Radius
May 17, 2018

An Reifreann á Phlé ar Raidió na Gaeltachta

In ainneoin nach bhfuil ach seachtain go dtí go n-osclaíonn na stáisiúin vótála, léiríonn an díospóireacht faoin reifreann ar an Ochtú Leasú go bhfuil feachtasaíocht fhíochmhar fós faoi lánseol.

Malachi Ó MarcaighLeas-Eagarthóir Na Gaeilge
blank
Caitriona Ní Bhaoill

Tháinig slua le chéile i Seomra na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide chun díospóireacht a bheith acu ar an reifreann faoin Ochtú Leasú de bhunreacht na hÉireann a tharlóidh an Aoine seo chugainn. Bhí an díospóireacht á reachtáil ag Raidió na Gaeltachta mar chuid den chlár Cormac ag a Cúig. Ba í seo an chéad chraoladh de dhíospóireacht maidir leis an reifreann trí mhéan na Gaeilge.

Chun tús a chuir leis an díospóireacht, d’fhiafraigh Cormac ar Dhonnachadh Ó Laoghaire cad go díreach atá i gceist leis an reifreann seo. Is Teachta Dála ó Shinn Féin do dheisceart-lár contae Chorcaí é Donnachadh Ó Laoghaire.Thug Donnachadh Ó Laoghaire le fios go ndéanfar vóta ar an Ochtú Leasú den Bhunreacht agus gur cóir cuimhniú ar sin. Luaigh Ó Laoghaire go raibh sé féin agus a pháirtí, Sinn Féin, i bhfábhar an t-Ochtú Leasú a aisghairm, toisc nach féidir aon athrú a dhéanamh ar an dlí fad is atá an t-Ochtú Leasú fós sa bhunreacht.

Is seanadóir neamhspléach é Rónán Mullen a sheasann ar son na beatha. Rinne Rónán Mullen an argóint gur gá an Bille an Rialtais a thógáil san áireamh agus an reifreann ar an Ochtú Leasú á phlé againn. Creideann Mullen gur gá an t-Ochtú Leasú a choimeád chun cearta an beo gan bhreith a chosaint. Agus an pointe seo á lua aige, bhain sé úsáid as an staitistic go bhfuil ráta ginmhillte ceithe huaire níos airde i Sasana i gcomparáid le hÉirinn.

ADVERTISEMENT

Thug Cormac deis cainte do Lisa Nic an Bhreithimh, ón ngrúpa Gaeil ar son Rogha. An chéad phointe a bhí ag Lisa ná go bhfuil cásanna ann ina bhfuil éigniú, nó mínormáltacht mharfach féatais ann agus gur fiú an t-Ochtú Leasú a bhaint ón mbunreacht do na cásanna sin. D’impigh Lisa Nic an Bhreithimh ar éisteoirí chun smaoineamh ar na mná a mbíonn orthu dul ar eitleáin agus a dtír féin a fhágáil chun ginmhilleadh a fháil.

Cháin sé an chaoi a bhféadfaí meabhairshláinte a úsáid chun ginmhilleadh a fháil i ndiaidh dhá sheachtain déag. Mhúscail an ráiteas seo fearg ó Lisa Nic an Bhreithimh. Is fadhbh thromchúiseach í sláinte mheabhrach, dar léi.

An dara cainteoir a bhí ann i gcoinne an t-Ochtú Leasú a bhaint ón mbunreacht ná Niamh Ní Bhriain, ó Institiúd na Beatha, Contae Chorcaí. Creideann Niamh Uí Bhriain go n-athríonn an cultúr nuair a aithrítear an dlí. Má éiríonn leis an reifreann seo, dúirt Niamh go gcreideann sí go mbeidh cásanna ann go mbeifear ag súil le ginmhilleadh mar an gnáthrud seachas mar rogha. D’úsáid sí míchumas mar shampla, creideann sí go gcuireann dochtúirí brú ar mná i Sasana ginmhilleadh a bheith acu nuair a bhíonn fhios acu go mbeidh míchumas ar an bpáiste.

Luaigh Cormac go bhfuil tacaíocht don aisghairm íslithe go 44 per cent anois agus go bhfuil an céatadán i gcoinne na haisghairme ag 32 per cent, dar le pobalbhreith nua de chuid an Irish Times. Dúirt Donnachadh nach gcuireann na figiuirí seo aon ionadh ar toisc go bhfuil go leor plé ar siúl ar fud na tíre. Bhí gach duine ar aon tuairim gur reifreann thar a bheith cóngarach a bheidh ann ach creideann sé go ndéanfaidh muintir na tíre seo vótáil chun an t-Ochtú leasú a aisghair. Léiríonn an titim i dtacaíocht don aisghair nach bhfuil muinín ag an bpobal sa rialtas, dar le Niamh Ní Bhriain.

D’fhiosraigh Cormac cad a cheapann Rónán Mullen faoi chailín ceithre bliana déag d’aois a ndéantar éigniú uirthi agus a bhíonn ginmhealladh á lorg aici. Ní raibh Rónán in ann freagra cinnte a thabhairt do Chormac, “Níl sé sin macánta mar cheist, dar liom.” Lean sé leis agus dúirt sé “Tá an taobh eile a iarraidh cúinsí cúing a úsáid chun ginmhilleadh leathan a chur i gcrích”.

Is féidir éisteacht leis an díospóireacht seo ar an Ochtú Leasú ar shuíomh RTÉ. Beidh na stáisiúin vótála ar oscailt ó 7 r.n go dtí 10 i.n. Dé hAoine seo chugainn.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.