News
Jan 18, 2022

Feachtas Seolta do Cheathrú Gaeilge agus an Ghaeilge a Spreagadh san Ardchathair

D’fhógair an tAire Stát don Ghaeltacht agus Spóirt Jack Chambers maoiniú de €325,000 don fheachtas.

Jennifer Ní Chiara Eagarthóir Cúnta

Seoladh feachtas nua “BÁC le Gaeilge” inniu le húsáid na Gaeilge a spreagadh i lár chathair Bhaile Átha Cliath, mar aon le plean ceathrú Gaeilge a bhunú san ardchathair.

D’fhógair an tAire Stát don Ghaeltacht agus Spóirt, Jack Chambers €325,000 do Chonradh na Gaeilge leis an tionscnamh a chur i gcrích idir 2021 agus 2024.

Beidh sé mar sprioc ag “BÁC le Gaeilge” ghnólachtaí a spreagadh le comharthaí, suíomhanna idirlín, biachláir agus fógraíocht i nGaeilge a úsáid i mbialanna agus i gcaiféanna.

ADVERTISEMENT

Táthar ag súil go n-oibreoidh Conradh na Gaeilge leis an gComahirle Cathrach Bhaile Átha Cliath le ceathrú Gaeilge a fhorbairt leis an scéim seo. Tabharfaidh an comhairle deontas €30,000 sa bhliain don fheachtas.

Beidh imeachtaí ann do chúrsaí tríú-leibhéal, gaelscoileanna, eagraíochtaí Gaeilge, na Gaeil Óga agus na stáisiúin raidió.

Beidh Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge ag Uimhir a Sé ar Shráid Fhearchair mar lár-ionad do ghnónalachtaí agus don phobal le heolas a fháil agus iad a spreagadh seirbhísí Gaeilge a úsáid.

Is é Baile Átha cliath an tríú contae in Éirinn leis an méid is mó cainteoirí Gaeilge lasmuigh de scoileanna. Díreoidh ‘BÁC le Gaeilge’ ar an 17,000 cainteoir Gaeilge laethúil i mBáile Átha Cliath.

Ar an iomlán, is féidir le breis agus 431,413 duine Gaeilge a labhairt in Éirinn dar leis an daonáireamh.

In alt le Tuairisc dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn “go bhfuil borradh faoin spéis sa teanga agus úsáid na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, go háirithe i measc daoine óga”

In agallamh le Tuairisc dúirt Niamh O’Kennedy, urlabhraí de chuid Murphy’s Ice Cream, gnólacht atá luaite cheana le ‘BÁC Le Gaeilge’ go bhfuil “méadú mór tagtha ar an spéis atá ag ár gcustaiméirí agus ár bhfoireann sa Ghaeilge. Ar an ábhar sin tá seans á thabhairt againn dár bhfoireann go léir freastal ar cheachtanna Gaeilge saor in aisce. Le tacaíocht ó eagraíochtaí ar nós Bhaile Átha Cliath le Gaeilge creidimid gur féidir le gach duine an Ghaeilge a úsáid agus taitneamh a bhaint aisti.”

Ceann de na spriocanna den fheachtas seo ná chun gnónna príobháideacha roghanna Gaeilge a thabhairt dá gcustaiméirí.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.