News
Oct 27, 2020

Vótáil TCDSU Anocht Chun Coiste Gaeilge a Bhunú

Chuir an t-Oifigeach Gaeilge Gretchen Nic Sheanlaoich an rún chun tosaigh ag an gComhairle.

Jennifer Ní ChiaraEAGARTHÓIR NA GAEILGE
blank
Sinéad Baker for The University Times

Vótáil Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) chun coiste Gaeilge a bhunú ag an gcéad chomhairle i mbliana.

Thug Oifigeach na Gaeilge Gretchen Nic Sheanlaoich an rún chun tosaigh. Ag labhairt ar son an rúin chun coiste a bhunú, dúirt Nic Sheanlaoich go gceapann sí go bhfuil sé “an-tábhachtach go gcruthaímid ceann – cuireann sé an uileghabhálacht chun cinn. Tá éileamh ann dó i measc na mac léinn agus caithfimid an teanga a chur chun cinn sa choláiste – tá níos mó daoine ag iarraidh a bheith páirteach i saol na Gaeilge.”

Thacaigh Eoin Hand, Uachtarán an Aontais leis an rún ag impí ar mhic léinn vótáil ar son an rúin: “ach go háirithe dóibh siúd atá Gaeilge lag acu cosúil liom féin. Spreagfaidh sé daoine chun sásamh a bhaint as an teanga chun a chinntiú go mbeidh an teanga fós ann”.

ADVERTISEMENT

Labhair Philly Holmes, an t-Oifigeach Cumarsáide agus Margaíocht i bhfábhar an rúin freisin ag déanamh tagairte do luach na teanga agus an dualgas atá ag an aontas chun í a chur chun cinn.

I ráiteas chuig an University Times dúirt Nic Sheanlaoich go bhfuil sí “ag tnúth go mór leis – ba cheart go mbeadh níos mó mac léinn bainteach le hionadaíocht na Gaeilge faoi scáth an Aontais is cuma cén cumas teanga atá acu”. Chuir sí fáilte freisin ar an tacaíocht ón Uachtarán agus ón Oifigeach Cumarsáide agus Margaíochta.

D’aithin an Chomhairle go bhfuil “níos mó mac léinn de dhíth ó thaobh ionadaíochta agus tacaíochta na Gaeilge faoi scáth an aontais de”.

In ainneoin nach bhfuil Gaeilge de dhíth chun a bheith mar bhall ar an gcoiste ba chóir go mbeidh suim acu siúd a chuireann isteach air i gcúrsaí timpeall na teanga agus ionadaíocht an aontais.

Is iad na dualgais a bhaineann le ballraíocht ar an gcoiste ná plé a dhéanamh ar conas polasaí an aontais a fheabhasú maidir leis an teanga, ceisteanna aonaracha a bhíonn ag daoine i dtaobh na teanga Gaeilge a réitiú faoin aontas, tacaíocht a thabhairt do fheachtais an aontais atá bainteach leis an nGaeilge agus ionadaíocht na teanga a thacú san aontas.

Dar leis na téarmaí tagartha beidh ar an gcoiste Gaeilge nua “athbhreithniú a dhéanamh ar a fheidhmíocht agus na téarmaí tagartha roimh nó ar 31 Éanáir 2021” agus “tuairisceofar conclúidí agus moltaí an choiste do fhóram an Aontais” .

Thug na hoifigigh shabóideacha beannachtaí i nGaeilge ag tús a dtuarascálacha agus mhínigh Holmes ina thuarascáil go raibh sé “ag tabhairt tiomántais níos mó don Ghaeilge” leis an nGaeilge sna ríomphoist sheachtainiúla.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.