Nuair a chuir an Propast Patrick Prendergast a chéad plean straitéiseach le chéile i 2014, ábhar suntais a bhí ina mhianta móra idirnáisiúnaithe.
Ba é a sprioc is claochlaithí ná cur le líon na mac léinn cláraithe ó thaobh amuigh den AE ó 7.8 faoin gcéad i 2012 go dtí 18 faoin gcéad i 2019.
Le deich bliana anuas, tá trí straitéis chaidreamh idirnáisiúnta i ndiaidh a chéile ag an Choláiste, chomh maith le foireann lán d’oibrithe, tiomanta don mhisean seo – ag earcú tuilleadh mic léinn idirnáisiúnta, ag éascú malartaithe agus ag nascadh le hollscoileanna eile.
Tagann scéal na seachtaine seo go bhfuil an Tríonóid chun a comhpháirtíocht le Columbia University a leathnú amach go dtí ábhair ealaíona eile mar thoradh ar na hiarrachtaí seo. Faoin chlár measúil seo, caithfidh mic léinn dhá bhliain ar an Tríonóid agus dhá bhliain ar Columbia i Nua-Eabhrac, a chuireann go mór leis an tóir atá air i gcomparáid le cúrsaí eile.
Cé go bhfuil nascanna eile dá leithéid bunaithe ag an Choláiste – agus é ar intinn aige cur leo – níl ceann ar bith acu théis gradam na comhpháirtíochta seo a bhaint amach. Agus, chun cur lena ghradam féin mar institiúid, b’fhiú go mór don Choláiste inspioráid agus ceachtanna a ghlacadh ó ollscoil den chéad scoth mar seo.
Tá an straitéis seo á múnlú leis na blianta, ach tá mic léinn anois ag feiceáil na mbuntáistí atá le meon idirnáisiúnta na Tríonóide mar is ceart, agus torthaí na n-iarrachtaí seo ag teacht chun críche faoi dheireadh.
Níl formhór na mac léinn, áfach, i bhfách le hiarrachtaí idirnáisiúnta na Tríonóide: agus an ollscoil faoi róbhrú agus gan na hacmhainní cuí aici, cúis frustrachais do chuid daoine atá i meon seachtrach an Choláiste in ionad béim a chur ar na fadhbanna atá le réitiú taobh istigh dá bhallaí féin. Agus ar ndóigh, tá fadhbanna leis an dóigh ina chaitheann an Tríonóid lena mhic léinn idirnáisiúnta – tagann gearradh táillí iomarcacha agus breathnú ar mhic léinn neamh-AE mar acmhainn salach ar na luachanna cuimsithe agus rochtana atá in ainm a bheith ag an Choláiste.
In ainneoin na n-imní seo, is deacair neamhaird a thabhairt ar na buntáistí atá le comhpháirtíocht dá leithéid seo a leathnú, rud a spreagfaidh an Coláiste chun oideachas ardchaighdeáin a chinntiú in ábhair – ar nós scannánaíocht agus stair na healaíne – nach dtarraingníonn mórán airde de ghnáth.
Agus, do Phrendergast, dearbhaíonn comhpháirtíocht rathúil le Columbia a aisling féin go mbeidh Coláiste na Tríonóide mar “ollscoil a bhfuil níos mó tábhacht domhanda aici”.