Níor mhúscail nuacht na seachtaine, go bhfaigheann clubanna spóirt na bhfir sa choláiste i bhfad níos mó airgead ná clubanna na mban, ionadh i bpobail an choláiste – agus is í sin an fhadhb. Ó bhun go barr an domhain spóirt, tá tionchar ollmhór ag an leatrom inscne.
Bheadh an míniú agus freagair na foras atá i gceannas ar maoiniú na clubanna spóirt do do chrá áfach. Dúirt Leas-Ceannasaí Club Lúthcleas Lárnach na hOllscoile Báile Átha Cliath (DUCAC), Róisín Harbison nach bhfuil gnéasachas ag tarlú, agus dúirt Riarthóir DUCAC, Aidan Kavanagh, nach bhfuil “aon baint ag a bpolasaithe maoinithe le leatrom ar bith.”
Faraor, ní thuigeann siad an pointe. Is airí é drochíde na mban i spórt do gnéasachas agus béasa na patrarcachta atá fite fuaite sa sochaí. Déan Pierre de Coubertin, fear atá cuimhnítear mar athair na Olympics nua-aimseartha, cur síos ar rannpháirtíocht na mban i spórt mar “an radharc is déistineach gur féidir le daoine macnamh a dhéanamh ar”. Ní thugann Harbison nó Kavanagh faoi deara go bhfuil rud ar bith ar fán mar tá an leatrom comh-uileláithreach go gceapann daoine nach bhfuil aon rud mícheart.
Le spórt ag éirí níos gairmiúla sa chéad seo caite, d’éirigh meoin de Courbetin níos mó ná béasa sochaí: tá sé le feiceáil i gcláir chomhardaithe clubanna spóirt beag agus mór. Neartaíonn ábhair airgid an leatrom idir fir agus mná.
Is comhartha, ní chúis, na faidhbe é an fíoras go n-iarrann Clubanna Spóirt na mban na Tríonóide níos lú airgead ná a macasamhla firinscneach. Mar is dual do roinnt de na fadhbanna is deacaire sa sochaí, is féidir le athruithe beaga dul chun chinn a dhéanamh. Níl aon cúis ar bith ann nach féidir leis an Tríonóid bheith i dtús cadhnaíochta sa dul chun cinn seo.
Dá mbeadh daoine mar Harbison agus Kavanagh ag iarradh taispeáint dúinn go dtuigeann siad tábhacht an ábhar seo, ba cheart dóibh é a chruthú an chéad uair eile atá DUCAC ag féachant ar a bpolasaithe maoinithe.