Comment & Analysis
Sep 30, 2025

Turais Ghaeltachta Éigeantacha: Díolúintí, Easpa Tacaíochta, agus Meon an Rialtais in Leith na Gaeilge

Pól Ó hÍomhair Scríbhneoirí Gaeilge
blank
Photo by Marianne Dubois for The University times

Is minic a chloistear trácht ar dhíolúintí ón nGaelainn. Is mór an t-éileamh atá orthu, go háirithe i measc na ndaoine a bhíonn ag streachailt leis an dteanga. De réir fhigiúirí Chonradh na Gaeilge, tá níos mó éileamh ar dhíolúintí anois ná mar a bhí riamh, le 55,660 díolúine ag an leibhéal meánscoile i 2024, i gcomparáid le 33,476 díolúine i 2019. Níos leithne ná sin, is léir go dteipeann ar an gcóras oideachais agus é ag múineadh teangan dúchais na tíre do dhaltaí, agus is iomaí réiteach a mholtar chun dul i ngleic leis an bhfadhb siúd. Tá moladh úr ag Ryan O’Meara TD de chuid Fhianna Fáil, áfach. D’áitigh sé gur cheart do gach dalta meánscoile in Éirinn tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Ach an éireodh leis an bplean dá gcuirfí i bhfeidhm é, agus an é seo an fhadhb is mó atá roimh an nGaelainn is aoibhinn dúinn uile? 

Is iomaí dalta a sheolann tuistí na tíre i dtreo na Gaeltachta gach samhradh d’fhonn snas agus feabhas a chur ar Ghaelainn a bpáiste. Is fíor go n-eascraíonn an cinneadh sin as fonn go mbeadh a bpáiste ag Gaeilgeoireacht do chuid acu, ach ní féidir a shéanadh nach é seo bun agus barr an scéil nuair atá an Ghaelainn mar ábhar scrúdaithe, ach go háirithe na scrúdaithe sin ina n-ábhar suntais agus imní do neart tuistí agus daltaí. Tá an cuma ar an scéal nach mbíonn an Ghaelainn foghlamtha ar mhaithe léi féin, ach chun bua sa bhreis a fháil i rás na bpointí san Ardteist, ionas go bhfaighfear áit santaithe i gcúrsa ollscoile. Chomh maith leis sin, is dócha nach é seo an réiteach atá ag teastáil chun an ghearrchéim oideachais agus an ghearrchéim teangan a réiteach. 

Is minic a thugtar an fhírinne lom fé ndeara nach bhfuil mórramh na hÉireann in ann an Ghaelainn a labhairt, agus síntear méar i dtreo na bhfigiúirí a bhaineann leis na díolúintí mar chomhartha oilc don chóras ar fad. Tá réiteach O’Meara molta mar leigheas féideartha ar an mbealach a mhúintear an teanga. Dá mbainfeadh daltaí leas as suáilcí an tumoideachais agus iad sa Ghaeltacht, ní bheadh an t-éileamh céanna ag na díolúintí Gaelainne. Maítear go bhfuil an Ghaelainn mar theanga ró-dhúshlánach dos na daltaí siúd, ach is iomaí díolúine Gaelainne a bhronntar ar dhalta a bhfuil nuateanga Eorpach ar bun acu. Taispeánann sé seo nach bhfuil easpa cumais theangeolaíoch ag na daltaí siúd, mar a cheapfá ón ndíolúine a bronnadh orthu, ach go bhfuil géar-easpa tacaíochtaí dos na daltaí a bhíonn ag streachailt leis an nGaelainn, nó a tháinig go hÉirinn agus iad “ró-shean” chun tús a chur lena bhfoghlaim Gaelainne. 

ADVERTISEMENT

Dá thoradh sin, molann Conradh na Gaeilge go soláthrófar na tacaíochtaí cuí seo do dhaltaí ionas go mbeidís in ann dul chun cinn a dhéanamh leis an dteanga le taobh curaclam nuachumtha a chloífeadh le Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha a thabhairt isteach, mar atá ann cheana féin sna curaclaim nuatheangacha cosúil leis an bhFraincis nó leis an nGearmáinis. Chuirfí an curaclam nua seo in ionad díolúintí a bhronnadh go hiomarcach ar pháistí a bheadh ag streachailt leis an nGaelainn.

