Is cosúil go bhfuil neart athruithe le teacht ar champas stairiúil na Tríonóide, ó mholtaí leathana Stráitéis Eastáit an Choláiste. Tá ráite go soiléir sa tuairisc go bhfuil “athrú ollmhór i mbainistíocht agus infheistíocht san eastáit” de dhíth ar mhaithe le hiomaíocht fhad-téarmach an Choláiste.
Is beag an t-iontas nach bhfuil ag éirí le cur chuige na Tríonóide i leith a réadmhaoine, go háirithe le tuairisc i ndiaidh tuairisce ag léiriú meath na bhfoirgneamh. Nuair a chaitear súil ghasta ar an tuairisc, ardaítear ceist atá míchompordach práinneach: cad a bhí á dhéanamh ag an Choláiste go dtí seo?
Is maith cinnte go n-aithníonn lucht cinnteoireachta na Tríonóide ar fad go bhfuil gá práinneach le hathrú ollmhór i stráitéis an Choláiste chun a réadmhaoin a chosaint agus a fhorbairt.
Ach é sin ráite, cad a bhí i gceist leis an stráitéis go dtí seo? Is deacair a rá. Ní dhéanann an tuairisc aon iarracht an phráinneacht a bhaineann leis an gcás seo a cheilt, nó méid na faidhbe atá roimh an gColáiste agus é i mbun nuachóirithe, agus chun na héagsúlachtaí idir Coláiste na Tríonóide agus ollscoileanna eile a réitiú.
Is mór an t-ábhar míshuaimhnis go luaitear nach bhfuil ach 25 faoin gcéad d’fhoirgnimh na Tríonóide “i gcaoi mhaith nó foirfe”, nuair atá 80 faoin gcéad mar seo in ollscoileanna eile . Nuair a cheanglaítear seo le fianaise go bhfuil neart den champas caite agus i ndroch-chaoi, níl sé míchothrom a rá gur chóir go raibh deireadh leis an fhadhb seo i bhfad ó shin.
Cuir ceist ar éinne le fios acu maidir le luach na pleanála agus inseofar duit gurb í an chaoi is fearr le fadhb shuntasach mar seo a réiteach ná céim i ndiadh céime.
Is suíomh sean é campas na Tríonóide, le foirgnimh atá ann leis na céadta bliain – ach, rud atá follasach, ní hé nach raibh sé seo soiléir go dtí anois nó fiú le déanaí. Sula gcuireann an Coláiste stráitéis nua i bhfeidhm, b’fhearr dó fiosrú cén dóigh ar tháinig cúrsaí go dtí an pointe seo.