Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 7, 2018

Is Tábhachtaí Caighdeán an Oideachais ná Neamhspleáchas na nOllscoileanna.

Ní chuireann eachtraí ar nós an scéil faoi chéim iriseoireachta OÉ Gaillimh le cúis na n-ollscoileanna.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Fuair beagnach 40 mac léinn aisíoc tháillí tar éis dóibh gearán a dhéanamh maidir le caighdeán a gcéime iriseoireachta ag Ollscoil na hÉireann Ghaillimh (OÉG).

Beidh taithí maith ag cuid mhaith mhac léinn ollscoile ar fud na tíre ar na fadhbanna a luadh – droch-chumarsáid ó chomhordaitheoirí, easpa shochrúchán oibre agus easpa rochtana ar threalamh.

Tháinig an scéal seo le linn na seachtaine céanna inár chuir an tÚdarás um Ard-Oideachas imní in iúl maidir le cóimheas foirne agus mic léinn sna hinstitiúidí tríú leibhéil. Agus na hollscoileanna Éireannacha ag sleamhnú síos an rangú idirnáisiúnta, ní eachtra eisceachtúil atá i gcás na Gaillimhe.

ADVERTISEMENT

Arís, tá an locht le cur ar an Rialtas as a moilleadóireacht le cinntí tábhachtacha maidir le múnla úr maoinithe. Is cinnte nach bhfuil dóthain acmhainní a sholáthar don earnáil ollscolaíochta, agus tá an eachtra seo mar fhothoradh den ghéarchéim ghinearálta sin. Ach léiríonn sé fosta gur ríthábhachtach go nglacann na hollscoileanna Éireannacha lena bhfreagracht chun caighdeán a gcuid oideachais féin a chinntiú.

Anois, agus na hollscoileanna ag moladh iasachtaí mhac léinn (sa tsúil, go pointe áirithe, go mbainfear tuilleadh neamhspleáchais amach), ní chuireann eachtraí mar seo lena gcúis. Ní mheallfar mic léinn, atá don chuid is mó in éadan iasachtaí, chun íoc óna bpóca féin as oideachas nach bhfuil ardchaighdeán dearbhaithe uaidh. Tá táillí ollscoile na hÉireann sa dara áit is airde san AE – ba chóir go bhfaightear luach mar is ceart ón chóras.

Mura bhfuil na hollscoileanna ag iarraidh go gcuirfeadh an Rialtas isteach orthu, caithfidh siad cothú gur féidir leo seasamh ar a gcosa féin. Ar ndóigh, níor chóir d’Éirinn sampla an Ríochta Aontaithe a dhéanamh le Teaching Excellence Framework an Stáit – is riachtanach, mar sin, go n-aimsíonn na hollscoileanna Éireannacha bealaí éifeachtacha chun a gcaighdeán múinteoireachta a athbhreithniú.

Is beag an cúiteamh as drochoideachas é aisíoc do mhic léinn na Gaillimhe. Ach ar a laghad tá dea-shampla á leagan do mhic léinn, chun go gcluinfí a nguth maidir leis an oideachas tríu leibhéal ó seo amach. Le cuidiú Dé, cuirfear in iúl nach nglacfar le drochchaighdeán ó na hollscoileanna, beag beann ar an ghéarchéim.