Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 30, 2020

Dul Chun Cinn é Roinn Ardoideachais – Ach Ní hIonann é Agus Samhail Maoinithe

Go siombalach, caitear aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le roinn nua don ardoideachas, nuálaíocht agus taighde.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ar an 17ú Iúil 2019, in íoslach an t-Óstán Alex i lár chathair Bhaile Átha Chliath, gheall ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, roinn nua do cheannairí ardoideachais na hÉireann, dóibh féin amháin.

Ag an am, bhí sé éasca bheith amhrasach faoin gcur i láthair: bhí Martin, nach raibh sa rialtas, ag labhairt ag comhdháil a bhí eagraithe ag ollscoileanna, le haghaidh ollscoileanna agus bhí sé ag labhairt le hearnáil a bhí ag fulaingt le ganntanas maoinithe agus easpa aird polaitiúla. D’oir sé dó áit a ghealladh do ollscoileanna ag bord an chaibinéid – chomh maith le gealltanas mealltach, agus doiléir, faoi tuilleadh infheistithe.

Aon mhí déag níos déanaí, tá cúrsaí athraithe go mór. Ó inné, is é Martin taoiseach tír atá trí chéile de bharr na paindéime. Tá an chumhacht ag fadhbanna maoinithe an ardoideachais, a bhí ollmhór i 2019, bheith eiseach anois i ndáiríre.

ADVERTISEMENT

Sa chomhthéacs seo, is beag an t-ionadh go bhfuil ceannasaithe ollscoile ag ceiliúradh an fógra go mbeidh a roinn féin ag ardoideachas agus taighde, roinn ar leith a bheidh éagsúil ón Roinn Oideachais. Sheas Martin lena fhocal.

Go siombalach, caitear aitheantas a thabhairt do thábhacht an roinn nua – go háirithe de bharr an deacracht a bhí ag ollscoileanna rún a fháil ar an gclár gnó le cúpla bliain anuas. Beidh an-tábhacht ag baint le brústocaireacht agus an tír ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéim eacnamaíochta, agus beidh ollscoileanna meáite ar chaibinéad nua Simon Harris a úsáid chun maoiniú a aimsiú anois níos mó ná riamh.

Is comhartha é chomh maith go raibh rath ag ollscoileanna, agus ag a taighdeoirí go polaitiúil sna seachtainí atá thart mar tá insint anois atá ag cur oideachas ag croílár ath-thógáil na hÉireann i ndiaidh na paindéime. Léiríonn sé seo go bhfuil an oideachas ag druidim níos giorra de lár an chinnteoireacht polaitiúla, agus tá sé deacair míbhuntáiste a fheiceáil leis seo.

Ach is rud amháin í reitric – gníomh is ea rud eile go hiomlán. Agus is cúis amhrais aon roinn atá faoi stiúir Harris, atá mar bhall de pháirtí a thugann cluas bodhar i gcónaí ar an ngá le hinfheistiú poiblí san ardoideachas.

Tá rialtas a aithníonn an luach agus an costas a bhaineann leis an tríú leibhéal ag teastáil go géar – agus ní chinntíonn roinn amháin go mbeidh eiseamláir maoinithe i gceist. Má thagann ceann ar an bhfód – agus níl sé seo cinntithe in ainneoin an fógra inné – is féidir le hollscoileanna bheith corraithe i ndáiríre.