Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 19, 2017

Caithfidh an tAontas Bheith Cúramach faoi Reifreann ar Athaontú na hÉireann

Dealraíonn sé go bhfuil flaitheas náisiúnta agus coimhlintí chríche thar shuim na mac léinn, agus is gá smaoineamh go géar sula iarraimid ar sheasamh aontais.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Cuireann an cinneadh a rinne an chomhairle a bhí ag Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU) reifreann a chur ar siúl faoi athaontú na hÉireann sa mhí atá amach romhainn ceisteanna achrannacha chun solas faoi ról an aontais agus na fadhbanna lena théann sé i ngleic. Ag comhairle an aontais Dé Máirt, bunaíodh díospóireacht ar an dóchúlacht go mbeidh méid suntasach mac léinn choimhthithe agus ar ábharthacht na ceist faoi aontas na hÉireann do mhic léinn. Rinne lucht molta an rúin tagairt do Bhreatimeacht agus do lánscor an Tionóil i dTuaisceart Éireann mar imeachtaí a thuill sainordú na mac léinn don cheist.

Tá sé thar a bheith soiléir go bhfuil an cheist faoi athaontú na hÉireann conspóideach, mar is ceist a mhúnlaigh polaitíocht i dTuaisceart Éireann le céad blianta anuas. Agus mar a tharlaíonn le ceist conspóideach ar bith eile, is dócha go gcruthódh sé deighilt i measc na mac léinn. Cé nach mbaineann conspóid an dóchúlacht go mbeidh tuairim áirithe ag TCDSU agus go ndéanfaidh sé feaschtasaíocht maidir leis sin, má tá tacaíocht an tromlaigh ag an rún, ní ceart go ndéantar neamhaird ar mhionlach easaontach suntasach.

Níl sé dosheachanta go mbainfidh TCDSU tairbhe as glacadh le seasamh áirithe maidir le roinnt ceisteanna. Nuair a chineann TCDSU glacadh le seasamh ar cheist chonspóideach, ba cheart go mbeadh sé faoi rud éigin atá chomh ábhartha do shaol na mac léinn go sáraítear costais easaontais de bharr riachtanais páirt a ghlacadh sa dhíospóireacht agus feachtasaíocht a dhéanamh. B’fhéadfaí a rá go bhfuil an líne seo idir fadhbanna mac léinn agus polaitíocht ghinearalta á chloí ag seasamh an aontais maidir leis an ochtú leasú don Bhunreacht agus maidir le ginmhilleadh. Is dócha go dtrasnódh seasamh faoi aontas na hÉireann an líne seo. Leoga, is deacair smaoineamh ar cheist a bhaineann níos mó le “hard-pholaitíocht” ná ceann a bhaineann le flaitheas náisiúnta. Cé go bhfuil reifreann náisiúnta faoi aisghairm an ochtú leasaithe le tarlú in achomaireacht, áibhéil ollmhór a bheadh sa ráiteas go bhfuil an stádas céanna ag ceist faoi athaontú na hÉireann.

ADVERTISEMENT

Tá an reifreann seo, a bhí á phlé ag na hiarrthóirí ar uachtarán, tar éis aird a bhaint ó bhuncheisteanna níos tábhachtaí agus níos ábhartha sna toghcháin TCDSU i mbliana. Sa bhrostú agus gníomhaíocht a bhaineann leis an bhfeachtas seo, caithfimid smoineamh go géar ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le glacadh le seasamh.