Comment & Analysis
Dec 13, 2025

An Comhshaol agus an tAntrapalárnachas i bhFilíocht na Gaelainne: An bhFuilimidne Á Mharú?

Pléann Pól Ó hÍomhair An Dúlra, An Litríocht, agus Caidreamh Idir Dhaoine agus A n-Imshaol

Pól Ó hÍomhairAoiscríbhneoir
blank

Is minic a chíortar an dúlra agus an nasc atá againn leis sa litríocht agus san fhilíocht. Agus imní fén athrú aeráide agus an éagóir timpeallachta ag teacht chun tosaigh le blianta anuas, is beag an t-iontas go bhfuiltear ag úsáid na litríochta agus na filíochta le himní an lae inniubh fén ndúlra agus an tionchar atá ag an gcine daonna air a phróiseáil. Ar ndóigh, ní féidir an timpeallacht a theascadh nó a scaradh go hiomlán ón gcine daonna ach an oiread. Mar sin, is iomaí dán nó scéal a shníomhann an t-eispéireas daonna le fiántas agus anord an dúlra, agus ní eisceacht í litríocht na Gaelainne. Cad atá san éicilitríocht Ghaelach, agus cad is féidir linn foghlaim uaithi?

Ina dán Éiceolaí, nochtann an file Biddy Jenkinson dearcadh na mná atá ag iarraidh uilechumhacht a fháilt ar an bpaiste beag le taobh a tí. Tá dearcadh smachtúil aici ar an saol i gcoitinne, ach is ag an ngáirdín s’aicise a bheireann sí a deimheas len é a chur féna cos. Taispeántar an dúlra mar fhórsa comhfhiosach aontaithe ag cur ina coinne, driseacha agus feochadáin á slógadh aige amhail is gur diúracáin i gcoinne chuspóirí na mná iad. Lárnaítear an caidreamh idir í agus an dúlra timpeall uirthi, agus feictear go soiléir antrapalárnachas a dearcaidh. Dar léi, is rud é an dúlra ba cheart a choimeád fé smacht, á ghearradh is á mhaisiú ar mhaithe le mianta agus pléisiúr aeistéitiúil na ndaoine daonna, gan tuiscint nó comhbhá don dúlra mar neach arb ann dó ar a shon fhéin. Is ar mhaithe leis fhéin a bhíonn an dúlra ag dordán, mar dhea, agus is mithid don bhean éirí as a hiarrachtaí neach docheansaithe a cheansú.

Ní hí Biddy Jenkinson an t-aon fhile Gaelainne a dhéanann trácht ar chursaí comhshaoil ina cuid filíochta. In 2023, d’fhoilsigh an file Laoighseach Ní Choistealbha a céad chnuasach filíochta Solas Geimhridh. Is cnuasach filíochta é a imscrúdaíonn ana-chuid téarmaí fairsinge, an cholainn, an ealaín, agus an fhéiniúlacht ina measc. Ina dán ón gcnuasach seo Bean Fíteplanctóin, taiscéalann sí an deighilt idir an daonnacht agus fiántas an dúlra. Agus an reacaire ag teacht ar an saol agus í ina neach neamhdhaonna ag fánaíocht ar a ceithre bhonn ar an dtrá, brúitear an daonnacht uirthi nuair a bhuaileann fálródaí fir léi agus í ag ithe portáin ón ngaineamh fhéin. Deineadh duine de chodanna iolracha a tháinig ó fhiántas na farraige, agus nochtadh di éilimh an choirp dhaonna agus í ag teacht in inmhe i sibhialtacht an fhir ar phós sí é. In aineoinn an tsaoil a mhúnlaíonn sí lena corp daonna nua agus a chuid éileamh atá bainte le gach cuid de, aithníonn sí mianaigh fhiáine sna páistí a rugadh di. Ní leasc léi tabairt fé ndéara go bhfuil fótaisintéis ar a toil acu, amhail í fhéin, agus go mbeidh an rogha acu glacadh leis an tsibhialtacht ar rugadh iad inti, nó aghaidh a thabhairt ar fhiántas na farraige ba dhúchas dá máthair.

ADVERTISEMENT

Tá dearcadh difriúil ag an ndán seo toisc go meascann sé an taithí dhaonna agus an comhshaol ar eascair sí uaidh. Murab ionann is Éiceolaí, taispeántar gné den dhaonnacht atá fite fuaite leis an ndúlra. Ní ann don idirdhealú a shamhlaítear idir an daonnacht agus agus fiántas, de bharr gur shíolraíomar uile ón bhfiántas sin i ndeireadh an lae. Tá mianaigh dhaonna sa dúlra, agus mianaigh an dúlra i ndaoine. Ar shlí éigint, is ionann iad, agus nochtar tuiscint gur scaradh saorga é seo, agus nach mbíonn daoine daonna agus an dúlra chomh éagsúil is a cheaptar. Ní amhlaidh go bhfuil síocháin fhoirfe idir an daonnacht agus an dúlra, tuigtear é sin ón ainnise a bhuailtear ar an aeráid agus muidne á truailliú gach aon lá, agus níl Ní Choistealbha idir chomhairlí é sin a chur in iúl ach an oiread.

Ina dara chnuasach filíochta Mainistir na Feola, a foilsíodh in 2025, léirítear an t-ár a fheictear nuair a scrúdaítear an caidreamh idir daoine agus an dúlra. Sa dán An Smólach Marbh, úsáideann Ní Choistealbha cás smólach marbh an teidil leis an mbás agus an meath sa dúlra a scrúdú. Beireann an reacaire corpán an smólaigh agus cuimlíonn sí é lena méaracha. Is léir gur bhásaigh sé go luath toisc go bhfuil an marbhán fós solúbtha agus go bhfuil cleití na n-eitleog fós comhtháite. In aineoinn sin, tá an t-éan fós marbh, agus tá an file ag iarraidh a suaimhneas fhéin a aimsiú leis an neamhbheocht atá os a comhair. B’fhéidir gurb amhlaidh atá gach macnamh a dhéanann daoine i dtaobh an t-athrú aeráide agus an tubaiste atá romhainn agus gníomhaíochtaí daonna ag creimeadh an chomhshaoil a mbraithimid uile air. Seans go dtuigimid an pháirt atá ag ár slí maireachtála san ollbhás atá ag teacht, idir scriosadh na ngnáthóg agus olldhíláithriú a dhéanfar ar dhaonraí leochaileacha an domhain. Ach fós, in aineoinn na dtubaistí sin, b’fhéidir nach féidir linn ach breathnú orainn fhéin agus ár gcuid smaointe a chur in ord, ar nós Laoighseach Ní Choistealbha ag cumadh dáin fé bhás an smólaigh bhig.

 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.