshlán i gceist” chun í a choinneáil slán amach anseo.
Léirigh sé greann ar leith nuair a rinneadh tagairt don “fheirm Alpaca” a bhfuil aige i dtuaisceart Átha Cliath, agus, nuair a d’iarr Haberlín air an gaisce ba thábháchtaí dó a chur in iúl, lig sé roinnt gáire faoi mar a chuimhnigh sé ar a thaithí ar MasterChef Ireland.