Comment & Analysis
Mar 16, 2019

Athrú Níos Radacaí ag Teastáil i gCás an tSeanaid

Má táimid chun an teach uachtarach a dhéanamh níos daonlathaí agus níos ionadaí, tá i bhfad níos mó le déanamh fós.

Eoin O’Hare Eagarthóir na Gaeilge
blank
Sinéad Baker for The University Times

Ní raibh seanadóirí na Tríonóide go hiomlán ag teacht lena chéile le déanaí ar cheist na n-athruithe molta maidir le córas suíochan na n-ollscoileanna sa Seanad.

Moladh nach mbeadh suíocháin dá chuid féin ag Coláiste na Tríonóide a thuilleadh, ach go mbeadh painéal ollscoile amháin le sé shuíochán tofa ag céimithe ó gach institiúd ardoideachais sa Stát. Athrú ó bhonn is ea é seo ar an seanchóras a bhí i bhfeidhm le trí shuíocháin na Tríonóide sa teach uachtarach ó bhí 1938 ann.

Ar bhonn iomlán soiniciúil, ní mór an t-iontas gur ábhar conspóide a bhí ann i measc Seanadóirí na Tríonóide. Éascaíonn painéal dá gcuid féin toghchán na n-ionadaithe seo ar dhóigh nach mbeadh mar an gcéanna faoi na moltaí úra – ní bheadh a seansanna toghcháin chomh mór is a atá faoin chóras reatha agus ní spreagann easaontas chuid acú ionadh mór.

ADVERTISEMENT

Ach ní chaithfidh dul chomh fada leis sin. Tá an ghné seo ag teacht le neamhdhaonlathas ginearálta an tSeanaid. Is fíormhionlach den tsochaí a bhfuil tionchar acu ina thoghchán. Den mhionlach sin, is lú duine a thoghann a bhaill go díreach – seachas na céimithe ollscoile, líonann baill na Dála, comhairleoirí agus an Taoiseach é féin cuid eile na suíochán. Ní chuimsíonn an chéad ghrúpa ach aicme áirithe an tsochaí den chuid is mó, le taithí agus tuiscint teoranta aige, agus cuidíonn an dara ghrúpa le leagan amach polaitiúil na Dála a athchruthú sa teach uachtarach.

Deirtear gur minic fosta gur finíochas a léiríonn an dara ghrúpa seo mar gheall ar an chineál duine a thoghann sé chun an tSeanaid. Is iomaí iarrthóir Dála, mar shampla, ar theip orthu suíochán a bhaint amach, a chuirtear díreach isteach sa teach uachtarach chun fanacht i mbéal an phobail agus iad ag fanacht leis an chéad toghchán eile.

Tá teach uachtarach an Oireachtais go fóill ina fhoras ársa neamhéifeachtach nach n-ionadaíonn gnáthmhuintir na hÉireann ar bhonn cuimsitheach daonlathach

Ach níl tuairim ná smaointeoireacht úr ansin. Spalpaíonn madaí na sráide faoi nadúr neamhdhaonlathach an tSeanaid. Bhí gearán agus frustrachas mar gheall air sin ina gcúis mhór taobh thiar den reifreann ar son cealú an fhorais i 2013 – agus bhí gach cuma ar an scéal go n-éireodh leis an rún sin le linn an fheachtais. Níor éirigh, áfach, sa deireadh – rinneadh an cinneadh chun an Seanad a chaomhnú, le gealltanais éagsúla faoina athchóiriú dá gcoinneofaí é.

Ar an drochuair, ní fhacthas athchóiriú ar bith mar is ceart ar an Seanad uaidh sin. Tá teach uachtarach an Oireachtais go fóill ina fhoras ársa neamhéifeachtach nach n-ionadaíonn gnáthmhuintir na hÉireann ar bhonn cuimsitheach daonlathach.

Mar sin de, leis an scéal seo ar shuíocháin na Tríonóide, is tairbheach go bhfuil, de réir cosúlachta, tús de chinéal éigin ar a laghad á chur le hathrú atá ag teastáil go géar le fada an lá. Is maith cibé céim a osclaíonn buíon na dtoghthóirí, chun go gcluinfear guthanna difriúla le taithithe éagsúla.

Ach ná cuirfimis i gcéill go bhfuil athrú “radacach” ar siúl anseo mar atá maíte ag cuid daoine. Má táimid chun an Seanad a dhéanamh níos daonlathaí agus níos ionadaí, tá i bhfad níos mó le déanamh go fóill.

