Comment & Analysis
Nov 6, 2025

Bagairtí ó Dhílseoirí faoin nGaeilge – Cé Chomh Dáiríre is atá na Bagairtí Seo?

Vótáil Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ar son polasaí chun comharthaí dátheangach a chur i nGaeilge agus i mBéarla ar fud na cathrach, ach tá bagairtí foiréigneacha rompu.

Leo Ó NualláinAoiscríbhneoir
blank
via BBC

Ar an 1ú la de mhí Dheireadh Fomhair, chinn an Comhairle Cathrach Béal Feirste glacadh le polasaí nua, a n-athróidh cur chun cinn na cathrach do theangacha seachas an Bhéarla. Déanfaidh an polasaí seo iarracht dearcthaí a athrú sa chathair, deiseanna a thabhairt do phobail na dteangacha difriúla, agus éagsúlacht teangacha a chosaint. Déanfaidh sé an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na cathrach agus tacaíocht a thabhairt do phobal na nGaeilgeoirí i mBéal Feirste.

Beidh an polasaí nua ag déileáil leis an nGaeilge, an Ultais, le teanga comharthaíochta Bhriotánach agus Éireannach, agus le teangacha na mionlaigh eitneacha.

Is í an rud is conspóídí faoina haidhmeanna seo ná an plean chun níos má comharthaí dátheangacha a chur ar fud na cathrach, ag tosú leis an gceathrú Gaelach i mBéal Feirste. Tá soláthar sheirbhísí BBC sa cheathrú ar bharr an liosta. I ndiaidh sin, athrófaí comharthaí ar fud na cathrach.

ADVERTISEMENT

Tá fadhb mhór leis an bplean seo – tá na ceantair Aontachtacha ag bun an liosta do comharthaí nua. Gríosóidh sé seo an deighilt atá ann idir ceantair na nAontachtaithe agus na Náisiúnaithe

Ar an lámh eile, tá deacracht ag baint le seo. Níor mhaith le go leor Aontachtóirí comharthaí dátheangach a bheith ina gceantair. Cuireann Jamie Bryson, abhcóde agus gníomhaí Aontachtach, in iúl go “gcuirtear iad i bpobail nach bhfuil suim iontu ná fáilte rompu”, agus nárbh aon ionadh é nuair a bhaintear iad. Chomh maith leis sin, roinn sé alt ar X, scríofa ag iriseoir Aontachtach Ben Lowry, a mhaígh gur siombail sheicteach iad na comharthaí dátheangacha.

Eascríonn an barúil seo ón ndearbhú go gcuirfear comharthaí dátheangacha suas i gceantair ina bhfuil 15% den daonra ar a laghad i bhfabhar na Gaeilge ar na comharthaí, fiú mura mbeadh an chuid is mó den phobal sa cheantar ar aon intinn leis sin.

Ní hé seo iomlán na fírinne, áfach. Dar leis an bpolasaí, an plean ná chun comharthaí dátheangacha a chur in áiteanna ina a bhfuil tuiscint Ghaeilge ag 5-15% den bpobal. Is léir nach ndéanann an Chomhairle Cathrach tagairt orthu siúd “gur mhaith leo” na comharthaí dátheangacha, ach orthu siúd gur féidir í a thuiscint.

Úsáidtear sonraí ón ndaonáireamh chun an mhéid Gaeilgeoirí a fhiosrú. Tá níos mó ná leath de na ceantair i mBéal Feirste ag an gcaighdeán Ghaeilge luaite. Chun scrúdú a dhéanamh ar an gceist “ar mhaith leo” na comharthaí dátheangacha, deir Cumann na nGael, bunaithe ar shuirbhé a rinneadh ar na sráideanna a bhfuair comharthaí dátheangacha go dtí seo, nár cuireadh comhartha ar bith suas i sráid ina raibh an tromlach ina gcoinne. De réir an tsuirbhé céanna, léirigh 90% de chónaitheoirí na cathrach tacaíocht do chomharthaí dátheangacha. Foilsíodh na torthaí go forleathan sna nuachtáin.

In ainneoin seo, loiteann Aontachtaithe an Ghaeilge ar na comharthaí. Tugann Gaeilgeoirí “coireacht fuatha” ar na gníomhartha sin. Faraor, deir roinnt Aontachtaithe gurb é seo “an coir is intuarthaí ar domhan”. De bharr seo, tá an UVF tar éis bagairtí foréigneacha a dhéanamh, ag maíomh go ndófar aon fhoirgnimh de chuid na Comhairle Cathrach a bhfuil Gaeilge le feiceáil orthu. Freisin, tá agóidí tosnaithe i gcoinne úsáid na Gaeilge ar na comharthaí.

Tá sé soiléar gur mionlacht d’Aontachtaithe atá réidh chun foiréigin a úsáid chun stop a chur ar theacht na gcomtharthaí nua dá sráideanna. Ar bharr ar seo, feicimid go bhfuil tonn mór i bhfábhar na comharthaí dátheangacha. Mar fhocal scoir, cuireann an scéal seo ceisteanna tábhachtacha os ár gcomhair: an cheart stop a chur le comharthaí Gaeilge i gceantair Aontachtacha, nó an ceart don Chomhairle Cathrach leanúint ar aghaidh ag cur na gcomharthaí seo suas fiú má tá baol ann go scriosfar iad?

 

 

 

 

 

 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.