Ainmníodh príomhléachtlann an Fhoirgnimh Fitzgerald i ndiaidh an fisiceoir cáiliúil Erwin Schrödinger. Ar an drochuair, ciallaíonn sé sin gur ainm péidifileach atá ar an léachtlann.
Tá fíricí an scéal coscrach ar an gcuid is lú de. Scríobh Schrödinger é féin a chuid smaointe claona síos i ndialann a rinne an Irish Times tuairisc air i Mí na Nollag.
Sa dialann seo, déanann Schrödinger cuir síos ar chailín 12 bhliain d’aois mar “ghrá gan chúiteamh” ina shaol. Rinne sé mealltóireacht ar daltaí 14 bliain d’aois, cailín 17 mbliain d’aois a toirchiú agus i bhfocail a bheathaisnéisí, bhí dearcadh “forcheannasaígh fir” aige in éadan mná.
Ar cheart dúinn léachtlanna a ainmniú i ndiaidh fhisiceoirí cáiliúla? Ba cheart cinnte. Ar cheart dúinn iad a ainmní i ndiaidh péidifileach? Níor cheart. Mar sin, ní mór do Choláiste na Tríonóide ainm na léachtlainne a athrú.
Ar an dea-uair, tá Scoil na Fisice i mbun pléite ar an méid sin a dhéanamh, i ndiaidh gur seoladh achainí – a bhfuil beagnach 150 sínitheoirí aici anois – chun an léachtlann a athainmniú. Is léir cad é an cinneadh ar cheart don roinn glacadh.
Ach tarraingíonn an tubaiste Schrödinger ceisteanna tábhachtacha faoi phríomhfhoirgnimh eile Choláiste na Tríonóide – leabharlann Berkeley, a ainmníodh i ndiaidh úinéir sclábhaithe, san áireamh. Anuraidh sheol Choláiste na Tríonóide fiosrúchán maidir lena stair coilíneachta agus ba cheart don stair sin stair a campas féin a chur san áireamh.
Is maith le daoine argóint faoi dealbha – amharc ar an shíorsháraíocht sna Stáit Aontaithe faoi dealbha na Cónaidhme – nó faoi leagadh dhealbh Colston i mBriostó i 2020.
Níl aon critéar ann a rialaíonn ar cheart dealbh duine éigean a leagadh mar gheall ar drochiompar s’acu – ach ba cheart go mbeidh ciall ag daoine sa cheist sin. Níor chóir go mbeadh ar dhuine ar bith staidéar a dhéanamh i léachtlann a ainmníodh as péidifileach nó i leabharlann a ainmníodh as úinéir sclábhaithe.
Is féidir le daoine a mhaíomh nach ndéanann dealbha ceiliúradh ar luachanna an ré seo ach gur taifead agus comóradh atá iontu ar na réanna caite – ina raibh go leor iompair náireach. Níl ann sin ach seafóid. Baineann muid úsáid as ainmneacha anois mar cheiliúradh ar fhís agus ar luachanna ár gcultúr, ní chun taifead a dhéanamh ar ár stair. Tá an taifead sin curtha isteach i múineadh na n-ábhar ar aon chaoi.
Níl muid ag tabhairt droim láimhe dár stair má bhaineann muid an onóir sin ó phéidifiligh agus ó chinígh. Níl i gceist ansin ag an rud ceart a dhéanamh.