In Focus
Apr 17, 2019

Ollscoileanna Idirnáisiúnta ar Thús Cadhnaíochta le Spreagadh na Gaeilge

Tá cúiseanna éagsúla ag mic léinn ag foghlaim na Gaeilge ar fud na cruinne.

Aoife KearinsEagarthóir na nGné-Alt
blank
Tá staidéar na Gaeilge in Ollscoil Notre Dame mar nasc mór eile le hÉirinn sa choláiste.

Má chuirtear ceist ar dhuine éigin cén áit gur féidir staidéar ollscoile a dhéanamh ar an nGaeilge, is dócha go mbeadh na freagraí go léir bunaithe timpeall na tíre anseo in Éirinn: Gaillimh, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Maigh Nuad, Luimneach, Béal Feirste. Ach gach bliain tá níos mó scoláirí ar fud na cruinne ag déanamh staidéir ar an nGaeilge in ollscoileanna taobh amuigh d’Éirinn. Ón Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe agus Ceanada, go dtí an Rúis agus an Phólainn, tá ollscoilleana sna tíortha seo – le coláistí iomráiteacha ar nós Harvard agus Oxford ina measc – ar thús cadhnaíochta ó thaobh taighde agus múinteoireachta de i Staidéar Ceilteach agus an Ghaeilge.

Cé go mbíonn nascanna ag roinnt mac léinn a roghnaíonn an Ghaeilge mar chéim le hÉirinn, mealltar daoine eile chun na Gaeilge de thairbhe suime ginearálta sna teangacha. Ag labhairt le The University Times, míníonn An tOllamh Paul Russel, Ollamh Ceilteach in Ollscoil Cambridge agus Comhalta Roinne Cuartaíochta in Ollscoil Notre Dame, go bhfuil cúiseanna éagsúla ag gach uile scoláire chun an Ghaeilge a fhoglaim, mar atá i gcás teanga ar bith eile.

“Ní chuirtear ceisteanna ar dhaoine atá ag déanamh stáidear ar an bhFraincis nó Spáinnis cén nasc atá acu leis an teanga. Ní fhiafraítear díobh ar labhair a dtuismitheoiri agus a seantuismitheoirí an teanga sin, agus mar sin níl ciall ná réasún ar bith ag baint leis an gceist chéanna a chur ar dhaoine agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a fhoglaim fiú nach as Éirinn iad.”

ADVERTISEMENT

Ag labhairt le The University Times, deir An tOllamh Gaeilge in Ollscoil Cambridge Máire Ní Mhaonaigh, go bhforbraíonn mic léinn suim sa teanga agus iad i mbun chúrsa na hollscoile ar stáidéar Angla-Shacsanach, Lochlannach agus Ceilteach.

“Músclaíonn ár gcúrsa fochéime suim ag daoine sa Ghaeilge agus iad i rith an chúrsa, agus sin an fáth go bhfuil daoine as tíortha éagsula gan nasc leis an Gaeilge ag iarraidh í a fhoglaim – téann siad isteach sa chúrsa mar gheall ar shuim sa stair meán-aoise nó béaloideas Ceilteach, mar shampla, agus ansin nuair a dhéanann siad an modúl Gaeilge, titeann siad i ngrá léi agus leanann siad ar aghaidh.”

Ní chuirtear ceisteanna ar dhaoine atá ag déanamh stáidear ar an bhFraincis nó Spáinnis cén nasc atá acu leis an teanga

Is é sin a tharla le Llewelyn Hopwood agus é ag déanamh a fhochéime i dteangacha nua-aimseartha in Ollscoil Oxford. Ag labhairt le The University Times, mhínigh sé: “Chuaigh mé isteach sa chúrsa le suim sa Spáinnis agus sa Bhreatnais, ach mar gheall ar an réimse leathan chúrsaí sa Roinn Cheilteach, rinne mé modúl Gaeilge agus bhí mé tógtha léí.” Dá bharr sin, lean Hopwood ar aghaidh ag déanamh modúil Gaeilge agus ag foghlaim na teanga. Leath bealaigh tríd a chéim, tháinig sé go hÉirinn le linn an tsamhraidh chun mí a chaitheamh sa Ghaeltacht, ag fanacht le muintir na háite chun a Ghaeilge labhartha a chleachtadh le cainteoirí duchais.

“Ní raibh sé ar intinn agam an Ghaeilge a fhoglaim ar chor ar bith sular thosaigh mé sa choláiste – ach bhí an t-am a chaith mé sa Ghaeltacht mar an t-am is fearr a bhí agam riamh.” Anois tá Hopwood ag déanamh PhD ar litríocht méan-aoise i Sasana agus sa Bhreatain Bheag leis an Roinn Cheilteach in Oxford, agus fós bíonn sé bainteach leis an nGaeilge. “Ceapaim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge i gcómhtéacs na dteangacha Ceilteacha eile. Bíonn nascanna ann agus ní féidir leat an pictiúr iomlán a chruthú gan iad a staidéar le chéile, chomh maith leis an stair ‘s an pholaitíocht a bhaineann leo.”

