Is chomh díobhálach i dtreo na Gaeilge is atá sé mearbhlach atá an nuacht go gcuirfidh Ollscoil Uladh críoch lena cúrsa fochéime lánaimseartha as Gaeilge ar a campas i mBéal Feirste. Tá an cinneadh sin i measc réimse leithne ciorruithe in ollscoil atá ag fulaingt deacrachtaí maoinithe méadaithe agus éiginnteachta tar éis vótáil na Ríochta Aontaithe i bhfabhar an Aontas Eorpach a fhágáil.
Is thar a bheith soiléir atá tionchar diúltach scoir an chúrsa seo: caillfidh trí dhuine a bpoist, ní bheidh cúrsa Gaeilge lánaimseartha inscroichte i gceantar uirbeach, agus is níos lú a bheid an méid mic léinn a bheidh an deis acu tumtha sa Ghaeilge i mbealach a chaomhnófaí í níos fearr i dTuaisceart Éireann.
Áfach, cé nach eachtra leithleach atá i gcinneadh a fhaillíonn an Ghaeilge ar an dá thaobh den teorainn, tá an socrú sin éagsúil mar is éasca é a cháineadh gan tagairt ar bith a dhéanamh dona gnáth-argóintí a chosnaíonn beartuithe caomhnúcháin Gaeilge.
Is minic a úsáidtear loighic chun fiúntas na Gaeilge a chosaint atá glan in aghaidh tráchtálaíochta agus éifeachtúlachta geilleagraí, ag déanamh tagairt dona cúrsaí atá ar chomhthábhacht leo sin cosúil le féiniúlacht teangeolaíochta agus luach intreach sóisialta agus cultúrtha na Gaeilge. Nuair a dhéantar gearáin fiúntacha faoin easpa seirbhísí phoiblí atá ar fáil trí Ghaeilge, ní minic a bhunaítear iad ar mhian riarachán níos éifeachtúla ó thaobh costas de a chruthú, ach, in áit é sin, ar thuairim go bhfuil luach ag caomhnú na teanga féin gur fiú é a shroichint, cé go n-íobreofar cuid denár n-achmhainní dá bharr. Bhí an tuairim sin le feiceáil go soiléir sa rírá agus ruaille buaille maidir leis an gcinneadh críoch a chur leis an gcúrsa Léinn Éireannacha i gColáiste na Tríonóide i mí Mheáin Fomhair anuraidh, cúrsa a chuireadh deireadh leis de bharr easpa iarratas.
Feictear an cinneadh sin, áfach, gan ciall fiú nuair a leantar áitimh nach bhfuil aithidiúil go mór do ghluaiseacht na Gaeilge. Dar le Unistat, tá ráta sástachta os cionn 94 faoin gcéad ag an trí chúrsa eile sa Ghaeilge agus Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Uladh. Tá 75 faoin gcéad de chéimithe an chúrsa Gaeilge páirtaimseartha i mBéal Féirste fostaithe nó fós ag staidéar, agus bhí post gairmiúil nó bainistíochta ag 65 faoin gcéad dena céimithe a fhostaíodh.
Agus Scoil na Gaeilge ag iompar comh iontach sin i réimse leathan gnéithe, feictear an cinneadh sin diúltach, go fiú i súil duine nach aithníonn luach na teanga, cinneadh a bhainfidh deis fhiúntach de mhic léinn sa todhchaí.