Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 14, 2017

Ag Oideachas Saor in Aisce, agus an Tacaíocht atá acu, Níl Sceipteachas na bPolaiteoirí Tuillte

Is beag tograí leis an méid céanna tacaíochta ná oideachas saor in aisce a chaitear leo mar imeallach.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Cé mhéid ama atá ag teastáil ionas go n-iontrálfadh sa lárshruth? Is ceist a chuireann lucht tacaithe oideachais saoire in aisce orthu féin go minic. Smaoinigh air sin ar feadh nóiméid: tacaíonn na ceannairí ar gach institiúid teicneolaíochta na tíre le hoideachas saor in aisce, thug eacnamaithe le fios nach mbeadh scéim iasachtaí indéanta agus tá an ceannaire ar an dara páirtí is mó sa Ríocht Aontaithe ag iarraidh oideachas saor in aisce a chur i bhfeidhm má bhuafaidh a pháirtí an t-olltoghchán.

Tá an t-ábhar seo i gcroílár na lárshrutha, nach bhfuil? Áfach, is cuma an chúis atá leis, caitear leis an smaoineamh seo mar mholadh imeallach de chuid idéalaithe agus lucht feachtais na mac léinn, nach gcomhlíonfar choíche. Feictear gurb indéanta an rud é smaoineamh oideachais saoire in aisce a chur go rathúil i meabhracha airí agus lucht déanta beartas na tíre. Is dócha go mbeadh sé deacair beartas a bhfuil an méid tacaithe sin aige a aimsiú.

Níl páirtí ar bith in Éirinn a thacaíonn le scéimeanna iasachtaí go hoscailte agus, cé go bhfuil tacú suntasach leo ag teacht ó cheannairí ollscoile, tá a dtosaíocht i ndíospóireacht phoiblí díréireach leis an méid tacaithe atá acu in Éirinn agus sa domhan iomlán.

ADVERTISEMENT

Leoga, is cúis imní go gcaitear le oideachas saor in aisce mar radacach agus ró-uaillmhianach, agus scéimeanna iasachtaí gan inghlacthacht ilíoch mar chóras maoinithe do ardoideachas. Mar a nochtann gealltanas Jeremy Corbyn, tá stádas scéimeanna iasachtaí sa Ríocht Aontaithe faoi cheistiú níos mó ná a déarfadh a lucht tacaithe.

Ní soiléir an chúis leis an sceipteachas sin. Chun fíric a athrá nach féidir athrá go hiomarcach, bhí sé i measc na trí rogha a chuir an grúpa oibre um maoiniú ardoideachais a bhunaigh an rialtas in áireamh ina thuairisc. Cuireadh na costais agus an córas faoi anailís giorraisc agus, cé nach ndúirt siad go bhfuil an rogha is fearr atá ann, léiríonn sé go mbeadh oideachas saor in aisce indéanta dá mbeadh polaiteoirí ag iarraidh.

Níl clú ar Éirinn a bhaineann le polaitíocht idé-eolaíocht, agus níl cur i gcoinne de réir prionsabal curtha in iúl ag páirtí ar bith. In áit é sin, is deacair an tuairim a sheachaint go bhfuil oideachas saor in aisce i meon na bpolaiteoirí, agus iad ag plé na ceiste, mar aidhm uasal nach sroichfimid choíche.