I Mí Dheireadh Fomhair na bliana seo, tháinig sé chun solais go raibh fiosrúcháin tosnaithe ag cúisitheoir cathair Milan maidir le ráitisí a raibh curtha i leith ag an iriseoir Ezio Gavazzeni. Maíonn Gavezzeni go raibh baint ag saoránaigh de chuid na hIodáile le heachtraí uafásacha foréigneacha a tharla i mBoisnia sna 1990idí. Cuireann sé i leith gur íoc Iodálaigh agus daoine eile méideanna móra airgid chun urchair a scaoileadh ar shaoránaigh neamhchiontacha le linn an chogaidh i mBoisnia sa tréimse seo. I measc rudaí eile, glaoitear “seilg daonna” agus “turasóireacht snipéire” ar atá curtha síos ag Gavazzeni.
I lár an aonaigh sa scannal seo ná Uachtarán na Seirbia, Aleksandar Vučić. Tá sé maíte ag an iriseoir Domagoj Margetić, sa chás atá curtha os comhair údaráis na hIodála, go bhfuil fianaise ann go raibh Vučić i láthair ag ceann de na suíomhanna míleata ónar maraíodh mórán saoránaigh neamhchiontacha gar le Sarajevo. Tá na scéalta seo séanta le fada ag an Uachtarán, a mhínigh i ráiteas leis an Guardian go raibh sé sa tír ar mhaithe le hobair iriseoireachta agus gan baint aige le cursaí míleata.
Tá scéalta cosúil le seo mar chuid de scannal níos leithne a raibh go mór i mbéal an phobail i 2022, nuair a eisíodh scannán fáisnéise darbh teideal “Sarajevo Safari”. Bunaíodh ábhar an scannáin ar eolas faighte ó fhinnéithe aitiúla. Tugtar radharc ar “thurasóireacht cogaidh” a bhí faoi lán seoil le linn léigear chathair Sarajevo idir 1992 agus 1996, tréimhse inar maríodh níos mó na 10,000 duine sa chathair de bhuamíocht agus scaoilte urchair.
Deirtear sa scannán gur shuíomhanna de chuid Airm an Republika Srpska (VRS), ar ardáin ó chathair Sarajevo, a úsáideadh mar láthair na n-eachtraí uafásacha seo. I measc na n-uafás a gcuirtear i leith sa scannán, tá sé maíte go raibh liosta ann le táillí éagsúla chun fir, mná, nó leanaí a scaoileadh. Diúltaíonn an Republika Srpska, atá anois mar chuid den Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an méid atá maíte sa scannán – ag rá nárbh ach éithigh agus bolscaireacht atá iontu.
Mar thoradh ar an scannán, d’oscail cúisitheoirí i mBoisnia cás i Mí Dheireadh Fomhair 2022 ag fiosrú ar a tharla sa tréimhse sin. Trí bhliana níos déanaí, áfach, agus níl tásc ná tuairisc ar thorthaí na bhfiosrúcháin seo.
Idir an dá linn, tá Gavazzeni tar éis a mhór-fhiosrúcháin fhéin a reachtáil. I measc na fianaise atá bailithe aige, tá teistiméireacht ó oifigeach faisnéise mileata Bosniach, atá á fhiosrú ag údaráis na hIodála. Dar leis an bhfianaise seo, chuala an t-oifigeach trácht ar na ‘safari’ seo don chéad uair in 1993, agus gur fuaireadh amach go mbíodh ‘turasóirí’ saibhre ag taistil ó Trieste, i dtuaisceart na hIodála, go dtí na cnoic os cionn Sarajevo.
Labhair an BBC le baill de fhorsaí na Breataine a chaith seal i Sarajevo sna 1990idí nár fhaca aon fhianaise den “Sarajevo Safari”. Dúradar, ach go háirithe, gur rud an-deacair a mbeadh ann chun daoine a ghlacadh isteach ó thíortha eile, toisc go raibh seicphointí flúirseacha máguaird ag an am. In ainneoin seo, afách, mhaígh John Jordan, muirshaighdiúir de chuid na Stát Aontaithe, os comhair na Háige gur fhaca sé ar chorruair daoine de chuma ‘turasóra snípéire’ sa tír.
Níl réiteach go fóill ar an gcaibidil pianmhar seo i stair na mBoisnia, mar atá léirithe ag fiosrúcháin an lae inniu. Beidh le feiceáil sna míonna agus blianta atá romhainn an dtiocfaidh fírinne an scéil chun solais le teacht na bhfiosrúcháin nua agus na hairde a dtiocfaidh leo.