Comment & Analysis
Apr 15, 2024

Is Léir go Bhfuil Dearcadh na nGalltachtaí ar an nGaeilge ag Athrú

Déanann Pól Ó hÍomhair plé ar mheon na hÉireann i leith na Gaeilge

Pól Ó hÍomhairAoíscríbhneoir

Deirtear go minic go mbíonn dhá insint ar gach scéal, agus is léir gur fíor é sin maidir leis an nGaeilge. Ó Ghaeilgeoirí fonnmhara go daoine a bheadh sona sásta fáil réidh leis an teanga ar fad, agus an tromlach eatarthu, ní féidir a shéanadh gur ábhar díospóireachta conspóidí í an Ghaeilge. Mar mhac léinn na Gaeilge, is minic a bhím ag labhairt le daoine faoin dearcadh atá acu maidir léi, agus níorbh fhada sular thug mé rud suimiúil faoi deara. Is dócha go bhfuil barúil níos dearfaí ag daoine óga faoin teanga i gcomparáid leis na glúnta a chuaigh rompu. Ní mhian liom a rá nach bhfuil eisceachtaí ann. Déarfainn, áfach, go bhfuil treocht caolchúiseach ann. Lena chois sin, is dócha go bhfuil modh difriúil ag daoine óga chun smaoineamh a dhéanamh ar theangacha go forleathan, agus is dóigh liom go bhfuil cúis ann nach scrúdaítear mar ba cheart.

Chinn mé staideár a dhéanamh ar an nGaeilge agus mise ar mheánscoil, agus i ndiadh sin, bhí orm mo chinneadh a mhíniú do mo ghaolta, agus bheinn ag insint bréag mura ndéarfaidh mé go raibh ionadh ag cuid mhaith de mo ghaolta faoi mo rogha. I ndiadh sin, áfach, ba mhinic a labhair siad faoin taithí a bhí acu leis an nGaeilge, agus luadh arís is arís go bhfaca siad an Ghaeilge mar “sean-rud”. Cé gur aithníodh an fonn a bhí agam dul le staidéar na teanga, níorbh fhéidir leo na réamhthuairimí a bhí acu a scaoileadh. B’amhlaidh a thosóidís ag gearán faoin gcaoi a múineadh í agus iad á foghlaim ar scoil, agus b’annamh nach luadh Peig féin, go háirithe i measc mo ghaolta a rinne a n-Ardteist sna hochtóidí.

I mbeagán focal, ba é a dtuairim gur déantán an chultúir thraidisiúnta í an Ghaeilge. Is dóigh liom go léiríonn sé an meon atá ag roinnt mhaith daoine faoi chúrsaí Gaeilge. Aithnítear go bhfuil an teanga ann, agus ba chomónta go mbeadh meas maith acu uirthi, ach is soiléir nach mothaíonn siad nasc léi. Nuair a labhraítear fúithi, samhlaíonn siad tírdhreacha áille an Iarthair agus an saol tuaithe a bhíodh ag Peig Sayers nó ag Máirtín Ó Direáin. Cuirfí é sin i gcomparáid leis an saol nua-aimseartha atá acu, agus ní fheicfidís ach na difríochtaí eatarthu. Go bunúsach, ní leosan í.

ADVERTISEMENT

Is éagsúil an scéal é nuair a labhraím le daoine atá comhaosta liom, áfach. Fiú nach bhfuil mórán Gaeilge acu, is léir go bhfuil modh smaoinimh úr acu. Is fíor-mhinic a bhím ag caint le duine éigin a deir liom gur mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, fiú nuair nach raibh suim ar bith acu inti agus iad ar scoil. Tá mórán cúiseanna leis an athrú seo, ach ba mhaith liom scrúdú a dhéanamh ar cheann de nach bpléitear go minic dar liom. Fás an ilteangachais in Éirinn is ea í. Measaim gur chóir dúinn idirdhealú a dhéanamh idir dhá shórt ilteangachais. Is sa phobal atá an chéad cheann bunaithe, ach measaim gur féidir a rá go bhfuil sórt eile lonnaithe ar an Idirlíon, ar na meáin shóisialta go háirithe. 

