Más feidir a rá gur olc an tseachtain a bhí ann d’ardoideachas in Éirinn, tá sé deacair samhlú conas mar a bhí cursaí i dteach an Phropaist.
Dé Céadaoin, fuaireamar amach go raibh titim 44 áit i gceist do Choláiste na Tríonóide, an Coláiste leis an rangúchán is fearr sa tír, go 164ú, an rangú is ísle fós, de réir Times Higher Education Rangú Domhanda na n-Ollscoileanna.
Le cúpla bliain anuas tá dearcadh spadhrúil le feiscint ag an gColáiste agus ag an bPropast i dtaobh rangú na hollscoile. I 2016, i lár géarchéim maoinithe agus titim ollmhór sna ranguithe, chuir Patrick Prendergast straitéis ranguithe ar bun chun iarracht a dhéanamh deireadh a chur leis an ísliú ollmhór sna Times Higher Education agus na ranguithe QS . Mar thoradh ar seo, phléigh an Bord Eagarthóireachta an rud cóir nó ciallmhar é don Choláiste an iomarca tábhacht a thabhairt don rangúchán.
Ansin, anuraidh, chuir Prendergast ionadh an domhain ar mhic léinn agus ar an bhfoireann, nuair a bhí athrú aigne iomlán aige. Le linn óráid, dúirt sé go bhfuil rangú “réaduchtach”. Scríobhamar ansin go raibh an Propast ag iarraidh a oidhreacht fhéin a athscríobh leis seo, tar éis an teip iomlán a bhí ag an straitéis stop a chur leis an dtitim sna ranguithe.
Ach tá sé soiléir anois go bhfuil an fhadhb seo níos tabhachtaí ná oidhreacht propast amháin nó fiú coláiste amháin.
Ní féidir a shéanadh go bhfuil teorainn le ranguithe, ach bíonn tionchar ollmhór acu ar chlú agus cáil institiúidí ardoideachais agus cabhraíonn siad go mór le foireann agus mic léinn ardcaighdeánacha a tharraingt. Mar sin, is drochscéal é seo d’Éire nach bhfuil an t-ollscoil is iomráití sa tír ach 164ú ar domhan.
Is léir do chách go bhfuil nasc idir an ghéarchéim maoinithe tríú leibhéil agus an titim sa rangú. Ach an tseachtain seo caite, labhair an rialtas faoi príomh-eacnamaíocht na hÉireann ó thaobh an eolais de, ach tá sé seo áiféiseach: táimid i bhfad chun siar go domhanada de bharr easpa infheistíochta leanúnach agus náireach.
Anois níos mó ná riamh, caithfear bheith dáiríre agus ionraic. Tá sé ráite ag an rialtas nach mbeidh cinneadh acu ar mhaoiniú ardoideachais go dtí go bhfuil an chéad olltoghchán eile thart. Caithfidh cinneadh teacht níos luaithe ná sin agus caithfidh mic léinn agus ollscoileanna cinntiú go mbeidh sé mar cheist toghcháin – anois, ní i mBealtaine 2020.
Murach sin, ní fios cathain gur féidir linn tosnú ar an bpost deacair atógáil a dhéanamh ar chaighdeán an ardoideachais in Éirinn.