Luaigh gach ollamh an tábhacht céanna sin liom. “Is mor an trua é nach bhfuil níos mó béime i rannóga Gaeilge in Éirinn ar na teangacha Ceilteacha eile,” dar le Russel. “Is rud fiorthábhachtach é go dtuigeann daoine ag déanamh staidéir ar an Gaeilge cé chomh fite fuaite is atá sí leis na teangacha eile, agus gan an eolas sin, is fédir an teanga a bheith ró-iargúlta”.

Scrúdaítear an Ghaeilge i gcomhthéacs na dteangacha Ceilteacha in Ollscoil Oxford

Ag labhairt le The University Times, míníonn an tOllamh Mark Williams ó Ollscoil Oxford go raibh an Roinn Cheilteach in Oxford gan cheannaire ar feadh cúpla bliain, agus mar sin ní raibh an cúrsa á mhuineadh ag léibhéal fochéime – ach go mbeidh sé ag filleadh ar an bhliain seo chugainn. “Is é an Cathaoirleach Staidéar Ceilteach ceann de na postanna is sine agus is mó gradaim in Oxford. San am a chuaigh thart, chuir Oxford béim mhór ar an tábhacht a bhaineann le Staidéar Ceilteach, agus chuaigh daoine ó gach cúinne den domhan chun staidéar a dhéanamh air anseo. Cé nach bhfuil mic léinn fochéime faoi láthair, beidh an cúrsa ag filleadh ar ais i gceann bliana nó dó, agus tá taighde Ceilteach den scoth fós ar siúl againn.”

Bíonn an taighde i staidéar Ceilteach tábhachtach do dhaoine sa réimse, ach bíonn sé suimiúil do scolairí i ranna eile chomh maith. “Bíonn litríocht na Ceiltigh mar chuid den litríocht is tabhachtaí atá againn, agus é an-suimiúil do scoláirí a dhéanann taighde ar litríocht i dteanga ar bith, ach go háirithe ó thaobh aistriúcháin de – uaireanta bíonn téacs atá á staidéar ag muntir Roinn Bhéarla mar shampla, agus foghlaimímid go bhfuil an leagan Béarla bunaithe ar seanscéal nó béaloideas Ceilteach”, dar le Ní Mhaonaigh.

Dar le Russel, bíonn an coibhneas suntasach de mic léinn Meirceánacha le cúlra Éireannach ag déanamh staidéir ar an Gaeilge mar gheall ar na nascanna láidre idir Ollscoil Notre Dame agus Éire: “Bíonn go leor maoinithe le fáil do mhic léinn a dhéanann an Ghaeilge mar mhionábhar chun teacht chuig Éirinn chun an cultúr a bhlaiseadh i mBaile Átha Cliath, nó seandálaíocht a dhéanamh in iarthar na hÉireann. Is féidir le duine ar bith san ollscoil ranganna a thógáil leis an Roinn cé nach bhfuil siad ag déanamh céim sa Ghaeilge, agus bíonn go leor daoine ag tógáil an seans seo. Is í Ollscoil Notre Dame an ollscoil Chaitliceach is mó i Meirceá agus mar sin bíonn go leor mic léinn le ceangallacha Éireannacha.”

Ní raibh sé ar intinn agam an Ghaeilge a fhoglaim ar chor ar bith sular thosaigh mé sa choláiste – ach bhí an t-am a chaith mé sa Ghaeltacht mar an t-am is fearr a bhí agam riamh

Ach míníonn sé nach mbíonn nascanna Éireannacha ag gach uile mic léinn a dhéanann staidéar ar an nGaeilge. “Toisc nach gcaithfidh mic léinn a gcéim a roghnú roimh ré, bíonn an saoirse acu, is féidir leo breathnú thart ar chursaí éagsula. Tosaíonn daoine le modúl amháin ar stair nó teanga na Gaeilge, beagnach trí thimpiste, agus tar éis cúpla bliain tá a gcéim bainte amach acu sa Ghaeilge.”

Cé go mbíonn buntáistí soiléire ag baint le staidéar na Gaeilge i gcómhtéacs Ceilteach, admhaíonn Ní Mhaonaigh go mbíonn an léamh agus an litríocht mar thosaíocht sa chúrsa nuair atá mic léinn ag déanamh staidéir ar an nGaeilge seachas scileanna cumarsáide. “Tá formhór den chúrsa bunaithe ar litríocht na hÉireann agus mar sin bíonn béim an-mhór ar an Sean-Ghaeilge agus an Meán-Ghaeilge. Fiú leis an Nua-Ghaeilge, ní labhraítear an teanga go minic, bíonn an bhéim ar léamh anailíseach de théascanna éagsúla. Ach molaimid do mhic léinn am a chaitheamh sa Ghaeltacht in Éireann sa samhradh chun a scileanna cumarsáide a fhorbairt, agus ar an iomlán níl an modh seo eiseach do staidéar na Gaeilge – bíonn gach cúrsa teanga anseo dírithe ar an litríocht.”

