News
May 25, 2021

Rinne 73 Mac Léinn Staidéar ar Chúrsaí Tríú-Leibhéil trí Ghaeilge Anuraidh

Mar gheall ar cheist ón iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív don Aire Ardoideachais Simon Harris beidh plé ar ghanntanas cúrsaí atá á dteagasc trí Ghaeilge á dhéanamh leis an Údarás um Ardoideachas

Jennifer Ní ChiaraEagarthóir na Gaeilge
blank
Geared Gibbs for The University Times

Rinne 73 mac léinn as 200,000 staidéar ar chúrsaí tríú-leibhéil le teagasc trí Ghaeilge narbh cúrsaí múinte Gaeilge iad, sa bhliain acadúil 2019-2020.

Bhí 127 cúrsa Gaeilge ar fáil anuraidh idir chúrsaí trí Ghaeilge agus chúrsaí múinte Gaeilge agus rinne 1,799 staidéar ar na cúrsaí sin.

Dar le halt ó Tuairisc cheistigh an t-iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála Éamon Ó Cuív, an tAire Ardoideachais Simon Harris faoin nganntanas cúrsaí trí Ghaeilge atá ar fáil in institiúdí tríú-leibhéil in Éirinn.

ADVERTISEMENT

Dúirt Harris go raibh “soláthar suntasach oiliúna don Ghaeilge ann faoi láthair” ach go mbeadh sé sásta “an scéal a fhiosrú a thuilleadh”.

Mar gheall ar an gceist, dúirt Harris go mbeadh sé chun an scéil a phlé leis an Údarás um Ard-Oideachas (HEA) agus mbeadh sé féin agus Ó Cuív in ann bualadh leis an údarás le chéile chun é seo a dhéanamh.

Luaigh Harris le Ó Cuív gur chláraigh 9,286 mac léinn ar chúrsaí trí Ghaeilge nó cúrsaí múinte Gaeilge ó 2015 agus b’ardú de 19 faoin gcéad é sin.

Mar fhreagra dúirt Ó Cuív go raibh níos mó le déanamh ná cúrsaí múinte Gaeilge amháin a chur ar fáil má le go gcomhlíonfar riachtanais earcaíochta rialtais amach anseo, mar aon le líofacht sa Ghaeilge a fhorbairt do ghairmeacha sa Ghaeltacht.

Táthar ag súil le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, go mbeidh 20 faoin gcéad d’oibrithe nua sa tseirbhís phoiblí líofa sa Ghaeilge faoi 2030.

“Ceann de na húdair imní atá agam ón taithí atá againn ná go dtabharfaidh muid dlí isteach agus nach mbeidh muid in ann é a chur i bhfeidhm gan cur chuige comhordaithe tras-rialtais,” dar le Ó Cuív.

In alt ó Tuairisc dúirt Ó Cuív go léiríonn na figiúirí seo go bhfuil an Ghaeilge “ag dul ar gcúl ag an tríú leibhéal le fada, taobh amuigh de chúrsaí múinte Gaeilge.”

“Mar is eol don Aire tháinig fás mór ar líon na nGaelscoileanna agus líon na nGaelcholáistí ag an dara leibhéal ach ag dul ar gcúl atá rudaí ag an tríú leibhéal le 40 bliain anuas, agus le deich mbliana fiú tá cúlú ar siúl ó thaobh líon agus réimse na gcúrsaí atá ar fáil trí Ghaeilge”.

“Is fiú a chur san áireamh, gur ar mhaithe le hOllscoil Ghaeilge a bheith ann agus ar mhaithe leis sin amháin, a coinníodh sna 1920idí OÉ, Gaillimh, nó UCG mar a bhíodh ann ag an am,” dar le Ó Cuív.

Anuraidh agus i mbliana, thug Comhlachas na n-Ollscoileanna Éireannacha (IUA) aitheantas do chúrsaí Gaeilge. I measc na gcúrsaí atá ar fáil ná BA sa Ghaeilge, Iriseoireacht agus Meáin Dhigiteacha in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) agus MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa i gColáiste na hOllscoile Corcaigh (UCC).

Ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana vótáladh ar son rúin a chuirfeadh brú ar institiúdí tríú-leibhéil modúil agus cúrsaí a chur ar fáil trí Ghaeilge nach gcúrsaí múinte Gaeilge iad.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.