Tá sé curtha in iúl ag an rialtas go lorgóidh siad síneadh eile ar mhaolú ar an Treoir Níotráite ón Aontas Eorpach (AE), a mbaineann le húsáid leasúcháin níotráite i dtalmhaíocht. Cuireadh an treoir i bhfeidhm sa bhliain 1997 le caighdeán uisce a chosaint ó thruailiú níotráite, atá go mór bainte le ró-úsáid leasúcháin ar pháirceanna talmhaíochta. Faoi láthair, is é 170 kg an uasmhéid leasúcháin gur féidir a úsáid in aghaidh an heictéair, fud fad an AE, seachas go bhfuil maolú tar éis a bheith ag Éire, mar aon le cúpla tír eile, a ligeann dóibh níos mó ná an líon sin a úsáid, suas le 220 kg.
Tá sé fógartha le déanaí nach lorgóidh an Bheilg, an Ísiltír nó an Danmhairg síneadh ar na maolú atá acu ón dtreoir, rud a fhágann Éire mar an t-aon tír san AE a leanfaidh ar aghaidh leis an gcleachtadh seo ó 2026 ar aghaidh, má cheadaítear dóibh.
Ní rud beag í an laghdú seo don earnáil talmhaíochta in Éirinn. Baineann breis is 7,000 feirmeoir leas as an maolú, agus bíonn tionchar mór ag an méid ardaithe leasúcháin ar tháirgiúlacht na bhfeirmeacha seo. Is cothaigh riachtanach í nítrigin do phlandaí, a mbíonn gann go minic san ithir. De bharr sin, scaiptear leasúchán ina mbíonn méid mór nítrigin, go hiondúil sciodar ó na hainmhithe iad féin ach freisin leasúchán sintéiseach, chun buntáiste a thabhairt don fhéar. An fhadhb atá le seo ná nach n-ionsúann an féar an níotráit ar fad suas, agus go ritheann an chuid eile isteach in abhainneacha, agus uaidh sin chuig locha nó an fharraige. Is anseo a ndéanann sé fíor-damáiste, ag cur le bás beathra uisceach trí phróiséas darbh ainm eotrófú.
Dar le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (FAE), an eagraíocht is mó a bhíonn ag déanamh stocaireacht ar son feirmeoirí in Éirinn, is riachtanas é an maolú atá ag Éire ón dtreoir níotráite, a thugann deis do fheirmeoirí na hÉireann bheith iomaíoch sa mhargadh domhanda. Luann siad gur féidir méid leasúchán níos airde a úsáid in Éirinn mar gheall go bhfuil séasúr fáis fada againn. Cé go bhfuil seo fíor, tá sé fíor chomh maith do roinnt tíortha eile san Eoraip, nach bhfuil aon maolú acu ón dtreoir níotráite. Anuas ar sin, maíonn siad go bhfuil an maolú de dhíth uaidh feirmeoirí na hÉireann mar go dtugann sé deis chothrom dóibh i gcomparáid lena leithéidí sa Mhór-Roinn. Deir siad go bhfuil bac níos mó ar fheirmeoirí in Éirinn mar gheall ar phánna arda agus táillí leictreachais arda. Arís, ceapfá go mbeadh dúshláin cosúla roimh fheirmeoirí i roinnt tíortha cosúil. Luann siad freisin go bhfuil maolú tugtha do roinnt tíortha eile ó threoracha timpeallachta eile, cosúil leis an Treoir Lotnaidicíde.
Cáineadh eile a déantar ar an treoir níotráite ná nach bhfuil sonraí maith go leor acu le cinnte a dhéanamh maidir le cás cóir maolú a thabhairt. An príomhchúis atá le seo ná nach n-úsáidtear ach sampla de na abhainneacha is na lochanna a thástáil mar chuid den suirbhéacht a déantar le cloí leis an treoir, cé go bhfuil sonraí níos cruinne ar fáil ón Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Luaitear seo mar fheall déanta ag an AE nach ndéanann siad na sonraí is deise le cinnte a dhéanamh, ach i bhfírinne is é sainchumas an rialtas náisiúnta le n-a rogha sonraí a úprisáid, comh maith leis an suirbhé atá ordaithe ag an AE, leis an gcás is fearr le chuir le chéile maidir le úsáid an Treoir Níotráití.
Cé go bhfuil na trí príomh-pairtithe polaitiúla, comh maith leis an Roinn Talmhaíochta ar fad ar son síneadh a fháil ar an maolú, tá freasúracht dó tagtha ó roinnt foinsí. Tháinig an Teachta Dála Holly Cairns, atá ó chúlra feirmeoireachta, amach i gcoinne agus í ag labhairt le PA media. Dúirt sí, faoi shíneadh an Treoir Níotráite, go bhfuil an rialtas “ag tiomáint feirmeoirí i dtreo imeall aille”, is go mbeidh air críochnú ag pointe éigin. Tá roinnt feirmeoirí chomh maith tar éis míshástacht a léiriú leis an maolú, ag rá gur chéatadán beag den líon iomlán feirmeoirí a mbaineann leas as an maolú, ach go ndéanann sé damáiste don timpeallacht dúinn go léir.
Tá cúis maith le bheith ag tabhairt amach faoin maolú seo, leis an tionchar atá aige ar thimpeallacht na tíre. D’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil tuairisc le déanaí ar stát uiscí na hÉireann, agus léirítear ann an drochstaid ina bhfuil roinnt d’abhainneacha agus lochanna na tíre. Thaispeáin siad go bhfuil 50% d’abhainneacha na tíre i ndrochstaid i dtaobh truailliú ceimiceach, chomh maith le 31% de lochanna. Léirigh siad freisin go bhfuil an talmhaíocht mar an phríomhchúis le seo, le droch-éifeacht aige ar 1023 limistéir uisce, i gcomparáid le díreach 197 ó thruailliú uirbeach.
Agus é curtha in iúl ag rialtas na hÉireann go bhfuil siad ag lorg síneadh ar an maolú ón dTreoir Níotráite, tá sé suas don Coimisiún Eorpach anois cinneadh a dhéanamh an mbronnfar é nó nach mbronnfar. Ag breathnú siar ar na blianta roimhe, is dócha go mbronnfar, agus go mbeidh dhá nó ceithre mbliana eile de ró-úsáid leasúchán níotráite i gceist sa tír seo, leis na himpleachtaí ar fad don timpeallacht a mbaineann leis sin. Muna mbronnfar, bheadh ath-chóiriú mór i gceist do roinnt feirmeoirí sa tír, le himpleachtaí do mhéid an tréad náisiúnta, eacnamaíocht na tíre, agus tuarastáil na bhfeirmeoirí a bhain leas as an maolú cheana. Mar a bhí ráite ag an teachta dála Cairns, is gá go dtárlódh an athrú seo ag pointe éigin, agus b’fhéidir gur mithid dó tarlú anois, in ionad glacadh le tréimhse eile de ardú i dtruailliú agus titim i gcaighdéain uisce.