Comment & Analysis
Sep 24, 2024

Cá Suíonn an Ghaeilge maidir leis an Pholaitíocht?

Déanann Niamh Leddy Iniúchadh ar áit na Gaeilge sa Pholataíocht.

Niamh LeddyAoíscríobhneoir

Tá ról lárnach ag an nGaeilge, a fheictear go minic mar shiombail chultúrtha, i saol polaitiúil na hÉireann, go háirithe i réimsí cearta teanga, frithbheartaíocht chultúrtha, agus gníomhaíochas. Scrúdaíonn an t-alt seo na bealaí ina mbaineann an Ghaeilge le gluaiseachtaí polaitiúla agus an chaoi a leanann sí de bheith ina fórsa le haghaidh athraithe i sochaí chomhaimseartha. Beidh mé ag fiosrú an stádas atá aici i dTuaisceart na hÉireann agus an dearcadh i measc na nglún óg.

 

Tá sé ar eolas go forleathan go raibh teanga dhúchais na hÉireann faoi chois mar thoradh ar stair fhada de riail choilíneacht na Breataine agus an chos ar bholg ó 1169 go 1922. Ní raibh aon stádas oifigiúil ag an nGaeilge agus bhí sí á díspreagadh go láidir. Meastar, áfach, gur tháinig tús polaitiúil na Gaeilge ó na ‘scoileanna scairte’ le linn na 18ú agus 19ú haoiseanna.. Bhí siad ag bualadh in aghaidh na ndlíthe pionósacha, polasaithe a bhí ag iarraidh muintir na tíre a scaradh ón ocras chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a dteanga dhúchais a chaomhnú. Chomh maith leis sin, chuir gluaiseacht Athbheochan na Gaeilge náisiúnachas Éireannach agus bród cultúrtha chun cinn ar fud na tíre. Bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893 mar phríomheagraíocht cur chun cinn na Gaeilge, ag cinntiú go mairfeadh an teanga go deo.  Tá sé níos láidre ná riamh, le méadú 540% ar mballraíocht le 3 bliana anuas  agus bíonn go leor feachtais reachtúla ar fáil. 

ADVERTISEMENT

 

 

Faraor, ní féidir an rath céanna a rá faoin Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann. Ar an drochuair, tá cearta teanga i bhfád níos laige acu ansin, i gcomparáid leis an Deisceart. Is fada í an Ghaeilge ó stádas comparáideach sa Tuaisceart i dtéarmaí aitheantas agus tacaíochta ón stát, cé go bhfuil feachtais láidre ann, cosúil le hobair an Dreama Dheirg, chun cearta a bhaint amach do chainteoirí Gaeilge. Dar leo, “ó bhí 1998 ann, tá soláthar don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge tar éis a bheith geallta i gcomhaontuithe polaitíochta éagsúla, ach táimid fós ag fanacht le go gcomhlíonfar na geallúintí sin. Tá cearta teanga i measc cearta an duine. Dá bharr sin, ní ghlacfaimid le séanadh na gceart sin a thuilleadh. Anois an t-am le coimitmintí i leith na Gaeilge a chomhlíonadh!”.  Tá dul chun cinn déanta ach tá an troid ar son cearta agus aitheantas teanga fós ann, agus is minic a bhíonn sé fite fuaite leis an bpolaitaíocht níos leithne ann. Tá sé roinnte go suntasach idir aontachtoirí agus náisiúnaithe, go háirithe maidir leis an nGaeilge.

 

 

Is minic nach mbíonn tacaíocht láidir ag aontachóirí, a aithníonn iad féin mar Bhriotanaigh, don Ghaeilge. Feiceann cuid acu an teanga mar shiombail de náisiúnachas Éireannach agus mar bhagairt d’fhéiniúlacht Bhriotanach. Ar an taobh eile, tacaíonn náisiúnaithe, a aithníonn iad féin mar Éireannaigh, le hathbheochan na Gaeilge mar chuid dá gcultúr agus dá n-aitheantas. Tá díospóidí móra ann faoin t-Acht Gaeilge sa Tuaisceart a ritheadh i 2022, le cearta agus stádas oifigiúil cothrom a thabhairt don Ghaeilge. Ach, is cúis easaontú í le páirtithe polaitiúla. Cur i gcás, an páirtí naisiúnach Sinn Féin, atá ar son na teanga, agus an páirtí aontachtach DUP (Democratic Unionist Party) ag cur in aghaidh an achta. Go hachomair, léiríonn an Ghaeilge an scoilt pholaitiúil idir aontachtoirí agus náisiúnaithe i dTuaisceart na hÉireann. Troid leanúnach atá ann do chearta teanga. Níl an troid seo don Ghaeilge réitithe ar chor ar bith. 

