Is é nádúr na polaitíochta in Éirinn ná gur féidir le hAire trí bliana a chaitheamh i gceannas ar earnáil faoi leith, agus go tobann maidin Shatharn éigin, cuirtear é i gceannas ar earnáil go hiomlán éagsúil.
Sa chás seo táimid ag labhairt faoi Iar-Aire an Oideachais, Richard Bruton, atá anois mar Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, de dheasca scannail maidir le teagmháil mí-oiriúnach idir Aire eile agus fear gnó.
Is é sin le rá, níl maitheas ar bith ag baint leis an Iar-Aire dóibh siúd a bhí ag súil le go dtabharfadh sé tacaíocht d’earnáil dhíothach an tríú-leibhéil – is slua mór a bhí ag súil leis a bhfuil ceannairí ollscoileanna, ceannairí mhac léinn agus an lucht acadúil ina measc.
Tá sé deacair gan amharc go tnúthánach ar ghrianghraf de Bruton agus Patrick Prendergast ag iompú an fhóid ag Cearnóg na Clódóireachta nó é ag láinseáil d’fhorbairt €220 milliún ag Gráinseach Ghormáin. Ní léiriú ceart iad na grianghraif ar an stocaireacht, achainí agus an teagmháil atá déanta ag an earnáil leis an bhfear le cúpla bliain.
Tá blianta fada caite ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) chun an rialtas a threorú ar shiúil ó scéim iasachta ag brath ar ioncam. Go dtí seo, tá an t-athrú radacach don mhodh maoinithe curtha ar an méar fhada, ach ní féidir tuar a dhéanamh ar an gcaoi a dtabharfaidh an tAire nua, Joe McHugh, faoi ghéarchéim an ardoideachais, go háirithe le brú mór ó na hollscoileanna ag méadú.
Is dócha go rachaidh fadhbanna earnáil an tríú-leibhéil sa mhullach ar McHugh. Is fada an bóthar atá os a chomhair, go háirithe leis an ngéarchéim maoinithe faoi láthair.
Nuair a thógtar tromlach lag an rialtais san áireamh, tá an tasc is deacra ag na geallsealbhóirí, atá ar ais ag bun an dréimire arís – beidh orthu anois bheith ag plámas le fear a bhfuil seans ann nach mbeidh mar Aire Oideachais ach ar feadh cúpla mí.