Le hinstitiúidí tríú-leibhéal na hÉireann, tá an díospóireacht ar neamhspleáchas dlúthbhainte le ceist an mhaoinithe ón rialtas le tamall fada.
Pléann an Bord Eagarthóireachta seo go rialta an fhimíneacht atá ag croílár chur chuige an rialtais i leith na faidhbe: le blianta beaga anuas, tagann dolúbthacht fhánach maidir le maoiniú na hearnála, agus diongbháilteacht ar dhul i gcion ar a hinstitiúidí, i dteannta a chéile.
Ar an drochuair, mar sin, beidh ábhar an bhille úir a thabharfadh tuilleadh cumhachta don fhoras rialála Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éirinn (QQI) inaitheanta do daoine a bhfuil cur amach acu ar éilimh na n-institiúidí triú-leibhéal ar neamhspleáchas le cúpla bliana anuas.
Dúirt an tAire um Ardoideachais Mary Mitchell O’Connor gurbh é rún an bhille ná “QQI a chumasú mar rialtóir cáilíochta, agus cur le ról na gníomhaireachta i ndeimhniú caighdeáin arda ar fud córas oideachais na hÉireann”.
Faoin am seo, tá a míshástacht léirithe go soiléir ag an earnáil faoi mhaoirseacht ó rialtas nach raibh tionscnaíocht ná cruthaitheacht dá laghad sa dóigh ina bhfuil an ghéarchéim mhaoinithe gan deireadh san oideachas tríú-leibhéal a láimhseáil aige.
Tá an pointe seo déanta go hoscailte ag an Phropast Patrick Prendergast, agus d’éirigh Graham Love, iarcheannaire an Údáras um Ard-Oideachais (HEA), as a phost i mí Lúnasa 2018 de dheasca frustrachais faoi mhicreabhainistíocht rialtais.
Má tá rud amháin léirithe ag díospóireacht na seachtaine seo, is é go bhfuil muid beagnach díreach san áit chéanna, agus polaiteoirí ag scaipeadh na reitrice céanna faoi chaighdeáin a chaomhnú, ach fíorbheagán á dhéanamh acu chun feabhas a chur ar institiúidí tríú-leibhéal.
Le linn díospóireacht na seachtaine seo, d’áitigh polaiteoir amháin de chuid Fianna Fáil go gcaithfidh ollscoileanna na hÉireann an fód a sheasamh chun mic léinn idirnáisiúnta a mhealladh i ndiaidh imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach.
Níor luadh maoiniú rialtais d’ardoideachas fiú uair amháin ina óráid. Is léir do chách taobh amuigh den Dáil gur fearr maoiniú chun caighdeáin a fheabhsú seachas tuilleadh maoirseachta, ach is cosúil nach bhfuil an dream taobh istigh ábalta – nó toilteanach – an coincheap seo a thuiscint.
Blianta níos déanaí, is cúis mhór frustrachais go bhfuil an rialtas ag iarraidh é a bheith ina ghruth agus ina mheadhg aige maidir le maoiniú agus maoirseacht – agus na hinstitiúidí ardoideachais beo ar an bheagán agus neamhspleáchas de shíor á ghéilleadh acu.