Bhí chuid mhór de dhíospóireachtaí na seachtaine seo caite d’fhothoghcháin an Seanaid dírithe ar an athrú aeráide: bhí sé luaite mar tosaíocht ag tuairim is leathchuid de na hiarrthóirí. Is athrú mór é seo ó fhothoghcháin na Dála agus an Seanaid sna blianta seo caite. Taobh amuigh den “tonn glas” sa bhliain 2019 inar fhill 49 iarrthóirí ar an gcomhairle áitiúil, is annamh a bhíonn tús áite ag gníomhú aeráide i dtoghcháin na hÉireann.
Ach tá ciall lena riabh ráite Déardaoin: is foinse reachtaíochta forásach a bhí sa Seanad sa stair – obair David Norris chun homaighnéasacht a dhíchoiriú, mar shampla. Cinnte tá fadhbanna le struchtúr an Seanaid – na painéil ollscoile mar shampla – ach le leasuithe i bhfad uainn, ba cheart d’iarrthóirí don Seanad a gcumas a úsáid ar son an chirt.
Toisc nach féidir leis an Seanad tús a chur le billí airgeadais, bíonn Seanadóirí dírithe go nádúrtha ar athruithe sóisialta agus ar chúrsaí cultúir. Nuair atá sé ag feidhmiú mar is ceart, bíonn an Seanad dírithe ar athruithe dearfacha sa tsochaí seachas ar mhionpholaitíocht an lae. Agus níl dabht ach go bhfuil an athrú aeráide ar an dúshlán sóisialta is mó ann.
Séard a fheicimid anois ná gluaisteacht ar son reachtaíochta sa Teach Uachtarach a thugann an comhshaol chun cinn. Agus má gheallann an méid sin iarrthóirí gníomhú aeráide, is léir go gceapann siad go mbeidh vótaí acu dá bharr. Beidh ar an iarrthóir a fhaigheann an suíochán an t-ardán sin a úsáid – fiú más ardán beag atá ann – an t-athrú aeráide a chur i lár an aonaigh.
Níl hé an t-athrú aeráide an t-aon fhadhb amháin s’againne – idir an phaindéim agus an cogadh san Úcráin, táimid imithe i dtaithí le fadhbanna aonaracha a bheith sna ceannteidil seachtain i ndiaidh seachtaine. Ach cé nach bhfuil tionchar an athruithe aeráide i bhfad uainn anois, is léir nach bhfuil an tosaíocht céanna aige i dTeach Laighean.
Tá ollscoileanna á gcur i lár na troda in aghaidh an athraithe aeráide. Ba cheart dóibh siúd atá ar phainéil ollscoile sa Seanad a dhéanamh mar an gcéanna.