Is minic ar lá geal ar chósta Chontae Aontroma gur féidir radharcanna soiléire a fháil ar Albain. Mar a tharlaíonn sé, is í Albain an comharsan is cóngraí go hoileán na hÉireann – níl níos mó ná fiche ciliméadar san fhad idir Cionn an Toir i gContae Aontroma agus Maol Chinn Tíre in Albain. Ní haon ionadh é, mar sin, go maireann gaol láidir idir na tíortha seo. Déanann an dá thír roinnt ar a gcuid béaloidis – deirtear gur thóg Fionn Mac Cumhaill Clochán an Aifir chun teacht ar a namhaid inAlbain, i measc scéalta comhroinnte eile. Tá stair fada Éireannach ag Ceiltigh Ghlaschú agus tá iarmhairtí fós le bhrath i gCúige Uladh de na plandálaithe a tháinig ón Albain.
Is fiú a rá, áfach, gurb í oidhreacht an Dáil Riada atá mar an nasc is suimiúla idir an dá thír. Ríocht a bhí sna Dál Riada sna 6ú agus 7ú haoiseanna go raibh seilbh acu ar thalamh chóstaí iarthar na hAlban agus oirthuaisceart na hÉireann. I measc rudaí eile gur thógadar siar agus aniar agus idir an dá thír ná teanga Gaelach. Sa lá atá inniu ann, maireann teanga Gaelach fós sa dhá áit – Gàidhlig na hAlban agus Gaeilge na hÉireann. Dar le daonáireamh na hAlban i 2022, tá 69,701 duinea deirgo bhfuil siad in ann Gàidhlig a labhairt, i gcomparáid le beagnach dhá mhilliún le Gaeilge in Éirinn. Cé nach bhfuil Gàidhlig na hAlban chomh forleathan céanna leis an nGaeilge againne anseo, caithfear a rá go bhfuil sé beo agus bríomhar in áiteanna fós. Is sna hoileáin Hebrides, nó Inse Ghall, in iar-thuaisceart na tíre, go bhfuil formhór de chainteoirí Gàidhlig le fáil anois.
I mí Lúnasa na bliana seo, d’imíos sa tóir ar na cainteoirí seo. Bhí suim agam sna cosúlachtaí idir an dá theanga – bhíos cinnte gur féidir le cainteoir Gaeilge tuiscint fé leith a bheith acu ar chainteoir Gàidhlig. Bheadh deacrachtaí tuiscine, gan amhras, ach ná beadh na deacrachtaí céanna idir Mumhanach agus Ultach? Bhí gach tuairim agam go bhféadfainn cuimhneamh ar an nGàidhlig díreach mar chanúint den teanga againne. Mar a tharla dom, ní fuiriste a bhí sé saineolas a fháil gan cleachtadh! Tháinig mé ar bhunchúrsa Gàidhlig dírithe ar chainteoirí Gaeilge, curtha ar fáil ag Sabhal Mòr Ostaig le sparánacht ón eagras Colmcille de chuid Foras na Gaeilge. Cuireadh an cúrsa seo ar siúl ar an Eilean Sgitheanach, atá mar chuid de na hoileáin Hebrides agus i bhfad i bhfad ó mo bhaile beag fhéin in Éirinn.
D’imíos liom ar m’oilithreacht fada tuirsiúil. Ar fhágáil mo bhaile dom ag a ceathair a chlog ar maidin, bhí bus, eitleán, traein, bád, agus tacsaí os mo chomhair don lá. Bhíos le Sgitheanach a shroichint ábhairín roimh a sé san iarnóin, tar éis lá iomlán suite go rian agus mí-chomhpordach ar mo thóin. Thóg traein cúig uair a chloig mé ar thuras álainn ó Ghlaschú, thar bhruacha Loch Lomond, timpeall ar bhun Ben Nevis, an sliabh is mó sa Bhreatain, agus go Mallaig, baile beag iascach le turas gairid báid sall go Sgitheanach. Oileán millteanach é Sgitheanach atá os cionn deich n-oiread de thomhas ár n-oileáin Acla. Tá sléibhte aige atá chomh mór le haon cheann in Éirinn agus radharcanna aige nach bhfuil le sarú aon áit ar domhan. Is deise fós domsa, is anseo go raibh mé chun teacht ar an nGàidhlig.
