Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 16, 2017

Tá Fasach Áisféiseach ann anois le hUmhlaíocht an Rialtais i leith na bhFostóirí de bharr an Tobhaigh Pinsin

Ní bhonn é méadú íseal ar thobhach reatha do chinéal lútáil, rud a chiallaíonn go mbeadh tionchar ollmhór ag na fostóirí ar thodchaí an oideachais in Éirinn.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo, bhí sé ráite arís ag an tAire Oideachais, Richard Bruton go bhfuil sé ar intinn acu sa Roinn Oideachais méadú chéimseach a chur ar an ráta agus an méid a íocann fostóirí isteach sa Chiste um Oiliúna Náisiúnta. Tá sé ar intinn acu an t-airgead seo a úsáid i gcomhair an t-ardoideachas sa tír seo a mhaoiniú. Ach cén fáth go bhfuil sé ag iarraidh mar thoradh a bheith umhal don earnáil seo é féin?

Tá sé reásúnach a cheapadh go mbeadh ar na fostóirí airgead a chur isteach san earnáil oideachais. Mar gheall ar an gcaighdéan ard atá bainte amach ag na hinstitiúdí tríú léibhéil sa tír seo, baineann siadsan tairbhe as na céimithe a thagann amach le sár-oideachas a thosaíonn ag obair in Éirinn ansin.

Ach, geallann an fheagra atá roghnaithe ag an rialtas cumhacht mhór a thabhairt do na fostóirí mar haon leis an gcomhairliúchán a bheidh acu leo. Ach, i ndáiríre, ní tobhach suntasach atá i gceist ar chor ar bith. Ní bheidh sé ach beagáinín níos airde ag 1 faoin gcéad in ionad 0.7 faoin gcéad agus beidh sé sin ag tarlúint thar thrí bhliana.

ADVERTISEMENT

Níl an rialtas in ann fiú tobhach íseal a mholadh gan a bheith ag lútáil, rud a léiríonn fasach contúirteach dúinn uilig. Más rud é go n-úsáidfí an próiseas céanna chun achan ardú chánach a fhaomhadh, ní bheadh neart spáis ann don rialtas a chuid polasaithe cánacha a athrú agus a chruthú.

Ní rún é go bhfuil neart buntaistí ag na fostóirí in Éirinn. Agus leis an ráta íseal cáin chorparáide iomráiteach atá againn sa tír seo, is léir nach bhfuil aon bhunús sa tuairim atá molta ag IBEC agus go bhfuil sé beagánín méaldrámata a mhaoímh go gcuirfidh an tobhach nua seo na comhlachtaí móra ó dhoras.

Ba cheart go mbeadh chinéal imní ar an t-Aire Bruton faoi mhúnla éifeachtach fhadtéarmach mhaoinithe don réimse oideachais in Éirinn a aimsiú in áit mion-ghearáin na bhfostóírí a shásamh. Ní seisean freagrach in aon chaoi don ghrúpa seo. Cé go bhfuil neart stocaireachta déanta ag na hollscoileanna agus ag aontais na mac léinn ar fud na tíre, is léir go bhfuil Richard Bruton, iar-Aire Fiontair, fós ag éisteacht go cruinn leis na fostóirí.

Tá an méadú beag seo ar thobhach reatha ar cheann de na moltaí is éiginntithí atá istigh sa Tuairisc Cassells. Tá na ceardchumainn agus na hollscoileanna ar aon intinn maidir leis an moladh seo. Cé nach dtiocfaidh réiteach ón méadú seo, tá an €20 milliún sa bhreis níos thabháchtaí don earnáil oideachais atá ag streachailt faoi láthair ná atá sé do na fostóirí móra.