News
Mar 17, 2021

Fórmhór de Mhic Léinn Tríú-Leibhéal ar son Gaeilge Éigeantach ar Scoil

Is léiriú é an tuairisc seo ar mheon na mac léinn a d’fhág an mheánscoil i leith múineadh na Gaeilge.

Siothrún SardinaScríbhneoir Cúnta
blank
Sinéad Baker for The University Times

Léiríonn tuairisc ó Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) ar Mhúineadh na Gaeilge 2021 go bhfuil 67 faoin gcéad de mic léinn tríú-leibhéal ar son na Gaeilge a choinneáil mar ábhar éigeantach don ardteist.

Ach in ainneoin an dearcaidh dhearfaigh seo, dúirt 54 faoin gcéad de mhic léinn nach raibh béim ar an nGaeilge mar theanga bheo. I measc iad siúd ó scoileanna Béarla amháin, níor chreid ach 5 faoin gcéad de na mic léinn go raibh béim ar bith ar an nGaeilge mar theanga bheo.

In agallamh déanta ag an Irish Times le Clíodhna Ní Dhufaigh, leas-uachtarán don Ghaeilge ag an USI, léirigh Ní Dhufaigh gur fhadhb í nach raibh an Ghaeilge múinte mar theanga bheo, agus go raibh na mic léinn ag iarraidh dul chun cinn in oideachas na Gaeilge.

ADVERTISEMENT

Dúirt Ní Dhufaigh leis an Irish Times “Fiú go bhfuil amharc dearfach ag roinnt mac léinn an tsuirbhé ar an nGaeilge mar theanga bheo mar gheall ar a dtaithí féin sa choláiste nó sna coláistí samhraidh ar scoil, is léir go bhfeiceann siad na fadhbanna sa chaoi go múintear an Ghaeilge agus go gcreideann siad gur gá é sin a athrú chun an teanga an choinneáil beo.”

Móide sin, ceapann Ní Dhufaigh go bhfuil nasc idir na meáin shóisialta agus meon dearfach na mac léinn ar son na Gaeilge. “Anois leis na meáin shóisialta agus acmhainní breise ar fáil do mhic léinn taobh amuigh den seomra ranga, tá an chosúlacht ann go bhfeiceann na mic léinn buntáiste leis an nGaeilge a fhoghlaim agus a úsáid taobh amuigh den scoil, fiú go bhfuil fianaise ann nach bhfuil an chuid seo den Ghaeilge léirithe ar scoil,” a dúirt sí leis an Irish Times.

Anois agus roinnt daoine ag fiafraí an ceart go mbeidh an Ghaeilge éigeantach sa chóras oideachais ar chor ar bith, tá an suirbhé seo mar athmhachnamh ar an bplé sin. Cabhraíonn an t-eolas seo an fhadhb sin a thuiscint trí shúile eile– go bhfuil éileamh ann i measc na mac léinn deisiúchán a dhéanamh ar an slí ina múintear ár dteanga.

Toradh eile a tháinig as an tuairisc dar leis an alt, ná go ndúirt 21 faoin gcéad de mhic leinn go raibh siad líofa sa Ghaeilge i ndiaidh críochnú sa mheánscoil, 41 faoin gcéad go ndúirt go raibh siad measartha líofa agus 30 faoin gcéad go ndúirt go raibh siad in ann cúpla abairt a chur le chéile. Dar leis an tuairisc, dúirt 66 faoin gcéad dóibh siúd a d’fhreastal ar scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht go raibh siad líofa tar éis na hardteiste i gcomparáid le 8 faoin gcéad ó scoileanna Béarla.

Rinne Aoife Ní Dheisigh – a bhí ina leas-uachtarán don Ghaeilge don USI idir 2018 agus 2019 – an taighde don tuairisc agus ghlac 1,539 mac léinn páirt sa tsuirbhé.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.