Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 5, 2019

Ní Leor an Staidéar Féidearthachta Iontrála a Shíneadh – Caithfidh an Coláiste Athrú Náisiúnta a Spreagadh

Cúig bliana ó thabhairt isteach na scéime, is beag forbairt fhollasach atá déanta uirthi.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

I mí Aibreáin, nuair a nocht The University Times den chéad uair go raibh an Coláiste ag smaoineamh ar dheireadh a chur lena staidéar féidearthachta iontrála, bhí neart mac léinn –  mar a bheifeá ag súil leis – míshásta.

Cén fáth, a d’fhiafraigh cuid acu, go raibh sé i gceist ag an Tríonóid fáil réidh le córas a thug rogha luachmhar eile do chuid – agus cuid bheag a bhí inti – mic léinn nua?

An tseachtain seo, thuairiscigh The University Times gur chinn an Comhairle Ollscoile dhá bhliain breise a chur le fad na scéime, chun “dul i bhfeidhm ar an chomhrá náisiúnta” maidir leis an teastas sóisearach agus córas na bpointí CAO, a cháintear go minic na laethanta seo.

ADVERTISEMENT

Is fíor a rá gur dea-scéal é seo don 25 mac léinn a dtugann an staidéar iontrála rogha eile in ionad an ghnáthchórais, atá iomlán easnamhach.

Ach má an Tríonóid ag iarraidh bheith ar thús cadhnaíochta in athrú ó chruachás an CAO agus i dtreo córais a bhfuil a luach cothaithe aige trí léiriú go dtig le mic léinn le níos lú pointí teacht faoi bhláth, caithfidh sé gealladh chun dlús a chur lena iarrachtaí.

Níl duine ar bith ag áitiú go mbeidh sé éasca córas úr iontrála a bhunú. Agus cé go dtugann staidéar na Tríonóide roghanna eile – ar nós gráid an mhac léinn ina rang agus ráitis pearsanta – is deacair samhlú cén luach a bheadh ag na gnéithe seo.

Chun go gcuirfear próisis malartacha iontrála i bhfeidhm mar is ceart, is dócha go mbeidh gá le próiseas uathoibrithe – ina mbeadh eagraíochtaí náisiúnta ar nós an CAO agus an HEA páirteach.

Mar sin féin, is cúig bliana ó thabhairt isteach na scéime, agus is beag misnigh atá tugtha ó shin do dhaoine atá ag iarraidh go mbeidh sí mar “aonán beo inmharthana”.

Le Clár Rochtana na Tríonóide, ghlac an Coláiste le cur chuige a mheall idir aird idirnáisiúnta agus aithris ó ollscoil atá chun tosaigh ar leibhéal domhanda – agus ní moladh go haithris, mar a deirtear.

Chun go dtiocfaidh bláth ar an staidéar féidearthachta iontrála, caithfidh an Tríonóid bheith chomh cruthaitheach céanna arís – i mbeart agus i mbriathar – chomh maith le háitiú ar an rialtas agus ar institiúidí eile gur fiú é.

Mura ndéantar sin, is dócha faraor go bhfaighfidh an scéim bás ciúin i gceann dhá bhliain.