Ar ndóigh, neadaítear an chritic seo s’agamsa i gcáineadh níos forleithne mar gheall ar an gcóras oideachais sa tír seo. Faraor, tá sainfhadhbanna sna curaclaim Ghaelainne ina theannta sin. Ní leigheasfadh turais éigeantacha chuig an nGaeltacht na bunfhadhbanna atá ann i leith mhúinteoireacht na teangan, agus ní leigheasfar fadhb na ndíolúintí dá bharr ach an oiread. Théis an tsaoil, níltear ag moladh iachall a chur ar dhaltaí ag streachailt leis an bhFrainicis aghaidh a thabhairt ar an bhFrainc. Canathaobh ar cheart gurb amhlaidh a bheidh an scéal don Ghaelainn? 

Tá ceist níos mó agus níos práinní ná ceist áit an tumoideachais i dteagasc na Gaelainne i scoileanna lán-Bhéarla roimh an dteanga, áfach. Is í an fhírinne lom go bhfuil an Ghaeltacht ag meath, de bharr easpa infheistíochta de chuid Rialtas na hÉireann. Ba mhinic gur caitheadh, agus is minic go gcaitear, leis an nGaeltacht mar neamh fhoirfe an Ghaelachais mar a chleachtaí é fadó agus bíonn an rómánsúlacht seo ag cur dallamullóige ar lucht deartha na straitéisí Rialtais i leith na teangan. Tá Gaeltachtaí ann atá fíorlag sa lá atá inniu ann, gan an Ghaelainn le clos ach i dtithe áirithe na dteaghlach a labhraíonn go dícheallach fós í. Ní hionann é sin a rá agus a mhaíomh go bhfuil bás na teangan dosheachanta, áfach. 

Mar shampla, scríobh na sochtheangeolaithe Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin mar gheall ar an gceist seo. Cé go n-admhaíonn siad go bhfuil an fhadhb dáiríre, ní deireann siad go bhfuil an cath nó an cogadh caillte. Molann siad ina n-alt dar teideal ‘A Tolerable Decline for le Chic Gaélique’ i Village Magazine gur cheart an próiseas a chumann straitéisí teangan sa Ghaeltacht a dhaonlathú agus na húdaráis chuí (Údarás na Gaeltachta go háirithe) a chumasú chun na fadhbanna sa Ghaeltacht a réiteach, go háirithe mar a bhaineann siad leis an ngéarchéim tithíochta atá ag scriosadh na nGaeltachtaí. 

Más mian linn an teanga a thabhairt slán, caithfear tús áite a thabhairt dos na Gaeltachtaí ina bhfuil an teanga fós beo mar theanga phobail, seachas déantán oidhreachta d’fhoghlaimeoirí. Cé go bhfuil líon na bhfoghlaimeoirí níos mó ná líon na gcainteoirí dúchasacha, is sna pobail inar teanga laethúil an phobail í an Ghaelainn atá an ghéarchéim is práinní. 

Is minic, áfach, a chuirtear béim ar riachtanais na nGalltachtaí, agus léiríonn cur chuige an Rialtais maidir le laigí an chóras oideachais i leith na Gaelainne an meon seo go soiléir. Tá claonadh ann leas a bhaint as na Gaeltachtaí chun laigí an chórais a chlúdach, gan mórán aird a thabhairt ar staid shainiúil na teangan i gceantair Ghaeltachta, ná ar an réaltacht i scoileanna lán-Bhéarla. Tá fianaise láidir ann a léiríonn go bhfuil bealach eile ann a bhféadfadh sé a bheith níos éifeachtaí. Ach chun é a chur i bhfeidhm, tá gá le hathrú radacach meoin agus chur chuige ón Rialtas agus le fíortiomantas don Ghaeltacht agus don teanga féin.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.