“Halò, dè an t-ainm a th’ort?”, arsa an fear failtiú liom ar shroichint dom an choláiste Gaelach seo, Sabhal Mòr Ostaig, atá suite le faill agus ag féachaint sall ar mhórthír na hAlban. Gan amhras, thuigeas cad a bhí á lorg aige – m’ainm! Caithfear a rá gur thit an lug ar an lag ar mo chuid tuiscine sa chomhrá ábhairín ina dhiaidh seo. Bhí deacrachtaí agam le mórán den tearmaíocht éagsúil atá sa Ghàidhlig agus freisin leis an gcanúint láidir a bhí aige. Tá leaththuairim go mbeadh deacrachtaí agam a Bhéarla a thuiscint freisin! Pé scéal é, ní raibh bua na Gàidhlig agam go fóill. D’aistríomar beirt go Béarla de bharr m’easpa muiníne sa teanga iasachta seo, ach ó sin amach bhí sé beartaithe agam iachall a chur orm fhéin an Béarla a sheachaint ar mo mhaitheas fhéin. Ní raibh sé seo ró-dheacair mar go raibh beirt Éireannach déag ar an gcúrsa liom agus Gaeilge á labhairt againn lena chéile.
Thosnaigh an chéad lá de ranganna an maidin dár gcionn agus, leis sin, ba léir na cosúlachtaí fíor-spéisiúla idir an dá theanga dom go tapa. Bhraith sé ábhairín ait bheith in ann ana-chuid a thuiscint i dteanga nach raibh aon taithí agam léi. Cuireadh na ceisteanna “Cò as a tha thu?” agus “Ciamar a tha thu?” orm agus bhí mé in ann freagraí a thabhairt gan mórán fadhbanna. Mar a tharlaíonn sé, is iad foghraíochtaí an Gàidhlig a chur isteach is mó orm, toisc go raibh roinnt mhaith focail ann ana-chosúil le cinn sa Ghaeilge ach go raibh fuaimniú éagsúil acu. Mar shampla, an uimhir a hocht atá againne sa Ghaeilge, ach an uimhir a hochd atá sa Ghàidhlig. Seachas fuaimniú cosúil linne a bheith ag ochd, fuaimnítear mar “ochk” é. Rang ar rang agus diaidh ar ndiaidh, áfach, tháinig mé i dtaithí ar an dteanga agus bhí deiseanna iontacha í a úsáid gach oíche ag na himeachtaí shóisialta.
Bhí lá saor againn i lár na seachtaine agus é ar intinn againn dul agus roinnt den oileán a fheiscint. Bhí cúpla carr ag an ghrúpa d’Éireannaigh againne agus shocraíomar turas a dhéanamh ar Dùn Sgathaich, áit go bhfuil iarsmaí de sheana-chaisleán. Luaitear i mbéaloideas na hÉireann an láthair seo mar áit gur tháinig Cú Chulainn agus Ferdia chun traenáil troda a fháil ón ghaiscíoch Sgàthach. Bhí radharc ó bharr an chaisleáin ar an gcuan álainn Loch Eiseort agus amuigh níos faide fós ar roinnt de na hoileáin eile sna Hebrides. Bhí an t-uisce chomh séimh agus mín nach gceapfá go raibh fiú amháin taoide ag an bhfarraige anseo. Ní dócha gur botún é go maireann an teanga Gaelach seo in áit chomh aoibheann, iargúlta.
Ag deireadh na seachtaine, bhraitheas an-ait ar fad agus mé ag tabhairt slán ar Sgitheanach álainn ón mbád i dtreo na mórthíre. Chaitheas formhór de mo thréimhse gairid ag foghlaim Gàidhlig agus dearmad déanta agam ar an domhan mór agus ar mo bhaile fhéin, fiú. Is minic ar Sgitheanach nach mbíonn an mhórthír le feiscint ón oileán – Eilean a’ Cheo ná ainm eile air – mar sin, is fuirist dearmad a dhéanamh ar an saol eile agat trasna na dtonnta go hiomlán. Thaitin an t-éalú seo go mór liom. Ní fios dom go fóill an gcífidh mé an t-Eilean Sgitheanach arís tríd an gceo, ach tá súil agam é. Thug an t-oileán agus an Gàidhlig radharc eile dom ar m’oidhreacht agus ar mo theanga Gaelach fhéin.