News
Sep 27, 2021

Méadú 10 Faoin gCéad ar Mhaoiniú d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

D’fhógair an An tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Jack Chambers an méadú maoinithe.

Róise HannanLeas-Eagarthóir na Gaeilge

Tá ciste trí bliana le luach €3 mhilliún fógartha ag an Roinn don Údarás um Ard-Oideachas d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (NUIG).

D’fhógair an An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin agus an tAire Stáit do Spórt agus an Ghaelatacht Jack Chambers an méadú ar an chiste inné agus iad ar cuairt ar NUIG. Tá an ollscoil le cúrsaí trí mheán na Gaeilge a bhunú i roinnt ionad Ghaeltachta dá cuid i nGaoth Dobhair, i gCarna, agus ar an Cheathrú Rua. Tuairicíodh i Tuairisc.ie gur €1 mhilliún in aghaidh na bliana ar feadh trí bliana atá i gceist leis an chiste. Méadú de 10% ar an chlár maoinithe trí bliana a bhaineann leis an méadú maoinithe seo.
I bpreasráiteas a foilsíodh, d’fhógair an rialtas mar chuid den chlár oibre atá socraithe ag an Acadamh agus an Roinn “duine le PhD sa Luathoideachas nó réimse gaolmhar” a fhostú le ceardlanna a reáchtáil sna hIonaid Ghaeltachta.

Mar aon leis seo, beidh modúil á bhforbairt don BA sa Luathoideachas in OÉ Gaillimh. Tá sé mar aidhm ag an chúrsa tacaíocht a thabhairt le hoiliúint trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do chleachtóirí luathoideachais lonnaithe i naíonraí sa Ghaeltacht agus in áiteanna eile. De réir an chláir oibre atá aontaithe ag an Acadamh agus ag an Roinn, beidh “gearrchúrsaí i sealbhú agus saibhriú teanga” dírithe ar an earnáil luathoideachais sna hionaid Ghaeltachta.
Luaigh na hairí go mbeidh an ciste seo ag tacú leis an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge.

ADVERTISEMENT

Ag labhairt faoin maoiniú seo, dúirt an tAire Catherine Martin: “Cabhróidh an maoiniú breise atá á fhógairt inniu ar bhealach praiticiúil leis an mbonneagar Gaeilge sa Ghaeltacht a neartú tuilleadh ar leas fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge atá mar thaca aige.”
Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go bhfuil an Roinn s’aige “ag déanamh beart de réir briathair mar a bhaineann sé le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge”.

“Tá áthas ar leith orm go bhfuil an tAcadamh ag díriú isteach ar chúrsaí oiliúna a chur ar fáil don earnáil luathoideachais sa Ghaeltacht. Luíonn sé seo isteach le feidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon.”

Maidir leis na himeachtaí atá beartaithe leis an chiste seo dúirtan tOllamh Breandán Mac Suibhne, Stiúrthóir Léinn an Acadaimh: “Rachaidh na himeachtaí seo chun tairbhe don phobal agus do mhic léinn a bhfuil tréimhse á caitheamh acu sa Ghaeltacht mar chuid dá gclár léinn.”

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.