Chomh maith le roghnú ionadaithe an tSeanaid a leathnú do phobal na hÉireann, ba cheart fosta íomhá níos ionadaí den phobal seo a dhéanamh de, chun cúrsaí móra na tíre a phlé taobh amuigh de chóras na bpairtithe. Ní fís radacach í seo – de réir an Bhunreachta, tá na painéil gairme, dá vótálaíonn ionadaithe Oireachtais agus comhairleoirí amháin, le líonadh le daoine a bhfuil “eolas agus cleachtadh acu” ar chúrsaí ar nós na healaíona, oideachas, oibreachas, tionscal agus neart eile. Tá an spás seo óiriúnach do ghnáthdhaoine agus ceannairí pobail ó na réimsí seo, taobh amuigh den chóras polaitíochta, a tharbharfadh léargas agus taithí cruinn nach bhfuil ag polaiteoirí proifisiúnta.

An chonstaic is mó roimhe seo, áfach, ná córas na dtoghfóirí. Mura vótálaíonn ach polaiteoirí do na suíocháin seo, ní bhainfear úsáid as na suíochain sin ach ar leas na bpolaiteoirí. Ba cheart, mar sin, go bhfuil an vóta seo ar fáil do na daoine nach bhfuil an drogall céanna orthu athrú radacach a spreagadh sa tsochaí. Is tús maith é athrú sna painéil ollscoile, ach níl ann ach tús.

Is maith cibé céim a osclaíonn buíon na dtoghthóirí, chun go gcluinfear guthanna difriúla le taithithe éagsúla

Má tá rud amháin foghlamtha againn faoin pholaitíocht agus gníomhachas in Éirinn le cúpla bliain, is ón bhun aníos a athraítear rudaí. Cé go raibh polaiteoirí na bpairtithe móra ag iarraidh an creidiúint a fháil i ndiaidh an vóta aisghairme i 2018, mar shampla, b’é cosmhuintir na tíre agus na grúpaí gníomhaíochais a bhí ag brú ar son athruithe – agus i gcoinne drogall na bpolaiteoirí – le breis agus tríocha bliain ar cheist an ochtú leasúcháin.

Tá deis ann, mar sin, an Seanad a úsáid mar fhoinse agus ardán don chineál athruithe sin. Bhainfí an dualgas agus an brú a ghlac gnáthdhaoine orthu féin le cúpla bliain anuas chun athrú polaitiúil a spreagadh. Bheadh teach uachtarach na Parlaiminte ina spás dioschúrsa do smaointeoirí úra agus do nuálaithe sa tsochaí. Ach ní bhainfear é seo amach gan leathnú an vóta.

Thiocfadh fosta, mar shampla, an Seanad a úsáid mar ionadaíocht don náisiún ar fad, seachas don Stát amháin – in éineacht le caint faoi chearta vótála sa toghchán uachtaránachta do mhuintir an Tuaiscirt agus don diaspóra, ba cheart comhrá agus ionadaíocht naisiúnta a chruthú don dream seo sa Seanad ar dhóigh nach gcuirfeadh isteach ar an cheist bhunreachtúil ó thuaidh. Níos ciallmhaire fós, chun an tír a leathnú amach don mhionlach Briotanach ar an oileán – rún tábhachtach don todhchaí i ré na míchinnteachta bunreachtúla leis an Bhreatimeacht – thiocfadh ionadaíocht áirithe d’aontachtaithe a sholáthar sa Seanad chun fáilte a chur rompu agus spás a chruthu dóibh i náisiún na hÉireann. Chun é seo a dhéanamh, caithfear dul níos faide le hathruithe sa chóras toghchán ná mar atá molta faoi láthair.

Níl sna samplacha seo ach smaointí. Más fís radacach é seo, tá sé sin de bharr an neamhdhaonlathais lena bhfuil muintir na hÉireann cleachtaithe ón chóras, léirithe go cruinn ag córas toghcháin an tSeanaid. Is maith go bhfuil tús a chur le hathrú an chórais seo leis na suíocháin ollscoile – ach ná cuirfimis i gcéill gur leor é seo chun go mbeidh an teach uachtarach níos daonlathaí.

Má tá cibé fís ná smaointí don Seanad le baint amach, is leis an chóras toghchán a thosóidh sé – agus is tús maith an chumhacht sin a bhaint de lucht na polaitíochta agus í a leathnú do ghnáthmhuintir na hÉireann.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.