Maidir leis an gcéad shórt, cuimhním ar m’óige féin agus ar na teangacha a bhí le cloisteáil i ngach áit timpeall orm agus mé ag fás aníos i bhFine Gall. Bhí slua daoine ann sa phobal nach labhair an Béarla lena dteaghlaigh, agus is léir go raibh tionchar ag an bhfíric seo ar an mbealach a smaoinítear faoi theangacha taobh amuigh den Bhéarla. Is é barúil mhórán daoine nach aisteach an rud é go labhraíonn duine éigin teanga eile lena thuismitheoirí. De réir daonáirimh 2022, labhraíonn 751,507 daoine teanga cé is moite den Bhéarla nó den Ghaeilge agus iad sa bhaile. Bíonn Éireannaigh i dteagmháil le daoine ilteangacha i gcónaí, agus is dóigh liom go bhfuil páirt ag an bhfás sin i meonta na n-óg faoin nGaeilge. 

Tá an fás sin le feiceáil sna meáin shóisialta freisin, ach i mbealach éagsúil. Is minic a théann daoine ar Instagram nó a leithéid agus teangacha éagsúla le feiceáil  orthu. Toisc gur féidir le cách nithe a chruthú do na ardáin sin, is minic gur féidir le teangacha níos lú láithreacht mhaith a bheith acu , fiú dá ndéanfaí neamhshuim  díobh sna meáin níos traidisiúnta. Ó thaobh lucht féachana de, tá sé níos éasca ná a bhí riamh teacht ar theanga ar bith, an Ghaeilge san áireamh. Ní mór dóibh ach cúpla cúntas a theastaíonn uathu a leanúint, agus beidh an teanga le léamh agus le cloisteáil ar a bhfóin pócaí as sin amach, i measc na nithe eile a theastaíonn uathu a fheiceáil. 

Nuair atá leithéid Kneecap nó BlocTG4 ag cruthú ábhair do na hardáin seo, is minic a fheictear an Ghaeilge mar theanga cosúil le gach ceann eile, trínar féidir gach sórt gníomhachtaí a dhéanamh. Is minic a bhíonn an Ghaeltacht lárnach san ábhar sin, leis, agus feictear go bhfuil muintir na Gaeltachta cosúil leis an té a bheadh ag féachaint air. Ní mheastar gur daoine ó ham atá thart iad, toisc go léirítear iad mar dhaoine lena mianta féin, cosúil leis an lucht féachana. Déantar normalú ar labhairt na Gaeilge, go bunúsach.  

I Limistéar an Bhéarla, is minic a ghlacadh leis an aonteangachas mar ghnáthrud. Ar an taobh eile, meastar gur andúchasach an rud é an t-ilteangachas. Do na glúnta a d’fhás aníos in Éirinn roimh theacht na n-imircí , ba mhinic gur tógadh iad agus an Béarlóireacht amháin timpeall orthu, gan blúire teanga eile le cloisteáil. Ba ghnáthrud í an fhíric nach labhair tromlach na ndaoine ach teanga amháin. Tháinig peirspictíochtaí nua go hÉirinn le déanaí, áfach, agus is léir gur tugadh meon úr do na daoine óga a tógadh sa timpeallacht ilteangach seo. Meon níos ilteangaí is ea é, níos gaire don dearcadh atá ag tromlach an domhain taobh amuigh de limistéar na Béarlóireachta. 

Ar ndóigh, bheadh glacadh le léargas aonteangach níos deacra má tá dlúthchairde agat agus teangacha eile acu mar theanga dhúchais. Chomh maith leis sin, tá an Ghaeilge, i measc teangacha eile, le feiceáil i níos mó áiteanna ná a bhí sí riamh, go háirithe in áiteanna ina bhfeicfeadh daoine óga í. Dá bharr sin, ní ábhar ionaidh é domsa go bhforbraíonn daoine óga meonta úra maidir léi. De bhrí na hoibre déanta ag slua mór daoine chun teanga bheo bhríomhar a dhéanamh di, is féidir le slua mór daoine óga iad féin a aithint sa teanga, fiú mura labhraítear í ina dteaghlaigh. I mbeagán focal, is leosan í. 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.