Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 21, 2019

Is Gá do Mhic Léinn Tosaíocht a Dhéanamh de Gníomhú Aeráide – Láithreach

Níl smacht againn ar an éigeandáil aeráide go dtí seo, agus mothaíonn sé dósháraithe ar uairibh, ach ní leiscéal é sin do fhaillí.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An Luan seo caite, bhailigh scata beag mac léinn le feachtasóirí ón gCeannairc Díothaithe chun dul i mbun agóidíochta ar son na timpeallachta, le “bású” ag Ard-Mhúsaem na hÉireann agus le bacanna ar bhóithre ar fud na hardchathrach.

Ach cé gur léirigh físeán ón Irish Times dlúthpháirtíocht ó na feachtasóirí a bhí i láthair, ba léiriú é ar leibhéal rannpháirtíochta íseal freisin.

Níl sé mar aidhm ag an bpíosa seo chun an Cheannairc Díothaithe a cháineadh. Bíodh is go bhfuiltear ann a bhreathnódh air mar fheachtas radacach, d’fhéadfaí a áitiú gur feagra loighciúil agus cóir atá ann ar an bhfírinne go bhfuil cliseadh aeráide ag teannadh linn.

ADVERTISEMENT

(Ní leor fiú an ráiteas go bhfuil tubaiste timpeallachta “ag teannadh linn” – ráiteas atá úsáidte go minic ag polaiteoirí atá ag iarraidh dóchas a spreagadh in ionad neamhshuim – toisc nach n-aithníonn an ráiteas céanna go bhfuilimid ar tí ar phlainéid a scriosadh go buan.)

Léiríonn an leibhéal rannpháirtíochta íseal go bhfuil gá le gluaiseacht níos intuigthe, níos spéisiúla a chruthú a bhfuil mic léinn in ann tacaíocht a thabhairt dó mar ghrúpa ina iomláine. Níl aon leasú tapaidh ar fáil don Éigeandáil Aeráide, agus ní leor gníomhú fánach – fiú má tá sé feiceálach – chun brú a chur ar rialtais a chuid iarrachtaí a neartú.

Anois le daltaí dara-leibhéal trasna na tíre ag teacht le chéile i gcoinne athrú aeráide, tá mic léinn tar éis fanacht ar an imeall. Freastalaíonn ceannairí mic léinn ar agóidí go minic, ach tá sé deacar éalú ón smaoineamh go bhfuil orthu tosaíocht a dhéanamh den timpeallacht – agus é a dhéanamh láithreach.

Tá sé ríthábhachtach anois go mbailíonn gluaiseacht mac léinn shofheicthe, agus eagraithe le chéile ar son gníomhú aeráide.

Tá orainn – mic léinn, na haontais, agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn – an ghéarchéim seo a láimhseáil leis an dáiríreacht agus an rún atá de dhíth, agus an spiorad fíochmhar maraon leis an aontú céanna a bhí le feiceáil ón ngluaiseacht Aisghair a léiriú.

Ní chóir an t-easpa mórghluaiseachta a úsáid mar leithscéal do mharbhántacht ó dhaoine aonair. Níl smacht againn ar an éigeandáil aeráide go dtí seo, agus mothaíonn sé dósháraithe ar uairibh, ach ní leiscéal é sin do fhaillí: tá ár bplainéad ag dul in olcas, agus ní leor cupanna in-athúsáidte agus malaí gualainne chun é a shábháil. Tá sé maíte na milliúin uair cheana, ach níl aon am le cur amú.