Is mise mar cheann de na mílte duine ar theip orthu áit a fháil ar an gcúrsa leighis. Chomhcheangail mé an teip san HPAT le teip sa saol, cé go raibh lánfhios agam go raibh go leor bealaí eile teacht ar an gceann scríbe díreach céanna. Mhothaigh mé gur theip orm, ní hámháin toisc gur theip orm áit a fháil ar an gcúrsa, ach toisc gur theip orm, go bunúsach, rud éigin a dhéanamh gur éirigh le daoine eile a dhéanamh. Chuir mé mé féin i comparáid leis na daoine sin, rud a d’fhoghlaim mé nach bhfuil sláintiúil nó cabhrach, ach rud a dhéantar go minic faraor.
Conas nach féidir linn muid féin a chur i gcomparáid lena chéile nuair a tharraingítear comparáidí eadrainn an t-am ar fad sa saol acadúil? Mothaíonn go leor mac léinn ETIM, mé féin san áireamh, go bhfuil an-bhrú orainn– fiú más as muid féin amháin a eascraíonn an brú sin– scoláireachtaí, duaiseanna agus scoláireachtaí taighde a bhaint amach ar son ár dtodhchaíochtaí, chun muid féin a dhéanamh níos infhostaithe amach anseo.
Is é ‘Amgen Scholars’ ceann de na scoláireachtaí taighde is luachmhaire atá ar fáil do mhic léinn eolaíochta. Is scoláireacht é a thugann an deis do mhic léinn fochéimithe an lámh an uachtair a fháil ar mhic léinn fochéimithe eile, agus taighde a dhéanamh sna hollscoileanna is fearr timpeall na hEorpa, ina measc ná Ollscoil Cambridge agus Institiúid Karolinska. Cé go ndúradh linn ar feadh na mblianta gan muid a chur i gcomparáid le daoine eile, is é sin go díreach cad atá ag teastáil agus tú ag cur isteach ar an scoláireacht áirithe seo. Iarrtar ar an moltóir “comparáid a dhéanamh idir an t-iarratasóir agus na mic léinn sa réimse céanna.”
Tá an córas grádaithe seo ag tabhairt deise dúinn muid féin a chur i gcomparáid díreach, ní hamháin lenár gcomhghleacaithe, ach leis an gcuid eile den Eoraip. Go tobann, níl aon chumhacht sa ráiteas coitianta a chloistear ar fud na Tríonóide, “is cuma faoin gcéad dhá bhliain, ní chomhaireann siad.” B’fhoinse struis a bhí ann dom mar chuirtear isteach ar an scoláireacht seo sa dara nó sa triú bliain de ghnáth. Mar sin, bheadh siad ag féachaint ar na marcanna “nach gcomhaireann” i súile formhór na mac léinn sa Tríonóid agus timpeall na tíre. Tá an smaoineamh céanna macallaithe sna scrúduithe scoláireachta de chuid na Tríonóide i mbliana. Níor chabhraigh an córas cuótaí nua leis an strus a laghdú do na scrúduithe seo, a mhéadaigh an mothúcháin na teipe níos mó ná mba gá.
Cé nach i gcónaí iad na daoine timpeall orainn atá ag cur an bhrú seo orainn a bheith ‘foirfe’ agus a bheith i gcónaí ag dréim i dtreo na todhchaí, bíonn an brú sin fós ann. Bím i gcónaí ag ceistiú: an gcuideoidh sé seo liom a bheith mar iarratasóir níos fearr ar pháipéar? An gcuirfidh an coiste seo le mo CV? An mbeadh seans níos fearr agam cúrsa iarchéime a bhaint amach má tá níos mó duaiseanna buaite agam? Nuair is iad seo na luachanna atá agat sa saol ní haon ionadh go bhfuil daoine ag mothú ar nós go bhfuil ag teip orthu sa saol.
Le blianta beaga anuas, tá borradh faoin bpobal ‘studytube,’ grúpa scoláirí agus mic léinn ar Youtube a thaifeadann a gcuid staidéir agus a dturas acadúil agus a chuireann físeáin thairgiúlachta amach, i measc rudaí eile. Tá ard-mheas agam orthu ar fad agus is breá liom ag féachaint ar a bhfíseáin, ach ag an am céanna, ní féidir liom a shéanadh go mothaím ciontach uaireanta i ndiaidh breathnú orthu. Uaireanta, agus b’fhéidir i ngan fhios dóibh, cuireann siad táirgiúlacht nimhiúil chun cinn agus iad ag déanamh taifid dá 100 uair staidéar in aghaidh na seachtaine. Ceapaim go n-eascraíonn sé as an meon go gcaithfidh mé a bheith chomh táirgiúil is gur féidir an t-am ar fad, ach freisin as an réamhcheapadh go raibh orm spriocanna áirithe a bhaint amach faoi aois áirithe, rud nach bhfuil fíor ar aon chor. Ní mhothaím é seo maidir le hobair ollscoile amháin, ach a bheith ag déanamh gníomhaíochtaí seach-churaclaim, rudaí a d’fhéadfadh cabhrú liom mo chuid spriocanna a bhaint amach sa todhchaí.
Chun dul i ngleic leis na mothúcháin seo, sílim go bhfuil sé tábhachtach, ar bhealach éigin, an nasc idir an lá inniu agus an todhchaí a scoitheadh. Ní bhraitheann mo thodhchaí ar gach rud a dhéanaim inniu agus má tá an meon eile sin agam níl sé ach chun mé féin a ghortú.
Mar a dúirt mé, an chéad mhórtheip a bhí agam i mo shaol, an chéad rud ar chuir bac ar m’aistear– sin a cheap mé ag an am ar aon nós– ná nuair a theip orm sa HPAT. Thóg sé tamall fada dul i ngleic leis agus bhí sé deacair toisc go raibh rath sa scrúdú sin fite fuaite i m’aigne le rath sa saol. Bhí orm m’aigne a oscailt go rudaí nua agus taitneamh a bhaint as an turas in áit olc a bheith orm faoi. Agus má tá duine ar bith ag mothú ar nós go bhfuil siad ag teipeadh faoi láthair, coinnigí bhur misneach. Ní shainíonn mothúchán na teipe nó rath muid mar dhaoine.