Is cúis imní atá sa nuacht go bhfuil 73 faoin gcéad de altraí agus cnáimhsigh na hÉireann ag cur is ag cúiteamh faoi eisimirce, ach tá níos mó imní san fhírinne nár mór an t-ionadh sa nuacht sin. Tá fhios ag gach duine go gcaitear go dona le haltraí agus cnáimhsigh na hÉireann atá fós ag staidéar, agus iad ag dul i ngleic le huaireanta oibre fada, pá íseal agus coinníollacha agus iad ar socrúchán, ach tá sé níos deacra fianaise a fháil a léiríonn go bhfuil dúshlán curtha roimh an bhfadhb sin.
Agus é ag déanamh tráchta ar an taighde seo ó Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (INMO), dúirt Liam Conway, oifigeach do mhic léinn agus céimithe INMO gur chear go mbeadh na torthaí mar “ghlaoch múscailte don HSE.” Agus é aitheanta go bhfuil na torthaí seo mar an chéim is deireanaí de mhéid uafásach torthaí den saghas céanna, tuairiscí Aontais na Mac Léinn in Éirinn (USI) ina measc, ní cinnte go mbeidh glaoch múscailte de shaghas ar bith ann.
Leoga, nocht torthaí USI sa bhliain 2016 go raibh 93 faoin gcéad de altraí agus cnáimhsigh atá ina mic léinn ag cur is ag cúiteamh faoi eisimirce, agus 73 faoin gcéad a rinne tagairt do phá mar an chúis is mó. Fuair mic léinn altranais agus cnáimhseachais in Éirinn €6.49 san uair roimh mhéadú a thainig tar éis blianta agóidí agus bagairtí stailce, cé go raibh moill de mhíonna i gcur i bhfeidhm an mhéadaithe.
Níl sé faoi rún go bhfuil na sluaite céimithe altranais ag fágáil na hÉireann agus iad ag tóir coinníollacha agus pá níos fearr, agus níl amhras go bhfuil sé seo mar thoradh de fhaillí buanaithe gníomhartha a dhéanamh chun na céimithe sin a choiméad in Éirinn, in ainneoin réimse leathan staidéar a shoileirigh an fhadhb.
I gcomparáid leis sin, is fiú an gníomh a dhearna tar éis tuairisce sa bhliain 2015 a dúirt go raibh 60 faoin gcéad de mhic léinn altranais agus cnáimhseachais i gColaiste na Tríonóide tar éis mothú go raibh siad faoi bhulaíocht agus iad ar socrúchán. Léirigh an tuairisc chomh maith go raibh fadhbanna tromchúiseacha maidir le costais airgeadais a bhaineann le socrúchán, sláinte intinne agus dualgais thar a gcáilíocht a chur ar mhic léinn. De bharr na dtorthaí sin, bhunaigh grúpa stiúrtha nua, agus tá seans ann go gcuirfear a moltaí i bhfeidhm go forleathan i nDámh na nEolaíochtaí Sláinte.
B;fhéidir go laghdóidh an éiginnteacht atá intuigthe le Breatimeacht an dréacht ar chéimithe eisimirce i dtreo na Ríochta Aontaithe, ach ní leor duine ar bith a díspreagadh mura rachadh an HSE i ngleic leis na fadhbanna seo atá ag crá is ag creimeadh na mac léinn agus na gcéimithe seo. Ar a laghad, tugann an fíric nach raibh ach 30 faoin gcéad de mhic léinn tar éis conradh buan nó páirt-aimseartha in Éirinn roimh Aibreán 2017 le tuiscint nach bhfuil an córas tar éis athrú.