News
May 6, 2021

Múinteoirí ar son Próiseas do Shiollabas Gaeilge Nua Ardteiste a Chur ar Athló

Rinne an t-eagras ionadaíoch oifigiúil do mhúinteoirí iarbhunscoile 'An Gréasán' an suirbhé le 420 múinteoir trasna na tíre.

Ruairí WeinerScríbhneoir Cúnta
blank
Geared Gibbs for The University Times

Inné foilsíodh torthaí ó shuirbhé a rinneadh ar mhúinteoirí Gaeilge i meánscoileanna ar fud na hÉireann ina ndúirt 95% go raibh siad i bhfábhar an phróisis chomhairliúchán ar dhréachtsonraíochtaí na hardteiste a chur ar athló go dtí go bhfuil “athbhreithniú déanta ar chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí ar dtús”. I dtaca sin, sa phreasráiteas feicthe ag The University Times chreid 89 faoin gcéad de mhúinteoirí go mba cheart é a dhéanamh de bharr na paindéime.

Nochtaigh an suirbhé freisin go bhfuil 80 faoin gcéad den 420 múinteoir a rinneadh suirbhé orthu ar son pointí bónais nó cúiteamh sa bhreis a chur ar fáil do dhaltaí ardteiste a thugann faoin gcúrsa T1– cúrsa do scoileanna lán-Ghaeilge – toisc go bhfuil “cúrsa níos dúshlánaí” á dhéanamh acu. Dár leis an tuairisc feicthe ag The University Times ó An Gréasán, an t-eagras ionadaíoch oifigiúil do mhúinteoirí iarbhunscoile, muna bhfuil aon chúiteamh ann d’fhéadfadh sé “dochar tromchúiseach a dhéanamh do cheantair Ghaeltachta agus don oideachas lán-Ghaeilge.”

Tá an An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) ag smaoineamh ar na marcanna atá ar fáil don bhéaltrial a ísliú beartaithe ach dar leis an suirbhé tá 95 faoin gcéad de mhúinteoirí i gcoinne an smaoinimh sin. Dár leis an tuairisc ar an suirbhé “luadh go minic sna tráchtanna breise gur cheart go mbeadh níos mó béime ar fhorbairt scileanna teanga… agus gur cheart níos lú béime a chur ar chúrsaí litríochta.”

ADVERTISEMENT

I measc na dtorthaí ón suirbhé fionnadh go “gcreideann 97 faoin gcéad de mhúinteoirí gur cheart tuilleadh sonraithe a bheith luaite sna dréachtsonraíochtaí ar na téamaí agus na topaicí féideartha.” I dtaca sin, creideann 95 faoin gcéad de mhúinteoirí “gur cheart liosta litríochta a fhoilsiú ag an am céanna le dréachtsonraíochtaí na Sraithe Sinsearaí.” Tá 98 faoin gcéad de mhúinteoirí ar intinn freisin go mba chóir don NCCA i gcomhpháirt le Coimisiún na Scrúduithe Stáit “níos mó sonraithe a chur ar fáil leis na dréachtsonraíochtaí ar an measúnú a bheadh i gceist don tSraith Shinsearach.”

Mar aon leis sin tá 99 faoin gcéad de mhúinteoirí ar aon intinn “gur cheart traenáil chuimsitheach a bheith déanta ag múinteoirí agus acmhainní tacaíochta a bheith curtha ar fáil ar a laghad bliain scoile iomlán sula gcuirtear tús leis an gcúrsa nua.”

Ní hiad múinteoirí an chéad ghrúpa chun an seasaimh seo a ghlacadh. I Mí Márta thuairiscigh The Univeristy Times go raibh Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) i measc eagraíochtaí Gaeilge, eile ag iarraidh an phróisis chomhairliúcháin don shiollabas nua Gaeilge ardteiste a chur ar athló de bharr na paindéime agus an easpa eolais atá ann ar chúrsa nua an Teastais Shóisearaigh.

Le déanaí d’fhoilsigh an USI taighde a léirigh go raibh fórmhór de mhic léinn tríú-leibhéal ar son Gaeilge éigeantach sa mheánscoil.

In 2019, thosaigh Conradh na Gaeilge, eagríocht gníomhaíochais a chosann na Gaeilge, feachtas le stádas na Gaeilge sa chóras oideachais a chosaint agus a chur chun cinn. ‘Gaeilge4All’ a chuireadh ar an bhfeachtas agus dar leis leathanach idirlín an fheachtais “Is í an bhagairt is mó atá ann faoi láthair do stádas na Gaeilge sa chóras oideachais ná an comhairliúchán atá idir lámha ag an NCCA.”

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.