Ba shuimiúil an léacht í a thug Míde Ní Ghríofa inniu ar pháipéar darb ainm ‘An Bhfuil Cead Agam Dul… The Potential of Bilingual Education’, léacht ar pháipéar ab ea í a cuireadh ar fáil idir Cumann Bram Stoker agus An Cumann Gaelach le haghaidh imeachtaí Éigse na Tríonóide 2018.
D’fhreastal tríocha duine ar léacht an Ghríofanaigh inniu, ina measc a raibh Gaeilgeoirí agus daoine nach bhfuil sí acu ach a raibh fíorshuim acu chun éisteacht lena raibh a rá ag an Ghríofanach ar ábhar comhaimseartha na linne seo.
Tugadh an léacht seo go dátheangach chun comhlíonadh leis an dá thaobh den léacht chomh maith ar mhaithe na ndaoine gan Ghaeilge nó nach raibh mórán di acu lena gcur leis an chomhrá.
Thosaigh Ní Ghríofa lena léacht, ag rá go bhfuil an Ghaeilge mar dara theanga aici agus dá bharr, go bhfuil a cuid Béarla níos fearr.
Lean sí ar aghaidh ansin le tagairt a dhéanamh ar ghnáthcháin na Gaeilge a chluintear go mór san aois seo agus an chúis imní ar neamhshuim chainteoirí éigin ar mheath a dteanga féin, ag léiriú gur dócha gur chuma leo, ach ag rá go síltear gur cuid aitheantais an Ghaeilge ag mórchuid dá cainteóirí an lá inniu. Mhínigh sí ansin dá lucht éisteachta ar sprioc Straitéise 20 Bliana na Gaeilge a bunaíodh i 2010, chun go mbeidh an oiread forbartha ar stadás na Gaeilge sa tír seo sa dóigh is go mbeidh sí neamhspleách mar theanga ó smacht an rialtais lá éigin chun maireachtáil ina haonair trína cainteoirí gan aon chuidiú. Dar le Ní Ghríofa, áfach, tá mórchuid oibre le déanamh ag an Rialtas agus ag an gCóras Oideachais chun an lá sin a bheith againne. Cloistear go minic an ráiteas gurb í an Ghaeilge mar chéad teanga na tíre agus an Bhéarla mar dara teanga, ach a mhalairt atá i bhfeidhm sa saol i ndáiríre ina tuairim.
Mhol Ní Ghríofa torthaí choras cheart an dátheangachais i mbunoideachas, ag tabhairt sampla ar chás na Soirbise in Oirthear na Gearmáine. Bíonn córas dátheangachais i scoileanna ann, ar a bhfuil Soirbis á labhairt leathchuid an lae scoile agus Gearmáinis á labhairt ar an leathchuid eile. Labhair Ní Ghríofa ina dhiaidh ar éileamh Ghaeilge atá ag tuismitheoirí sa tír seo dá bpáistí ach mar a fheictear anseo rómhinic, go bhfuil ‘fáinne fí’ i gceist le teagasc na Gaeilge mar a bhfuil caighdeán Gaeilge íseal ag an mhúinteoir agus dá bhrí sin, tá daltaí ag teacht amach as an mheánoideachas le caighdeán íseal fosta, ag eirí níos mímhuiníní as a gcuid cumas labartha sa teanga féin dá bharr, “nach bhfuil ag comhlíonadh leis na coinníollacha teagaisc a gealladh sa Straitéis 20 Bliain”, a cháin Ní Ghríofa air.
Léirigh Ní Ghríofa ansin má tá muid chun an Ghaeilge a tabhairt ar ais mar is ceart, go caithfidh muid córas dátheangachais a chur i bhfeidhm mar is ceart go luath sa choras oideachas ionas go mbeidh muid in ann aghaidh a thabhairt le drochsteiréitíopa na Gaeilge sula mbeadh seans aige dul i bhfeidhm ar na foghlaimeoirí óga.
Dúirt Ní Ghríofa lena lucht éisteachta ansin ina conclúid “go gcaithfidh úsáid na teanga bheith ann fréisin, ní amháin an fhoghlaim, go caithfear athrú a bheith ann fosta ó aitheantas géilliúil go ceann gníomhach” agus ag deireadh a léachta a mheabhraigh sí seanfhocal cuí dá lucht éisteachta ná “gur tus maith leath na oibre!”