Dar le Williams, tá Staidéar Ceilteach ag eirí níos coitianta le mic léinn. “I mo thuairimse, san am atá thart rinne daoine staidéar ar na clasaicí nuair a bhí siad ag iarraidh oideachas leathan a fháil a phléann teangacha, stair, litríocht agus polaitíocht – ach tá daoine ag smaoineamh ar staidéar ceilteach in áit na gclasaicí anois. Feicimid an tsuim ach go háirithe ag leibhéal iarchéime, faighimid go leor iarratais dár gcéimeanna máistreachta agus PhD sa Roinn Ceilteach.” Luann Williams na cúlraí difriúla a bhíonn ag daoine sula dtosaíonn siad céim mháistreachta sa Staidéar Ceilteach: “Is iomaí mac léinn a léann leabhar amháin a bhaineann leis na Ceiltigh ina bhfochéime agus spreagtar iad cuardú níos míne a dhéanamh ar na Ceiltigh – sin an fáth go dtagann daoine ón stair, na clasaicí, litríocht an Bhéarla, socheolaíocht, polaitíocht agus fochéimeanna eile.”

De réir Russel, níl an ceart ag daoine a fhéachann ar Staidear Ceilteach mar réimse ró-chaol. “Nuair a insítear do dhaoine faoi Staidéar Ceilteach, creideann siad gur ábhar an-chaol, an-sonrach atá i gceist. Ach a mhalairt atá ann. Gan na Ceiltigh ní bheadh sibhialtacht an Iarthair mar atá sí, agus ní féidir leat an tsibhialtacht a thuiscint mar atá sé faoi láthair gan féachaint siar. Tá tú ag déanamh staidéir ar shochaí ina iomlán, agus sin an fáth go mbíonn gnéithe éagsula a chuimsíonn beagnach gach ábhar sna daonnachtaí.”

Ag deireadh na dála, ní aisteach an rud é go bhfoghlaimítear an Fhraincis taobh amuigh den Fhrainc

Cé go mbíonn an réimse leathan atá thuasluaite le fáil sa Staidéar Ceilteach, míníonn Williams go mbíonn paisean an-mhór ag mic léinn sula dtosaíonn siad ag déanamh staidéir ar an ábhar san ollscoil de ghnáth. “Ní roghnaítear an t-ábhar trí thimpiste. Le gach mac léinn ar bhuail mé leo ar ár bhfochéim cheana féin, bhí rud éigin a las an tsuim iontu chun an cúrsa seo a roghnú – uaireanta nasc le hÉirinn nó leis na tíortha Ceilteacha eile, ach ar an iomlán roghnaítear an cúrsa mar gheall ar shuim sa bhéalóideas Ceilteach óna bhí siad óg nó mar gheall ar fhilíocht Séamus Heaney, fiú mar gheall ar an seodra atá bunaithe ar na Ceiltigh!”

Tugann ranna ceilteacha timpeall an domhain seansanna do scoláirí chun taisteal lena gcuid taighde. Ach dar le Ní Mhaonaigh, bíonn daoine ag taisteal chun staidéar a dhéanamh ar staidéar Ceilteach. “Cé go bhfuil ranna Gaeilge agus staidéar ceilteach ar fud na cruinne, ar an iomlán is pobal beag muid i gcomparáid le hábhair eile. Níl roinn Cheilteach ar bith san Áise, ar feadh m’eolais. Ach feicimid mic léinn ag teacht anseo ón Áise bliain i ndiadh bliana chun staidéar a dhéanamh ar ár gcúrsa Angla-Shacsanach, Lochlannach agus Ceilteach, toisc go mbíonn an tsuim agus an riachtanas acu níos mó eolais a fháil agus a saolta acadúla a bheith dírithe ar an ábhar seo.”

B’fhéidir nach léir ar an gcéad dul síos na cúiseanna go roghnaíonn daoine staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge taobh amuigh d’Éirinn. Ach mar gheall ar an mbéim a chuireann na ranna sin ar fhoghlaim na Gaeilge i gcomhtéacs ginearálta Ceilteach, in éineacht le Gàidhlig agus leis an Bhreatnais, faigheann na mic léinn sin dearcadh leathan ar an nGaeilge agus ar a háit agus ar a tábhacht sa stáidear ceilteach.

Agus ag deireadh na dála, ní aisteach an rud é go bhfoghlaimítear an Fhraincis taobh amuigh den Fhrainc, nó le teangacha eile mar sin. Ba chóir go mbeadh an meon againn ar fhoghlaim na Gaeilge ar fud na cruinne, gan leithscéal a dhéanamh ar a son.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.