Tá Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) mar cheann de na grúpaí Gaeilge agus grúpaí oideachais atá ag iarraidh an phróisis chomhairliúcháin don shiollabas nua Gaeilge ardteiste a chur ar athló.
Shínigh trí ghrúpa déag an litir ag éileamh ar Arlene Forster atá mar phríomhfheidhmeannach don Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) agus an t-Aire Oideachais Norma Foley chun stop a chur leis an bpróiséas “láithreach”. I measc na ngrúpaí eile a shínigh an litir feicthe ag an Irish Times chuig an NCCA, ná an Foras Pátrúnachta, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Gael Taca, Gaeloideachas agus Údarás na Gaeltachta.
Dar le halt ó Tuairisc, seoladh cóip den litir chuig an t-Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin agus an t-Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers chomh maith.
I Mí Feabhra, foilsíodh pleananna nua do shiollabas Ardteiste Gaeilge nua ina gcuirfear chun cinn leasuithe ina mbeadh cúrsaí dúshlánach T1 ann do scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna agus cúrsa T2 a bheadh éagsúil ó T1 do scoileanna Béarla amháin.
Sa litir, éilíonn na grúpaí chun stad a chur leis an bpróiséas chun na cúrsaí seo a chur le chéile toisc go bhfuil ganntanas eolas ann maidir leis an gcúrsa nua don Teastas Shóisearach a tógadh isteach agus go bhfuil an Ardteist “róthabhachtach”chun an cinneadh seo a ghlacadh gan an t-eolas seo. Áitíonn siad freisin, nach féidir “breithiúnas oibiachtúil” a dhéanamh ar an bplean gan an t-eolas suntasach seo
I dtaca sin, deir siad go bhfuil sé “fíorthábhachtach” go mbeadh plé “i gceart sa phobal” agus nach féidir leis an bpróiséas seo tárlú go héifeachtach ar líne.
Ceann de na hathruithe is mó atá beartaithe ná an bhéim a laghdú ar líon na marcanna don scrúdú béil agus níos mó béime a leagan ar an litríocht
In alt le Tuairisc , cheistigh Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge an dóchas atá ann go dtabharfadh daltaí faoi chúrsa níos deacra cosúil le T1 muna bhfuil marcanna sa bhreis ar fáil dóibh. Dúirt sé, “Cén fáth go ndéanfadh aon dalta an tsonraíocht T1, mar atá molta sa chomahirliúchán faoi láthair, gan a leithéid?”
Thairis sin, an tseachtain seo d’fhoilsigh an USI torthaí tuairisce a léirigh in ainneoinn go bhfuil mic léinn i bhfábhar na Gaeilge mar ábhar éigeantach sa mheánscoil, ní bhraitear go múintear an Ghaeilge mar theanga bheo. I measc freagraí ó mhic léinn ollscoile a shuígh an Ardteist a d’fhreastal ar scoileanna Béarla amháin, níor cheap ach 5 faoin gcéad go raibh béim ar an nGaeilge mar theanga bheo.
Táthar ag súil go dtiocfaidh an siollabas nua isteach faoi Mhí Mheán Fómhair 2022.