Le laethanta anuas, tá Coláiste na Tríonóide lán go doras le mílte Meiriceánach atá gléasta go bródúil i ndathanna Georgia Tech agus Boston College. Is cinnte go raibh sé deacair do thurasóirí agus do dhaoine áitiúla an gleadhradh a d’fháiltigh clanna, cairde agus lucht tacaíochta na bhfoirne, agus is cinnte go bhfaca siad an mustar agus mórdháil, chomh maith leis na taispeántais díograise a thagann i ndiaidh na Meiriceánach.
Is le mearbhall a chuir an chuid is mó de mhic léinn Choláiste na Tríonóide fáilte roimh an láithreacht gearr sin ar champas, áfach, tá gné an-mhórthaibhseach intuigthe i peil Mheiriceanach ar léibhéal na hollscoile, spórt a imríonn daoine den aois chéanna ná fochéimí anseo, a thógann sluaite de lucht tacaíochta ón taobh eile den mhuir chun na cluichí a fheiceáil. Cé nach taistleodh níos mó ná cúpla céad chun cluiche foireann rugbaí Choláiste na Tríonóide a fheiceáil agus níl an chuid is mó de mhic léinn dulta go Seantrabh chun tacú le foirne an Choláiste, tá níos mó díograise cruthaithe ag foirne Meiricéanaí ná eachtracha spóirtiúla réigiúnacha anseo.
Cé gur iomaí cúiseanna leis sin, agus maoiniú ina measc, ta Coláiste na Tríonóide ag brath ar a chlár nua scoláireachtaí spóirt, agus níos mó ná €9,500 ag baint leis, chun cultúr spóirt den saghas sin a chruthú. Agus gur i bhfad níos lú é sin ná an méid a thugtar do lúthchleasaithe sna Stáit Aontaithe, tá an Coláiste i gceart agus é ag aithint tionchair chomhphobail spóirtiúla ar a aitheantas idirnáisiúnta, agus an mhéid tacaíochta atá ag teastáil ó lúthchleasaithe chun buachan.
B’fhéidir nach mbeadh mic léinn rótógtha le hollslógaí ar champas, agus b’fhéidir go mbeadh díspeagadh acu ar an méid airgid a infheistítear i spórt ollscoile sna Stáit Aontaithe. Is imní réasúnta iad sin, agus ní féidir le Colaiste na Tríonóide dul in iomaíocht leis an maoiniú ag baint le spórt Meiriceánach, agus áitíonn mórán daoine nach cheart go ndéanfadh sé iarracht. Áfach, níor cheat freisin go mbeadh mic léinn soiniciúil faoin gColaiste agus é ag úsáid an spóirt chun é féin a chur chun cinn.
Níl an fhírinne sin bunaithe ar thuairim gur gá gach rud a mhéadú, nó gur gá an sampla Meiriceánach a ghlacadh i gcónaí. Ach tá cultúr spóitiúil tábhachtach – cé nach mbeadh sásta Oilimpigh as an gColáiste a fheiceáil? Agus má spreagann an scoláireacht nua deichiú cuid de “spiorad an champais” a chonacthas le linn an deiridh seachtaine, ní ach tairbhe a bhainfidh amach spórt an Choláiste.