 

 

Tá gluaiseachtaí cultúrtha, cosúil le Kneecap, ag cur le hathbheochan na Gaeilge ar bhealach réabhlóideach. Is grúpa ceoil iad ó 2017, a bhaineann úsáid as an nGaeilge go cruthaitheach agus go polaitiúil. Dar le ‘Mo Chara’, “tá sé dodhéanta gan a bheith polaitiúil anseo má tá tú chun Gaeilge a labhairt , tá sé an-deacair gan a bheith polaitiúil agus tú ag fás suas i mBéal Feirste”. 

 

Ar an leibhéal níos leithne, tá an Ghaeilge nasctha freisin le gluaiseachtaí domhanda, cosúil leis an bhfeachtas ar son na Palaistíne. Ceanglaíonn an Ghaeilge agus a cainteoirí leis na troideanna timpeall an domhain, cosúil le mionlaigh atá faoi leatrom. Bhí eachtra chonspóideach sa Ghearmáin nuair a chuir póilíní cosc ar agóid le Gaeilge mar gheall ar nasc leis an troid ar son na Palaistíne, rud a léirigh an chaoi a bhfuil an Ghaeilge ag éirí ina siombail thábhachtach i gcomhthéacs polaitíochta idirnáisiúnta. Imríonn na meáin shóisialta páirt mhór freisin leis an bpolaitiú sin. Cháin Conradh na Gaeilge an eachtra seo sa Ghearmáin go láidir ar an ardán ‘X’. Freisin, tá samplaí eile le feiceáil sa frithbheartaíocht chultúrtha le ‘ Ó Sumud go Saoirse’ agus neart agóidí ar fud na tíre. 

 

Ar an taobh eile de, tá íoróin sa chaoi a bhfuil roinnt Éireannaigh ag glacadh páirte i ngluaiseachtaí frith-inimirce nuair a chuirtear san áireamh go raibh an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann féin faoi chois agus faoi ionsaí, agus gur fhulaing na hÉireannaigh féin imeaglú agus leithcheal thar na blianta. Tá an íoróin seo go soléir le linn na hagóidí timpeall Bhaile Átha Cliath. Tá físeáin mór le rá le feiscint ar líne de Darragh Adelaide, comhairleoir agus gaeilgeoir, ag tabhairt freagraí i nGaeilge don agóideoir frith-inimirceach Philip Dwyer. Ní raibh ach “ní thuigim” le rá ag Dwyer leis. I gCluain Dolcáin, dar le hAdelaide, tá sampla ann den náisiúnach “ceaptha” seo agat atá dírithe ar “grá d’Éirinn”, ach atá freisin ag déanamh ciapadh ciníoch ar lucht iarrtha tearmainn. Is léir, chomh maith, nach mbaineann an grá seo leis an teanga dhúchais. Tugann sé seo léargas ar an gcaoi a bhfuil an Ghaeilge níos dírithe ar cheisteanna níos leithne maidir le cearta daonna agus comhionannas. 

 

Ní féidir an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an Ghaeilge a thuiscint gan freisin a thuiscint an ról ríthábhachtach a bhí ag polaitíocht. Bhí sé riachtanach sa troid ar son aitheantais, tacaíochta agus úsáide na Gaeilge i saol poiblí agus cultúrtha na tíre. Gan an obair pholaitiúil a rinneadh thar na blianta, bheadh an teanga i bhfad níos laige. Mar sin, is léir go bhfuil todhchaí na Gaeilge ag brath go mór ar chlaochlú polaitiúil agus tacaíocht leanúnach. Mar fhocal scoir, tá ról lárnach ag an nGaeilge i bpolaitíocht na hÉireann, agus go leanfaidh sé ar aghaidh mar fhórsa tábhachtach i gcomhthéacs cultúrtha agus polaitiúil na tíre. 

 

 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.